Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt

An crith talún polaitiúil a bheidh I dtorthaí i mar atá á thuar?

Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt

Tá an stocaireacht chóir a bheith thart. Faoina deich a chlog oíche amárach beidh a mbreithiúnas tugtha ag na vótóirí in olltoghchán Westminster.

Céard atá i ndán do Thuaisceart Éireann? Is fada ó bhí oiread athruithe á dtuar abhus. An crith talún polaitiúil a bheidh sna torthaí mar atá á thuar?

Tá an vótáil thar a bheith míthráthúil don DUP agus is ar an dúshlán don bpáirtí sin agus a gceannaire nua is mó a bhí aird le linn an fheachtais. Fuair Gavin Robinson ceannas ar an DUP faoi choinníollacha nach roghnódh aon duine; tháinig sé i gcomharbacht ar Jeffrey Donaldson a dtáinig deireadh lena shaol polaitiúil nuair a cúisíodh é as cionta gnéis stairiúla, éigniú san áireamh. Tá promhadh i ndán do cheannairí eile freisin, áfach.

San olltoghchán deiridh, cúig bliana ó shin, bhí an DUP i dtús áite le hocht suíochán, bhí Sinn Féin sa dara háit le seacht gcinn, bhí dhá shuíochán ag an SDLP agus thiar ar deireadh bhí Páirtí na Comhghuaillíochta agus suíochán amháin acu. Sa chomórtas sin chaill an DUP dhá shuíochán, chaill Sinn Féin ceann agus ghnóthaigh siad ceann, bhuaigh an SDLP suíochán ó Shinn Féin agus ceann ón DUP agus ba shuíochán a bhí ag aontachtach neamhspleách (iar-UUP) a bhain Alliance.

Mór idir na haimsirí.

Amárach beifear ag faire ar thoghcheantar Bhéal Feirste Thoir. Seans gurb e sin an comórtas is cinniúnaí de na hocht gcinn déag abhus. Tá ceannaire an Alliance, Naomi Long ag iarraidh, den ceathrú uair, an suíochán a bhaint de Gavin Robinson a meastar a bheith níos leochailí ná mar a  bhí cheana. Tubaiste don DUP a bheadh ann suíochán a gceannaire a chailliúint, teip a chothódh guagacht san DUP a mbeadh ciallachais aige do Stormont freisin.

Cúpla mí ó shin, mhaígh ceannaire Shinn Fein go mbuafadh Sinn Féin suíocháin bhreise gan aon dabht i dtoghchán Westminster. B’in nuair a measadh gur i mí na Samhna a bheadh an toghchán ann. I bhfianaise easpa dul chun cinn an pháirtí ó dheas sna toghcháin le déanaí, agus fógra toghcháin a tháinig aniar aduaidh orthu níorbh iontas é nuair a dúirt an páirtí gur ag cosaint na seacht suíocháin a bhí a bheidís an iarraidh seo agus ag féachaint lena vóta a mhéadú. Thit a vóta os cionn 6% in 2019. Tá a fhios go bhfuil siad ag díriú go speisialta ar a ngreim a dhaingniú ar Bhéal Feirste Thuaidh agus Fear Manach/Tír Eoghan Theas agus iad ag iarraidh vótaí a mhealladh ar ais i bhFeabhal agus a stór a mhéadú sa Bhanna Uachtair. Cuirfear spéis ar leith ina vóta sna ceantair – Béal Feirste Thiar agus Feabhal – inar léiríodh míshástacht le Sinn Féin faoi Gaza agus a gcinneadh freastal ar ócáidí sa Teach Bán in Washington.

Bhí móramh ollmhór ar Shinn Féin ag Colum Eastwood, ceannaire an SDLP,  sa bhFeabhal cúig bliana ó shin mar a bhí ag a chomhghleacaí Claire Hanna i mBéal Feirste Theas. Dá ainneoin sin níor tháinig borradh faoin bpáirtí i dtoghchán an Tionóil in 2022. Má táthar chun srian a chur le meath an pháirtí beidh siad ag súil lena sciar de na vótaí a mhéadú – go háirithe i gceantair ina mbíodh feisirí acu tráth, An Dún Theas agus an tIúr/Ard Mhacha.

An leanfaidh Páirtí na Comhghuaillíochta ag fás? Tá súil ag an bpáirtí go gcoinneoidh siad an Dún Thuaidh agus go n-éireoidh le Sorcha Eastwood an suíochán a bhí ag Jeffrey Donaldson i nGleann an Lagáin a bhaint. Má bhíonn an lá lena gceannaire Naomi Long ar an gceathrú hiarracht in aghaidh Gavin Robinson beidh an chóir leo. Ni féidir leo talamh slán a dhéanamh de go mbainfidh siad na suíocháin sin –nó fiú ceann acu. Léireoidh a dtorthaí go leor faoi threocht na polaitíochta.

Ní raibh suíochán Parlaiminte ar bith ag an UUP ó 2017 nuair a chaill siad Aontroim Theas agus Fear Manach/ Tír Eoghain Theas tar éis téarma amháin. Tá siad ag seasamh sa toghcheantar sin an uair seo. Tá lucht ceannaireachta an UUP curtha i ngeall ag Doug Beattie an uair seo in Aontroim Theas agus an Dún Thuaidh.

Is ar mholadh uaidh a d’aistrigh Robin Swann, an t-iar-aire sláinte in Stormont, ó Aontroim Thuaidh go Aontroim Theas le seasamh in aghaidh an DUP. Ba é Beattie a thug isteach iarrthóir nach bhfuil aon taithí pholaitiúil aige, iarcheannfort in Arm na Breataine i gcogadh na hIaráice, an Coirnéal Tim Collins atá le seasamh san Dún Thuaidh.

Beidh na torthaí againn faoi mhaidin Dé hAoine, ach má thagann an tuar faoin tairngreacht i gcás leath na suíochán a mbeidh iomaíocht cheart ann dóibh, fágfaidh an toghchán lorg mór ar chúrsaí sa bhfadtéarma agus beidh go leor athmhachnaimh agus atheagair i ndán don aicme pholaitiúil.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do cheannairí an Tuaiscirt'