Tús le ‘athoscailt’ an Stáit le fógairt beagnach 50 lá ó thosaigh an dianghlasáil

Pléifear ag cruinniú rialtais ar maidin an chomhairle is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET)

Tús le ‘athoscailt’ an Stáit le fógairt beagnach 50 lá ó thosaigh an dianghlasáil

Nach mór 50 lá ó cuireadh an Stát faoi chuibhriú, fógróidh an Rialtas inniu gur féidir tús a chur Dé Luain le scaoileadh na srianta dianghlasála, mar atá beartaithe.

Pléifear ag cruinniú rialtais ar maidin an chomhairle is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET).

Is í an chomhairle is déanaí atá ag NPHET ná go mbeidh sé sábháilte tosú ar straitéis éalaithe an Rialtais a chur i gcrích Dé Luain seo chugainn.

Molfaidh NPHET chomh maith don Rialtas treoir a thabhairt do dhaoine a n-aghaidh a chlúdach nuair a bhíonn siad in áiteanna poiblí áirithe, amhail an córas iompair poiblí agus siopaí.

Tá comhairle á cur ag NPHET ar an Rialtas maidir leis na srianta tráth a ndeir an fhoireann saineolaithe leighis go bhfuil scaipeadh an ghalair ag dul i léig de réir gach slat tomhais.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann, go raibh scaipeadh an ghalair “ag dul i léig agus ag dul i léig go han-tapaidh”.

“Ag laghdú atá na comharthaí ar fad a léireodh scaipeadh an Covid-19 – an líon cásanna nua in aghaidh an lae, an líon daoine atá sna hospidéil, na hothair a chuirtear sna haonaid dianchúraim, agus an líon daoine a bhásaíonn dá bharr gach lá.

“Tá fianaise bhreise air sin againn ó ráta atáirgthe nó scaipthe an ghalair atá seasmhach ag an tráth seo idir 0.4 agus 0.6. Coinneoimid súil ghéar ar an bhfigiúr sin agus ar líon iomlán na ndaoine a tholgann an galar sa phobal sna seachtainí seo amach romhainn.”

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus mairfidh gach tréimhse trí seachtaine. 

Cuirfear tús leis an Stát “a athoscailt” Dé Luain seo chugainn nuair a thabharfar cead d’oibrithe a bhíonn ag obair taobh amuigh dul i mbun gnó arís.

Osclófar an lá sin chomh maith siopaí DIY, siopaí deisiúcháin agus ionaid gharraíodóireachta. Beidh cead spóirt gan teagmháil áirithe a imirt taobh amuigh agus cead ag grúpaí beaga cairde bualadh le chéile taobh amuigh.

Tugadh le fios aréir go raibh laghdú tagtha arís chomh maith ar an líon othar a bhfuil Covid-19 orthu san ospidéal, an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ón ngalar.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil inné gur amhail “tine a bheadh ag dul in éag” a bhí an ráig de Covid-19 agus go raibh ag an Rialtas ag súil go mbeidh ar a gcumas céim a haon de na srianta a mhaolú ar an Luan.

Dúirt Leo Varadkar go raibh an tír buailte go dona ag an bpaindéim ach go raibh deis ann anois an tsochaí a atheagrú ar bhealaí a rachadh chun tairbhe dár saoránaigh ar feadh na mblianta. 

Dúirt sé go mbeadh níos mó daoine ag obair ón mbaile, go mbeadh oideachas agus cúram sláinte á gcur ar fáil ar líne, agus go mbeadh níos lú astaíochtaí á scaoileadh amach san aer agus é níos glaine dá bharr. 

Thug an Rialtas agus na húdaráis sláinte rabhadh chomh maith go raibh contúirt i gcónaí ann go n-imeodh an galar ó smacht arís mura mbeifí cúramach agus mura gcloífí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh deichniúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe.

1,960 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,506 duine ó dheas den teorainn agus 454 ó thuaidh di.

426 cás nua de Covid-19 a deimhníodh ach bhain a bhformhór le haon ospidéal amháin agus le tréimhse níos túisce. Is amhlaidh nár cuireadh ar an taifead na cásanna mar ba chóir go dtí anois. Bhain níos lú ná 200 den 426 cás de na cásanna le cúpla lá anuas, a dúradh.

Dúradh go rabhthas ag iarraidh fáil amach cén fáth nár cuireadh na cásanna eile ar an taifead mar ba chóir, ach go rabhthas ionann is cinnte nár tharla a leithéid in aon ospidéal eile.

28,118 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,827 cás ó dheas den teorainn agus 4,291 cás ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Tús le ‘athoscailt’ an Stáit le fógairt beagnach 50 lá ó thosaigh an dianghlasáil'