FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Uaireanta is fearr an rud gonta, an blaiseadh a osclóidh doras níos fairsinge dúinn

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Uaireanta is fearr an rud gonta, an blaiseadh a osclóidh doras níos fairsinge dúinn

Uaireanta ní mian le daoine dul sáite i mbeathaisnéis nó i ndírbheathaisnéis fhada. Tar éis an tsaoil ní hé gach aon duine atá sásta cúpla mí a chaitheamh ag treabhadh trí 1,250 leathanach de dhialanna Anaïs Nin, dá chraicní is atá siad.

Is fearr linn an rud gonta, an blaiseadh a osclóidh doras níos fairsinge dúinn más áil linn dul isteach tríd.

Leabhar mar sin is ea Fáithe an Fichiú hAois (FÁS) le Séamus Ware. Cuntais ghonta ar laochra Críostaí a sheas ar son an chirt san aois seo caite atá ann. Cuid acu a bhfuil eolas maith nó eolas éigin againn orthu cheana: Máirtín Liútar Cing, Oscar Romero agus Dietrich Bonhoeffer mar shampla, agus naonúr eile nach mbeadh an tásc céanna á leanúint.

Bhí an tAthair Niall O’Brien ar dhuine de na mílte sagart Éireannach a chaith a mbeatha ar an gcoigríoch nuair a bhí ‘impireacht Chaitliceach’ na tíre seo in airde láin. Ba mhinic caitheamh anuas magúil á dhéanamh uirthi sa bhaile fad is a bhí na daoine seo ag tógáil scoileanna, ag eagrú pobal, ag misniú na mbocht. Ba bheag brabús a bhí le déanamh ag aon duine díobh as seo seachas brabús spioradálta agus an tuiscint gur éirigh leo feabhas beag éigin a chur ar bheatha daoine eile agus nára maith ag cách eile an mheoin bhig.

Sa mhionbheathaisnéis ar Niall O’Brien anseo tráchtar ar stair na bhFilipíní, óir is ann a bhí sé sa ghort, agus ar na dálaí polaitíochta is sóisialta arbh éigean dó dul i ngleic leo. Is maith a thuig an Brianach go gcaithfí feachtasú in aghaidh ‘bochtanas an phobail’ nó ní bheadh teachtaireacht an tsoiscéil á leanúint. Dá thoradh san, gabhadh é agus ochtar eile ag póilíní Marcos, fear céile bhean na milliún mbróg. Tá cuntas cruinn anseo ar ar tharla, ar ar ghabh sé tríd agus ar an gcreideamh láidir a thug taca dó i gcaitheamh an ama.

Ina choinne sin, níor airigh mé puinn riamh mar gheall ar Corrie Ten Boom, Dúitseach mná ar éirigh léi féin agus lena cairde tuairim is 800 Giúdach a shábháil ó mhisean shibhialú na Gearmáine le linn an dara cogadh barbartha. Bíodh gur fhulaing sí mar a fhulaingítí faoi rialtas dleathach na Gearmáine san am, chaith sí na blianta tar éis an chogaidh ag fóirithint ar Ghearmánaigh a chaill a dtithe agus a ndídean san ár, agus ag cabhrú leis na tréatúirí Ollannacha a sceith ar lucht cosanta an chirt tar éis don bharbarthacht dul i léig. Óir, mar a dúirt sí ‘níl aon chlais chomh domhain nach bhfuil Dia níos doimhne fós’.

Agus tuilleadh agus breis mhór fós, Barbara Ward agus Ray Davey agus Dorothy Day (fainic, ní Doris) agus Chiara Lubich agus eile a chuirfidh náire ort lena bprionsabail, lena gcrógacht, lena gcreideamh agus lena misneach.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: Uaireanta is fearr an rud gonta, an blaiseadh a osclóidh doras níos fairsinge dúinn'