Údarás nua a dhéanfaidh scagadh ar an soláthar Gaeilge sna meáin bunaithe go hoifigiúil

Bunaíodh go hoifigiúil inniu Coimisiún na Meán agus é i gceist acu a gclár oibre a ullmhú agus a fhoilsiú go luath

Údarás nua a dhéanfaidh scagadh ar an soláthar Gaeilge sna meáin bunaithe go hoifigiúil

Tá Coimisiún na Meán, an t-údarás rialála nua do na meáin, bunaithe go hoifigiúil.

Ceann de na chéad rudaí a dhéanfaidh an t-údarás nua ná tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile.

18 mí a bheidh ag an gCoimisiún chun an t-athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar na Gaeilge.

Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua, a bheidh freagrach as an ngné sin den obair.

Tá sé i gceist ag Coimisiún na Meán a gclár oibre a ullmhú agus a fhoilsiú go luath.

Beidh roinnt cúraimí eile ar an gcoimisiún nua ó thaobh na meán Gaeilge de, ina measc monatóireacht a dhéanamh ar an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, roimh bhunú oifigiúil Choimisiún na Meán, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh.

Tá an Coimisiún freagrach freisin as rialacha nua a thabhairt isteach don tsábháilteacht ar líne.

Beidh Coimisiún na Meán faoi stiúir cheathrar Coimisinéirí; Jeremy Godfrey an Cathaoirleach Feidhmiúcháin; Niamh Hodnett, an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne; Celene Craig an Coimisinéir Craolacháin, agus an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán.

“Fáiltím roimh bhunú foirmiúil Choimisiún na Meán inniu,” a dúirt an tAire Catherine Martin.

“Bhuail mé leis an gCathaoirleach Feidhmiúcháin nua agus leis na Coimisinéirí agus tá a fhios agam go gcruthóidh siad foireann thiomanta agus láidir.”

“Táim ag tnúth lena bheith ag obair leo agus muid ag leagan amach bealach nua do rialáil agus d’fhorbairt earnáil na meán in Éirinn.”

Fág freagra ar 'Údarás nua a dhéanfaidh scagadh ar an soláthar Gaeilge sna meáin bunaithe go hoifigiúil'