‘Who do they think they are?’ – teaictic chontúirteach an DUP

An chun aimhleas an DUP é a bheith ag cuimilt meala le dream an Bhreatimeachta chrua a thréigfeadh iad ar iompú boise?

‘Who do they think they are?’ – teaictic chontúirteach an DUP

Arlene Foster le Theresa May. Pictiúr: Tom Evans/MOD Crown Copyright 2016 ©

Bagairt ar Phríomh-Aire na Breataine. Uirísliú Theresa May os comhair na cruinne. Cuimilt meala le dream an Bhreatimeachta chrua a thréigfeadh iad ar iompú boise. Loscadh sléibhe nó féinleas? Cén deasca a bhainfear astu amach anseo, as buaileam sciath na haimsire seo?

Luigh sé le réasún ón tús go dtiocfadh an lá nuair nárbh ionann leas an DUP agus leas na dTóraithe nó leas Theresa May go sonrach. Ní nós leis an DUP a leithéid de chaidreamh a bhainistiú go mánla. Má thug an páirtí droim láimhe riamh leis an ‘No, Never, No’ tá siad tar éis filleadh go fonnmhar ar a ndúchas. Cuireann a neamhghéilliúlacht a seasamh leis na Caomhaigh i mbaol ar ndóigh ach cuireann sé nimh sa bhreis sa chorcán abhus.

Oíche Dé Luain bhagair leascheannaire an DUP, Nigel Dodds, go gcuirfeadh a pháirtí bac ar chlár oibre an rialtais má chuirtear stádas Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe i mbaol. Chuirfeadh siad laincis ar reachtaíocht um ghnóthaí baile, an córas leasa shóisialaigh agus cúrsaí airgeadais san áireamh. Tháinig sé sin sa mhullach ar an rabhadh a bhí tugtha cheana féin nach dtabharfadh an DUP tacaíocht don bhuiséad- cuid lárnach den mhargadh soláthair agus muiníne leis na Tóraithe.

Ba é an splanc a ghríos Dodds chun treisiú ar an mbagairt faoin mbuiséad an freagra a thug Theresa May ar a cheisteanna sa Pharlaimint in Westminster Dé Luain. Gheall sí, mar is dual di, nach nglacfadh sí le socrú ar bith a dhéanfadh deighilt idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór. Ach níos deireanaí ina freagra dúirt sí go mbeadh gnólachtaí abhus in ann an dá thrá a fhreastal faoin gcúlstad mar go bhféadfaidís easpórtáil chun na Breataine agus go dtí an tAontas Eorpach.

Ní freastal ar an dá thrá a bheadh ann, dar leis an DUP. I mBaile Átha Cliath a bhí Arlene Foster oíche Dé Luain ag rá gur Breatmeacht ‘ciallmhar’ a theastaíonn uathu, fad is a bhí Nigel Dodds ar an BBC ag bagairt. Ní mór a rá nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil Foster blas níos measartha ná Dodds, í ag caint ar ‘línte cródhearga’ agus ar ‘shotal agus naimhdeas Michel Barnier’ ach is iad na feisirí Parlaiminte atá ag glaoch an phoirt.

Maítear go bhfuil ceistiú ar siúl ins an DUP faoi cheannaireacht Foster i bhfianaise an RHI agus teip Stormont. Tuairiscíodh sa pháipéar aontachtach The Newsletter go raibh guagacht i measc na gcomhairleoirí a bheidh ag seasamh i dtoghchán an bhliain seo chugainn ach gur thug Arlene Foster aghaidh ar lucht a cáinte ag cruinniú, í ag fógairt nach raibh sí ag imeacht.

Tá fiosrú an RHI ag druidim chun deiridh agus beifear ag súil le tuairisc uaidh san Earrach. Idir sin agus iompar an DUP in Westminster, ag brú leagan amach i leith an Bhreatimeachta a thagann salach ar vótaí an phobail abhus, tá fuascailt ar an tsáinn i Stormont i bhfad uainn. Tá an-chuid den phobal, den 56% a vótáil in aghaidh an tAontas Eorpach a fhágáil fíorbhuartha faoin mBreatimeacht gan mhargadh, iad cinnte gur tubaiste a bheadh ann.

Díol suntais is ea a laghad atá á rá go poiblí ag lucht gnó a thacaigh leis an DUP. Tá dornán beag a labhraíonn amach faoi chomh breá is a bheadh sé a bheith in ann easpórtáil go dtí an Chéinia nó an Nua-Shéalainn, ach go ginearálta tá a bhformhór ina dtost. Tá Cumann na dTionsclóirí a bhí i bhfabhar fanacht san AE ag tabhairt foláirimh faoin mbaol a bhainfeadh le himeacht gan socrú maith, ach tá an DUP ar a ndícheall ag iarraidh conspóid bhunreachtúil a dhéanamh den cheist.

Meastar gur teaictic pholaitiúil í sin a bheadh mar sciath chosanta acu in aghaidh ionsaithe gur thacaigh siad le scéim a dhéanfadh dochar don phobal abhus. Áitíonn siad go bhfaighidh an cheist bhunreachtúil, fanacht sa Ríocht Aontaithe, tosaíocht ar gach rud eile. Seans go bhfuil an ceart acu fad is a bhaineann sé le cúrsaí sa bhaile. De réir taighde a foilsíodh le déanaí thabharfadh vótóirí ar son an Bhreatimeachta tosaíocht d’imeacht as an AE ar phróiseas na síochána. Ach ní foláir nó gur údar imní don DUP gur nocht an taighde céanna go raibh imeacht as an AE níos tábhachtaí ná sláine na Ríochta Aontaithe i súile vótóirí an Bhreatimeachta i measc na dTóraithe i Sasana.

Ní údar uchtaigh dóibh é sin is iad ag bagairt ar Theresa May. Ní theastaíonn uathu aon cheo a dhéanamh a tharraingeodh toghchán, a dúirt Nigel Dodds, a bhí meáite de nach mbeadh Jeremy Corbyn inghlactha mar Phríomh-Aire. Cén toradh atá ar intinn acu mura dteastaíonn toghchán uathu? Theresa May a chur dá cois agus ceannaire nua as measc a gcairde a fháil? Tá Davis, Johnson agus Rees Mogg breá sásta úsáid a bhaint astu sa ngearrthéarma ach tá an chuid eile den pháirtí deighilte sin feargach agus corraithe faoina n-iompar. Ní hí an feisire Anna Soubry an t-aon bhall atá ag rá ‘Who do they think they are?’.

Fág freagra ar '‘Who do they think they are?’ – teaictic chontúirteach an DUP'

  • Bart

    Arlene Foster, Nigel Dodds srl, carachtair a bhféadfadh Dante tarraingt astu ina ‘Inferno’.