Vincent O’Brien – sárthraenálaí a linne

Ní haon iontas gur fhógair an nuachtán The Racing Post gur Vincent O’Brien a bhí ar cheann na hiomaíochta nuair a d’iarr siad ar a gcuid léitheoirí sárthraenálaí an 20ú haois a ainmniú

Vincent O’Brien – sárthraenálaí a linne

Bhí beagán de thréithe Charlemagne agus Genghis Khan ag baint leis an gcaoi ar leag Willie Mullins amach an feachtas a d’fhág go mba é a thug leis Craobh Thraenálaithe Léimrásaíochta na Breataine. Rinne sé pleanáil chomh mion sin gur fiú filleadh ar an scéal lá eile, rud atá i gceist agam a dhéanamh.

Sula dtagann sin sílim gur fiú súil a chaitheamh ar an scéal a bhaineann leis an traenálaí deireanach de chuid na tíre seo a rinne amhlaidh go deireadh 70 bliain ó shin – (Michael) Vincent O’ Brien.

Ní haon iontas gur fhógair an nuachtán The Racing Post go mba eisean a bhí ar cheann na hiomaíochta nuair a d’iarr siad ar a gcuid léitheoirí sárthraenálaí an 20ú haois a ainmniú.

Tharlódh fós má chaitheann an Maolánach an t-achar a fuair an Brianach i mbun traenála (50 bliain) go dtuillfidh seisean an stádas céanna ach ní móide é.

Is é an fáth a ndeirim sin gur thug an Racing Post faoi chuardach eile ag an am – a mhacasamhail a ainmniú díobh siúd a bhí ag plé leis na capaill a ritheann ar an talamh réidh.

Arís ba é Vincent O’ Brien a thug an svae leis.

Sa gcomórtas sin chuir an pobal san áireamh go mba iad na capaill a bhí faoina chúram a bhuaigh Dearbaí Shasana sé huaire (Larkspur (1962), Sir Ivor (1968), Nijinsky (1970), Roberto (1972), The Minstrel (1977), Golden Fleece (1982) chomh maith le trí Prix de L’Arc agus nach raibh oiread agus ceann de mhór-rásaí na tíre sin nach raibh buaite ar a laghad uair amháin aige.

Leathdhosaen uair freisin a thug sé Dearbaí na Éireann (Chamier (1953), Ballymoss (1957), Nijinsky (1970), The Minstrel (1977), El Gran Senor (1984), Law Society (1985) mar aon le chuile mhór-rás de chuid na tíre seo freisin. Thug sé an Prix de L’Arc de Triomphe leis le Ballymoss i 1958 agus Alleged i 1977 agus 1978).

Ainneoin go bhfuil sé os cionn trí scór go leith bliain ó rith cuid de na capaill sin, tá cuimhne fós ar roinnt acu. Faoin am seo is dócha gurb í cáil Nijinsky is mó a mhaireann – an t-aon chapall a bhuaigh Coróin Thriarach na rásaíochta i Sasana le beagnach 90 bliain. Sin iad rásaí an 2,000 gine, an Dearbaí agus an St.Leger.

Vincent O’Brien. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Díobh siúd a bhí ag plé leis na léimeanna caintítear i gcónaí ar na cinn a bhuaigh an National in Aintree – Early Mist (1953), Royal Tan (1955), Quare Times (1955) agus Cottage Rake, a bhuaigh an Corn Óir trí bliana as a chéile in Cheltenham agus nár íocadh air ach 18 gine.

I gClais an Ghainimh in aice le Cill na Mallach i dTuaisceart Chorcaí a saolaíodh Vincent O’Brien i 1917, áit a raibh feirm ag a athair, fear a mbíodh lámh aige sa rásaíocht freisin.

Ina óige bhíodh Vincent a chúnamh dó agus ar bhás a athar i 1943 chuaigh sé i mbun na háite.

Deich gcapall a bhí sa stábla an uair sin agus, ach oiread le traenálaithe go leor de chuid na linne sin, ba mhinic an Brianach ag brath ar bhob a bhualadh ar na geallghlacadóirí nuair a bhíodh billí le n-íoc.

Ní raibh a shárú ann chuige.

Agus é féin ag íoc lab airgid amach tráth, dúirt an geallghlacadóir William Hill (a bhí ina Dhúchrónach in Éirinn tráth) le O’Brien, ‘It would have paid me to have you shot years ago!’

Lena raibh buaite aige féin agus an méid a shaothraigh Cottage Rake dó, d’íoc sé £17,000 ar Ballydoyle House agus an fheirm 280 acra a chuaigh leis in aice Chaiseal Mumhan.

Scór bliain ina dhiaidh cheannaigh sé graí in aice leis an bhFiodh Ard ar a dtug sé Coolmore. Thug sé isteach Robert Sangster agus a chliamhain siúd John Magnier mar pháirtithe. Inniu is é Coolmore an gnó póraithe is mó ar domhan agus feirmeacha freisin acu sna Stáit Aontaithe agus san Astráil. Is minic gur ina milliúin a íoctar na táillí graí.

Ón am ar shocraigh sé síos i mBaile Dúill go luath sna 1950idí ba leis an rásaíocht ar an talamh réidh agus leis an bpórú ba mhó a chloígh O’Brien.

Ar an traic bhuaigh sé Dearbaí na hÉireann leis an gcapall Charmier i 1953 agus bhí sé buaite faoi dhó eile aige faoin am ar thug Larkspur ceann Shasana leis i 1962.

Bhí bua agus súil faoi leith aige agus é i mbun ceannaithe.

$200,000 a chuaigh The Minstrel nuair a mhol O’Brien do Robert Sangster é a cheannacht agus é ina bhromach bliana i 1975. Bhuaigh sé Dearbaithe Shasana agus na hÉireann i 1977. Faoin am a raibh sé ina stail ghraíre ina dhiaidh sin frítheadh $9 milliún uathu siúd a cheannaigh scaireanna ann.

B’fhearr ná sin arís cás Alleged ar íocadh $175,000 air agus nach raibh ach ceithre bliana freisin nuair a deineadh stail ghraíre de féin – $16 milliún a chuaigh a chuid scaireanna siúd.

Bhí trí scór bliain caite ag Vincent O’Brien i mbun traenála nuair a d’éirigh sé as tar éis do chapall dá chuid Mysterious Ways buachan ar Churrach Chill Dara i mí Mheán an Fhómhair 1994. Faoin tráth sin bhí 1,529 rás buaite aige ina thír dhúchais amháin, craobh na dtraenálaithe buaite 13 uair aige, mar aon leis an ceithre chraobh sa dá chineál rásaíochta i Sasana.

Bhí 100 ainm luaite sna liostaí de laochra na rásaíochta a shocraigh cé dó a bhí Gradaim siúd an 20ú hAois ag dul. Thuill an Brianach as féin 28% de na vótaí.

In 2009 a bhásaigh sé.

Fág freagra ar 'Vincent O’Brien – sárthraenálaí a linne'