Údar mór iontais a bheadh ann dá mbainfeadh An Pasáiste tuisle as Baile Gunnair

Tá Baile Gunnair ag dul ó neart go neart agus cé nach mbeidh deis acu craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana ba cheart go gcuirfidís lena stór ag baile amárach

Údar mór iontais a bheadh ann dá mbainfeadh An Pasáiste tuisle as Baile Gunnair

Imreoir Bhaile Gunnair, Pauric Mahony. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Cúpla seachtain ó shin chonaic mé an t-iarlaoch iomána de chuid Phort Láirge Dan Shanahan ar RTÉ agus féasóg mhór dhubh thiubh air. Cheapas go raibh cuma an-ghalánta air.

Ansin seachtain ó shin léigh mé a ainm i measc na bhfear ionaid ag foireann shinsir na Leasa Móire agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile Gunnair sa chéad cluiche leathcheannais sa chontae.

Faraor, nuair a tugadh isteach Dan bhí an cath caillte agus na seaimpíní Baile Gunnair i bhfad chun tosaigh ar an Lios Mór.

Chomh fada agus is eol dom, tá Dan ag imirt leis na sinsir ó 1993 agus cad é mar shaol iomána a bhí aige.

Is dócha go bhfuil a phort mar imreoir seinnte anois, áfach, ach ní féidir an rud céanna a rá faoi Bhaile Gunnair agus iad ar thóir a seachtú craobh as a chéile amárach.

Tabhair sracfhéachaint ar chuid des na staitisticí – 37 cluiche craoibhe i ndiaidh a chéile buaite acu …an 23ú huair dóibh a bheith ag imirt sa chluiche ceannais le 26 bliain anuas…ocht gcraobh déag contae buaite acu…dhá chraobh na Mumhan… ceithre cluiche imeartha go dtí seo i mbliana acu agus seasca cúilín san iomlán le spáráil acu …6-19 scóráilte ag Dessie Hutchinson i mbliana…

Bhí caint ann anuraidh nuair a bhuaigh siad an corn den séú huair as a chéile go raibh súil acu craobh na hÉireann a bhuachan. Faraor níor tharla san agus is deacair a chreidiúint nach bhfuil an chraobh san buaite ag aon chlub as na Déise.

Agus maidir le Baile Gunnair, is deacair a chreidiúint nár imir siad riamh i gcluiche ceannais na hÉireann. Faraor ní dhéanfaidh siad amhlaidh i mbliana ach an oiread. Amárach a chríochnóidh a dturas toisc gan aon chomórtas cúige ná náisiúnta a bheith á imirt an bhliain eisceachtúil seo.

Tá siad mar rogha láidir na n-údar. Níl seans dá laghad á thabhairt ag na geallghlacadóirí don Phasáiste. Tá foireann Bhaile Gunnair breac le réalta, leithéidí Steven O’Keefe, Barry Coughlan, Philip agus Pauric Mahony, Peter Hogan agus Shane O’Sullivan.

Fuair An Pasáiste an ceann is fearr ar Chnoc Síon, a bhíodh ina ríthe sa chomórtas seo, an Domhnach seo caite.

De réir tuairiscí, bhí an bua tuillte ag an bPasáiste a fuair 26 pointe. D’éirigh leo ceannas a fháil ar an imirt i ndiaidh an chéad bhriseadh uisce agus d’fhanadar chun tosaigh ar Chnoc Síon go dtí an deireadh. Bhí mórán cainte faoin tionchar a bhí ag an ionadaí John Whitty ar chúrsaí. Tháinig sé isteach den chéad uair mar ionadaí fola agus fuair sé cúilín. Ansin tugadh isteach arís é i dtreo dheireadh an chluiche agus scóráil sé dhá chúilín eile. Dar ndóigh ní raibh idir na foirne ag an deireadh ach dhá chúilín.

An gcoimeádfaidh an bainisteoir, Michael Walsh as Cill Chainnigh, é mar ionadaí amárach? Neosfaidh an aimsir. Pé rud, caithfidh siad a bheith os cionn a mbuille ar fad agus iad ag imirt in aghaidh Bhaile Gunnair, an fhoireann is fearr sa chontae le tamall fada.

Trí seachtaine ó shin d’imríodar a chéile sa cluiche deireanach grúpa. 2-20 in aghaidh 0-15 an scór a bhí ann agus, sea, ag Baile Gunnair a bhí an bua.

Tá fhios agam gur cluiche craoibhe é seo agus go dtarlaíonn rudaí aisteacha i gcluichí craoibhe, ar chaighdeán na n-imreoirí ag an dá fhoireann ní fheicim ach aon toradh amháin air seo. Ba iad An Pasáiste, in 2013, an club deireanach a bhuaigh ar Bhaile Gunnair i gcluiche craoibhe. Beidh ionadh orm má tharlaíonn sé arís amárach.

Beidh an t-aicsean beo ar TG4. Bí ar an tolg gan teip.

Fág freagra ar 'Údar mór iontais a bheadh ann dá mbainfeadh An Pasáiste tuisle as Baile Gunnair'