Bialann dhátheangach – úinéir ‘bréan’ de bheith ag cosaint rogha teanga na foirne

Tá Tudur Owen, úinéir Ty Golchi i Gwynedd sa Bhreatain Bheag, bréan de na gearáin faoin mBreatnais a bheith á labhairt ina bhialann

Bialann dhátheangach – úinéir ‘bréan’ de bheith ag cosaint rogha teanga na foirne

Tá úinéir bialainne sa Bhreatain Bheag bréan de na gearáin a dhéantar faoin mBreatnais a bheith á labhairt ina bhialann. Dúirt Tudur Owen, ar leis an bhialann Ty Golchi i Gwynedd sa Bhreatain Bheag, go bhfuil sé tinn tuirseach den tsíorchosaint a chaitheann sé a dhéanamh i ndiaidh dó drochléirmheas eile a fháil ar an suíomh turasóireachta TripAdvisor.

Dúradh sa léirmheas is deireanaí faoin mbialann a foilsíodh ar an suíomh gur chuir sé isteach go mór ar údar an léirmheasa, ar Sasanach é, go raibh custaiméirí agus oibrithe na bialainne ag labhairt i mBreatnais agus iad istigh. Thug ‘Lesley J’ dhá réalta as cúig cinn don bhialann ar Tripadvisor

“The place was filling up and we noticed all conversation was in Welsh, both with staff and customers. It appeared it was a place that gave preferential treatment. Our party of four was English and felt very isolated. Will not be returning here,” a scríobhadh sa léirmheas.

Dúirt Tudur go bhfuil an síorcháineadh a dhéantar ar an mBreatnais “tuirsiúil” agus go n-airíonn sé go mbíonn air an teanga a chosaint gach uile lá. Dúirt sé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach dtuigeann roinnt daoine a thagann chuig an mbialann ó Shasana go bhfuil an Bhreatnais mar chéad teanga ag daoine áirithe sa Bhreatain Bheag agus nach le daoine a bhrú amach a bhítear á labhairt.

“Ní thugann foireann na bialainne tús áite do chainteoirí Breatnaise ná do mhuintir na Breataine. Is é polasaí na bialainne a bheith dátheangach agus tá an dá theanga ar comhchéim anseo. Tá an biachlár ar fáil i mBéarla agus i mBreatnais agus is í ár riail go mbeannaítear do chustaiméirí i mBreatnais ar dtús,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur maith le heachtrannaigh an teanga a chloisteáil agus gur “mionlach Sasanach” iad na daoine a gcuireann an Bhreatnais isteach orthu.

“Bíonn sé teasaí go maith anois is arís. Caitheadh ár mbiachláir Bhreatnaise ar an urlár geábh agus bíonn maslaí agus a leithéid ann anois is arís, ach is mionlach iad na daoine sin. Bíonn naonúr as deichniúr togha,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur “tír dhátheangach” í an Bhreatain Bheag agus go bhfuil sé deacair a chreidiúint gur gá ceann de na teangacha sin a chosaint fós sa lá atá inniu ann.