Google-Ghaeilge cáinte ag Adams

D’admhaigh an Taoiseach Enda Kenny gur botún a bhí in úsáid na seirbhíse aistriúcháin ag Google.

17/9/2014. Dail Scenes
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an Rialtas cáinte go láidir ag ceannaire Shinn Féin Gerry Adams TD mar gheall ar úsáid Google Translate ar shuíomh Chomóradh 1916 www.ireland.ie.

Ag labhairt dó sa Dáil inniu, dúirt Adams gur léiriú an scéal ar dhearcadh an Rialtais maidir leis an gcomóradh agus maidir leis an nGaeilge féin.

“The Proclamation was reduced to meaningless gibberish. I think it is symbolic of this Government’s entire approach to the anniversary and more importantly perhaps to the Proclamation and the language.

“It seems you can’t do anything right but in this case your actions reflect your attitude.”

D’admhaigh an Taoiseach Enda Kenny gur botún a bhí in úsáid na seirbhíse aistriúcháin ag Google.

“Sílim go bhfuil an ceart agat, sílim gur botún a bhí ann ó thaobh an chórais aistriúcháin agus nár tógadh anuas ón idirlíon é nuair a cuireadh amach é ar dtús,” a dúirt sé.

Thug an Taoiseach dúshlán Adams a chlár comórtha féin a chur le chéile agus mhaígh sé go bhfuil clár an Rialtais feiliúnach do chách murab ionann agus an clár a bheadh ag Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Google-Ghaeilge cáinte ag Adams'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ar a laghad admhaíonn Enda go ndearna a Rialtas botún. Ní admhódh Gerry a leithéid choiche. Bfhiú do Gerry meabhrú ar an sliocht seo ó Fhorógra na Cásca I gcomthéacs na conspóide faoi chás Mhairia Cahill.
    “We place the cause of the Irish Republic under the protection of the Most High God, Whose blessing we invoke upon our arms, and we pray that no one who serves that cause will dishonour it by cowardice, inhumanity, or rapine.”