‘You can’t speak that in my delivery room, and I’m not being racist, I say it to the Muslims too’ – scéalta á roinnt go tiubh faoi #nílsécgl

Tá lucht na teanga ar líne ag baint an-sult as haischlib nua ar Twitter agus a scéalta féin faoina dtaithí mar Ghaeilgeoirí á roinnt freisin acu

‘You can’t speak that in my delivery room, and I’m not being racist, I say it to the Muslims too’ – scéalta á roinnt go tiubh faoi #nílsécgl

Ciara Ní É, an scríbhneoir óg a chuir tús leis an haischlib #nílsécgl

Tá an-tóir ar líne ar #nílsécgl – níl sé ceart go leor – haischlib nua ar Twitter a bhunaigh Ciara Ní É chun aird a tharraingt ar mhíthuiscintí agus ar chlaontachtaí coitianta faoin nGaeilge agus faoi lucht a labhartha.

Mhínigh an file óg agus bunaitheoir REIC níos luaithe inniu an fáth go raibh an haischlib á tosú aici agus an cur chuige a bhain léi.

Is léir go bhfuil an haischlib imithe i bhfeidhm go mór ar lucht na teanga ar líne agus iad ag baint an-sult aisti agus á húsáid chomh maith chun a scéalta féin faoin a dtaithí mar Ghaeilgeoirí a roinnt.

Dúirt Ciara Ní É féin go raibh sí an-sásta leis an tóir a bhí ar #nílsécgl.

Bhí an oiread tóir ar #nílséclg ar feadh tamaill inniu go raibh sé i measc na n-ábhar a bhí ag treochtáil ar Twitter in Éirinn.

Fág freagra ar '‘You can’t speak that in my delivery room, and I’m not being racist, I say it to the Muslims too’ – scéalta á roinnt go tiubh faoi #nílsécgl'

  • Chris

    I think French is a mickey mouse language. They have to make up words like ‘le weekend’ and ‘le hot jazz’. Sure ’tis not a real language at all.

  • J Walsh

    Shure I’d learn Spanish at the drop of a hat but there are too many dialects…….

  • Ruaidhrí Mac Bláin

    The English language sounds mushy, largely due to to assimilation, elison and epenthesis
    plus its dipthongs and non-rhoticisms.