Tá tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi iarratas le mianach óir a dhéanamh ag an Chaisleán Glas i lár Speirín Thír Eoghain. Cuireadh isteach 50,000 agóid in éadan an iarratais pleanála, an líon is mó riamh sa Tuaisceart. Is Dalradian, comhlacht as Ceanada, atá ag cur isteach ar chead leis an mhianach a fhorbairt.
Bhí an ceantar ar cheann de cheantair Ghaeltachta dheireanacha an Tuaiscirt agus cainteoirí dúchais fós ina gcónaí ann go dtí na 1970idí.
Tá suas le 1,000 post geallta ag Dalradian ach tá amhras léirithe ag lucht agóide faoi sin. Dar leo gur postanna gearrthéarmacha atá i gceist. Dúirt abhcóide Dalradian ag an fhiosrúchán, go mairfeadh an mianach 28 bliain ar a mhéid. Dar leis an lucht agóide, chuirfeadh an mianach óir isteach ar an timpeallacht. Dar leofa, leis, go gcuirfeadh sé isteach ar phostanna inmharthana sa bhfeirmeoireacht, i dtionscal an bhia, agus sa turasóireacht.
Rinne scaifte mór freastal ar chéad lá an fhiosrúcháin agus ba léir go raibh tromlach mór díobh in éadan an mhianaigh.
Chualathas fianaise go bhfuil forbairt nár údaraíodh ar an láthair agus dúradh gur tugadh isteach 8,500 tonna carraige gan cead pleanála. Tá foirgnimh shealadacha Dalradian tógtha ar an charraig seo. D’admhaigh abhcóide Dalradian nach raibh líníochtaí ar bith ann a léiríonn an charraig seo. Caitheadh amhras gur le forbairt eile na foirgnimh ar an charraig seo.
Dúradh go bhfuil comhairliúchán trasteorann le bheith ann mar go bhfuil impleachtaí ann do Dhún na nGall. Dúirt Jacqueline McParland, Coimisinéir Pleanála, nach bhfuarthas an aighneacht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtí 4.45pm, tráthnóna an 10 Eanáir. Dúirt sí gur iarradh an aighneacht orthu mí Aibreáin anuraidh. Thug sí le fios go raibh sí míshásta. “Bhí siad ina suí air an chuid is mó den bhliain seo caite,” ar sise.
Nuair a cuireadh an t-iarratas isteach ar dtús, luadh ciainíd. Bhí an-imní ar lucht agóide go mbainfí úsáid as ciainíd le hór a scaradh ón gcarraig agus caitheadh i dtraipisí aon phlean ciainíd a úsáid. “Níl rún dá laghad úsáid a bhaint as ciainíd ar bith,” a dúirt abhcóide Dalradian.
Níl sé i gceist ciainíd a úsáid ach ag deireadh an phróisis agus ní tharlódh sin ar an Chaisleán Glas, a dúirt sé.
Ní raibh Cormac McAleer ón bhrúghrúpa Sábháil Ár Speirín sásta leis seo. “Go fiú má thugtar chun siúil é go Ceanada, go hAlba Nua, beidh sé nimhiúil thall ansin agus baineann sin linne,” arsa McAleer.
Bhí conspóid ann díreach ag deireadh na héisteachta an chéad lá. Rinne Mary Brolly, dlíodóir Sábháil Ár Speirín, gearán nach mbeadh saineolaithe ábalta fianaise a thabhairt ar líne. Luaigh sí fiosrúcháin phleanála eile ag a raibh a leithéid ceadaithe. “Cad chuige gur shocraigh an Coimisinéir seo scaradh leis an nós imeachta seo?” ar sise. An lucht agóide is mó a bhí thíos leis an gcinneadh sin, a mhaígh sí.
Dúirt Jacqueline McParland go raibh fadhbanna anuraidh ann ag an réamhéisteacht agus gur caitheadh maslaí ar na meáin sóisialta nuair a ceadaíodh fianaise ar líne. “Tá an cinneadh seo déanta,” ar sise. “Ní bheidh aon athrú air.”
Fág freagra ar 'Tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi mhianach óir i Sliabh Speirín'