Tús á chur ag COGG le sraith cruinnithe do scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí oideachais

Idir seo agus tús na Nollag beidh cruinnithe á reáchtáil ag COGG ar fud na Gaeltachta

Tús á chur ag COGG le sraith cruinnithe do scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí oideachais

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Cuirfidh COGG tús an tseachtain seo le sraith cruinnithe a dhíreoidh ar chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta. Déardaoin, in Óstán Chois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe, tiocfaidh príomhoidí bunscoile le chéile leis an bpolasaí a phlé.

Idir seo agus tús na Nollag beidh cruinnithe á reáchtáil ag COGG ar fud na Gaeltachta. Díreoidh an chéad dhá chruinniú seo ar phríomhoidí bunscoile agus beidh cruinnithe eile amach anseo do phríomhoidí iarbhunscoileanna, chomh maith le sraith cruinnithe d’fhoirne na scoileanna Gaeltachta atá chun an polasaí a chur i bhfeidhm. Beidh cruinnithe poiblí ar siúl a mbeidh fáilte roimh thuismitheoirí agus roimh an bpobal trí chéile chucu.

Seo an chéim is deireanaí atá á tabhairt maidir le feidhm a thabhairt don pholasaí oideachais Gaeltachta a seoladh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Bunaíodh Aonad Gaeltachta sa Roinn Oideachais ag tús na bliana, seoladh ciorclán chuig na scoileanna san earrach, agus tugadh deis do scoileanna cur isteach ar stádas Gaeltachta ag tús an tsamhraidh. Tá na cruinnithe seo anois á reáchtáil le cúnamh a thabhairt do phobail na scoileanna plean gníomhaíochta a réiteach le stádas Gaeltachta a bhaint amach agus an polasaí a chur I bhfeidhm as seo go ceann dhá bhliain.

Beidh na scoileanna a léirigh spéis stádas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach ag cur na bpleananna nua seo faoi bhráid na Roinne Oideachais faoi dheireadh Eanáir 2018. Cuirfear faoi bhráid na cigireachta iad ina dhiaidh sin agus déarfaidh na cigirí sin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na pleananna inghlachta de réir treoracha an pholasaí.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin ó COGG le Tuairisc.ie inné nach bhfuil “duine ar bith ag súil go mbeidh gach scoil Ghaeltachta in ann tumoideachas a chur I bhfeidhm amárach” ach go gcabhróidh na cruinnithe seo leis na scoileanna éagsúla tabhairt faoi chur i bhfeidhm an pholasaí.

“Tá scoileanna ann sa Ghaeltacht nach bhfuil ach fíorbheagán de na hábhair á múineadh I nGaeilge agus tá scoileanna eile ann a bhfuil an teagasc ar fad i nGaeilge ach a bhfuil riar maith de na daltaí gan Gaeilge nuair a thagann siad isteach sa scoil. Cabhróidh na cruinnithe seo leis na scoileanna éagsúla dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Tús á chur ag COGG le sraith cruinnithe do scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí oideachais'