An tAire Comhshaoil sásta oibriú le Re-turn chun seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil

Tá gearáin déanta ag daoine gur i mBéarla amháin atá an scéim nua athchúrsála á cur i bhfeidhm agus nach bhfuil na treoracha ar na meaisíní ná an fhógraíocht don scéim i nGaeilge

An tAire Comhshaoil sásta oibriú le Re-turn chun seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil

Deir an tAire Comhshaoil agus Aeráide Eamon Ryan go bhfuil a roinn sásta oibriú leis an gcomhlacht Re-turn chun feiceálacht na Gaeilge a fheabhsú sa scéim aisíoca éarlaise nua, Re-turn.

Tháinig an Scéim Éarlais agus Tabhair Ar Ais, atá á reáchtáil ag an gcomhlacht Re-turn, i bhfeidhm i mí Feabhra na bliana seo. Faoin scéim gearrtar éarlais in-aisíoctha ar bhuidéil phlaisteacha agus ar channaí in iarracht daoine a spreagadh chun tuilleadh athchúrsála a dhéanamh.

Faoin scéim, bíonn éarlais 15 cent le híoc ar channaí agus buidéil ina bhfuil 500ml nó níos lú agus bíonn éarlais 25 cent ar choimeádáin ina bhfuil níos mó ná 500ml. Faightear an t-airgead ar ais má ghlacann meaisín Re-turn leis na coimeádáin chuí.

Tá gearáin déanta gur i mBéarla amháin atá an scéim á cur i bhfeidhm, áfach, agus nach bhfuil na treoracha ar na meaisíní aisíoctha ná an fhógraíocht don scéim i nGaeilge.

Dúirt an tAire Eamon Ryan nach bhfuil aon dualgas ar an gcomhlacht atá i mbun na scéime maidir le cúrsaí teanga mar nach dtagann sé faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dheimhnigh Re-turn do Tuairisc nach dtagann an comhlacht faoi scáth an achta ach go bhfuiltear tar éis aistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar an treoir do thomhaltóirí chomh maith le haistriúchán i sé theanga eile.

Dúirt Re-turn sé le fios gur ceist don mhiondíoltóir a cheannaigh an meaisín aisíoctha an rogha teanga a shocrú.

Mar fhreagra ar cheist Dála de chuid an Teachta Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, dúirt an tAire Eamon Ryan go raibh sé féin agus a roinn sásta oibriú leis an gcomhlacht Re-turn “chun infhaighteacht agus infheictheacht na Gaeilge a fheabhsú i ngach gné den Scéim amach anseo”..

Ón 1 Feabhra 2024 tá meaisíní a feistíodh ag siopaí agus ollmhargaí na hÉireann á n-úsáid le hairgead a fháil ar ais ar bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim.

Tá beagnach 3,600 díoltóir cláraithe leis an gcomhlacht agus beidh 5,300 láthair mhiondíola ag glacadh páirt sa scéim.

Níl focal Gaeilge le feiceáil ar na meaisíní nua a cuireadh in áit leis na buidéil agus na cannaí a thógáil ar ais ó na custaiméirí agus níl aon rogha Ghaeilge ar na scáileáin ach an oiread.

Ós comhlacht príobháideach é Re-turn ní thagann sé faoi dhlínse Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar sin, níl aon dualgas reachtúil ar an gcomhlacht an tseirbhís, ábhar poiblíochta, ná eolas a chur ar fáil i nGaeilge ná go dátheangach.

Meastar go n-úsáideann muintir na hÉireann thart ar 1.9 billiún buidéal agus canna dí gach bliain.

Fág freagra ar 'An tAire Comhshaoil sásta oibriú le Re-turn chun seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil'

  • An Sléibhteoir

    Nach féidir leis an Aire comhlacht a aithint mar chomhlacht stáit chun críche an Achta?

  • Proinsias Breathnach

    Athsmaoineamh eile. Neascóid thochasach eile ar thóineacha Ghaeil.

  • An Sléibhteoir

    Seo sliocht as Acht na dTeangacha Oifigiúla, nach léir ó méid thíos gur faoin Aire atá sé Re-Turn a ainmniú mar chomhlacht stáit, agus na dualgais teangan a leagan orthu?

    Sceideal 1: Comhlachtaí Stáit

    (5) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí
    ……
    (c) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a chomhlíonann feidhmeanna a bhí dílsithe le dlí roimhe sin do chomhlacht, eagraíocht nó grúpa faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí, nó

    (d) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha nó ceadaithe dó nó di le haon achtachán nó le haon cheadúnas nó údarás arna thabhairt faoi aon achtachán.