Tús curtha le hachainí ar líne faoi fhorbairt i Ráth Chairn agus imní faoina ‘stádas Gaeltachta’ 

Tá athbhreithniú cúirte á lorg ag Comharchumann Ráth Chairn i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála cead a thabhairt d’fhorbairt óstáin agus scéim tithíochta agus iad buartha go ndéanfadh a leithéid dochar mór don Ghaeilge mar theanga phobail sa bhaile beag Gaeltachta

Tús curtha le hachainí ar líne faoi fhorbairt i Ráth Chairn agus imní faoina ‘stádas Gaeltachta’ 

Tá tús curtha le hachainí ar líne chun aird a dhíriú ar fheachtas i gcoinne cinneadh a rinne an bord pleanála cead a thabhairt d’fhorbairt tithíochta agus teach ósta i nGaeltacht Ráth Chairn.

Tá athbhreithniú cúirte á lorg ag Comharchumann Ráth Chairn i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála agus iad buartha go ndéanfadh a leithéid dochar mór don Ghaeilge mar theanga phobail sa bhaile beag Gaeltachta.

Deir an Comharchumann gurb amhlaidh “go scriosfadh” an fhorbairt na hiarrachtaí a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Deirtear san achainí, ar cuireadh tús léi an tseachtain seo, go bhfuil “stádas Gaeltachta” Ráth Chairn “chomh maith leis an teanga dhúchais agus cultúr na Gaeltachta faoi bhagairt” ag an fhorbairt tithíochta seo.

Deirtear freisin go bhfuil an “baol” ann nach iad lucht labhartha na Gaeilge a cheannódh na tithe agus nach bhfuil aon socrú cinnte ann maidir leis an Ghaeilge a chaomhnú.

“Má aistríonn líon ard daoine nach labhraíonn Gaeilge go laethúil go Ráth Chairn, d’fhéadfadh sé seo dochar nach féidir a leigheas a dhéanamh don Ghaeilge sa cheantar seo.”

Deirtear san achainí, a seoladh Dé Luain agus a raibh beagnach 2,000 síniú faighte aréir aici, go bhfuil Ráth Chairn, Comhairle Contae na Mí, Comharchumann Ráth Chairn agus cigire an Bhoird Pleanála “glan i gcoinne na forbartha”.

Mhol cigire ón mBord Pleanála nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ag Colm Ó Gríofa, fear gnó as an áit,  mar gheall ar an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don Ghaeilge agus mar go raibh amhras air faoi cé acu an mbeadh éileamh ar a leithéid d’fhorbairt.

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt, áfach, agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%. Deir Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach bhfuil aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “údar díomá” a bhí sa chinneadh a rinne an Bord Pleanála agus go bhfuil Meitheal Gaeltachta an Chonartha ag tacú le pobal Ráth Chairn lena gcás a réiteach don ardchúirt.

Fág freagra ar 'Tús curtha le hachainí ar líne faoi fhorbairt i Ráth Chairn agus imní faoina ‘stádas Gaeltachta’ '