Vóta le reáchtáil maidir le hoifigeach Gaeilge in aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh a íoc

Bheadh pá ag dul leis an bpost mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge i gComhaltas na Mac Léinn san ollscoil

Vóta le reáchtáil maidir le hoifigeach Gaeilge in aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh a íoc

Caithfidh mic léinn in OÉ Gaillimh vóta an tseachtain seo chugainn maidir le post d’oifigeach Gaeilge a mbeadh pá ag dul leis a chruthú i gComhaltas na Mac Léinn san ollscoil.

Reáchtálfar toghcháin Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh Déardaoin seo chugainn, an 3 Márta, chun Uachtarán agus Leas-Uachtaráin nua a thoghadh ach beidh mic léinn in ann vóta a chaitheamh freisin maidir le ról nua d’oifigeach Gaeilge.

Tá feachtas ar bun chun post mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge a chruthú i gComhaltas na Mac Léinn. Post lánaimseartha a bheadh i gceist agus pá ag dul leis.

Faoi láthair, postanna lánaimseartha iad cinn an Uachtaráin, agus an bheirt Leas-Uachtarán, cúrsaí oideachais mar chúram ar dhuine acu agus an duine eile freagrach as cúrsaí leasa agus comhionannais. 

I measc na gcúraimí a bheadh ar Leas-Uachtarán nua don Ghaeilge, bheadh cur chun cinn na teanga i measc mhic léinn na hollscoile, cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste Gaeilge, agus tuarascáil faoin obair atá ar bun a ullmhú do chruinniú feidhmeannais Chomhaltas na Mac Léinn.

In 2017 a vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn ar son post lánaimseartha ar phá a dhéanamh den oifigeach Gaeilge.

In alt i nuachtán na hollscoile, Sin, dúirt Oifigeach Gaeilge reatha an Chomhaltais go bhfuil tábhacht ar leith leis an nGaeilge san ollscoil agus i gcathair na Gaillimhe ach go bhfuil deis ann an teanga a chur chun cinn tuilleadh.

Dúirt Eimear Nig Oireachtaigh, a chaith seal ag staidéar in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, gur “post lánaimseartha atá [sa ról atá aici] atá á dhéanamh ar bhonn páirtaimseartha”.

Dúirt Nig Oireachtaigh go dtiocfadh an t-airgead le híoc as an gcúram ón mbuiséad atá curtha ar leataobh cheana féin don Ghaeilge sa Chomhaltas agus nach mbeadh tionchar aige ar aon mhaoiniú eile.

Má éiríonn leis an rún an tseachtain seo chugainn, bheadh toghchán eile ann roimh dheireadh an tseimeastair chun Leas-Uachtarán don Ghaeilge a thoghadh den chéad uair.

Fág freagra ar 'Vóta le reáchtáil maidir le hoifigeach Gaeilge in aontas na mac léinn in OÉ Gaillimh a íoc'