An Chomhairle Múinteoireachta ‘meáite’ ar chlárú i nGaeilge a chur ar fáil – An tAire Oideachais

Trí bliana ó shin a sheol an Chomhairle Múinteoireachta tairseach chlárúcháin agus athnuachana i mBéarla, seirbhís nach bhfuil ar fáil go hiomlán i nGaeilge go fóill

An Chomhairle Múinteoireachta ‘meáite’ ar chlárú i nGaeilge a chur ar fáil – An tAire Oideachais

Deir an tAire Oideachais go mbeidh daoine in ann clárú go hiomlán i nGaeilge leis an Chomhairle Múinteoireachta “go luath”.

Trí bliana ó shin a sheol an Chomhairle tairseach chlárúcháin agus athnuachana i mBéarla, seirbhís nach bhfuil ar fáil go hiomlán i nGaeilge go fóill.

I bhfreagra ar cheist Dála, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley, gur “ardtosaíocht” ag an Chomhairle an tairseach Ghaeilge a bheith ar fáil “go hiomlán trí Ghaeilge”.

“Tá sé ina ardtosaíocht i gcónaí ag an Chomhairle Múinteoireachta an leagan Gaeilge den tairseach Mo Chlárúchán a chur i bhfeidhm go hiomlán agus tá sé dearbhaithe dom go bhfuil sí meáite an tairseach ar líne a bheith ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge a luaithe agus is féidir.”

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty agus an Teachta Dála neamhspleách Thomas Pringle a d’ardaigh an cheist faoi sheirbhísí clárúcháin ar líne a bheith ar fáil do chainteoirí Gaeilge, mar atá ag cainteoirí Béarla.

Tá aird ar an cheist arís mar gheall ar fheachtas atá á reáchtáil ag an Athair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair agus múinteoir, atá ag éileamh le roinnt blianta go gcuirfeadh an Chomhairle seirbhísí clárúcháin i nGaeilge ar fáil.

Rinne Ó Fearraigh gearán le Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Michelle Keane, a dúirt nach raibh aon neart acu ar an fhadhb maidir le réimsí den tairseach Ghaeilge a bheith ar taispeáint i mBéarla.

Deir Ó Fearraigh go bhfuil cainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh clárú leis an stát i nGaeilge, “thíos leis” agus iad “fágtha ar an trá fholamh ag An Chomhairle Múinteoireachta maidir le cearta teanga de”.

Is gá do gach múinteoir sa stát clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta agus athnuachan a dhéanamh ar a gcuid sonraí gach bliain le go gcoinneofar ar chlár na múinteoirí iad.

Níl aon ‘neart’ ag an Chomhairle Múinteoireachta ar na deacrachtaí a bhíonn ag múinteoirí clárú leo i nGaeilge 

Nuair a tháinig córas clárúchán digiteach na Comhairle Múinteoireachta i bhfeidhm ag tús na bliana acadúla 2021, dhiúltaigh Ó Fearraigh athnuachan a dhéanamh ar a chuid sonraí toisc nach raibh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge.

Mar thoradh air sin, fuair sé litir ón Chomhairle Múinteoireachta ag rá nach bhféadfaí a thuarastal a íoc mura mbeadh sé cláraithe leis an Chomhairle agus nach bhféadfadh sé leanstan air ag teagasc mar mhúinteoir neamhchláraithe. Moladh sa litir d’Ó Fearraigh clárú ar an tairseach ar líne, rud nach raibh sé sásta a dhéanamh i mBéarla.

Sa deireadh, chuir an Chomhairle cóip chrua den fhoirm Ghaeilge chuige le líonadh, socrú nach raibh ar dhóigh ar bith sásúil don Athair Ó Fearraigh, a bhí ag lorg “na seirbhísí céanna” i nGaeilge ar líne is a bhí ar fáil i mBéarla.

I ráiteas a chuir an Chomhairle Múinteoireachta ar fáil do Tuairisc, dúradh go bhfuil siad “tiomanta” don tairseach ar líne a bheith ar fáil go hiomlán i nGaeilge chomh luath agus is féidir.

“Níl ach líon an-bheag réimsí den phróiseas athnuachana ar an tairseach nach bhfuil ar fáil go hiomlán i nGaeilge atá ar taispeáint i mBéarla faoi láthair. Mar sin féin, táimid ag obair go gníomhach lenár soláthróir tríú páirtí chun é seo a chur ina cheart chomh luath agus is féidir,” a dúirt urlabhraí na Comhairle.

Idir an dá linn d’fhéadfadh daoine ar mian leo clárú go hiomlán i nGaeilge dul i dteagmháil leis an Chomhairle ar an bhfón nó cóip chrua den fhoirm a líonadh, a dúirt urlabhraí na Comhairle Múinteoireachta.

Fág freagra ar 'An Chomhairle Múinteoireachta ‘meáite’ ar chlárú i nGaeilge a chur ar fáil – An tAire Oideachais'

  • Tomás Ó N

    Teaching Council, iad breá sásta glacadh le pinginí mhúinteoirí Gaeltachta agus gan pioc seirbhísí oideachais á chur ar fáil acu.

  • Proinsias Breathnach

    Agus polaiteoirí choimeádacha na tíre ag ligint urthu go bhfuil siad ag súil le 250,000 Gaeilgeoir lánaimseartha faoi 2030 caitear le teanga na tíre agus lucht a labhartha mar “afterthought” .
    Mar shampla bhronn an Roinn Oideachais polasaí oideachas don Ghaeltacht orainn ach é 40 bhlian ródheireanach!