Dánta dátheangacha
Pádraic Fiacc
Arna chur in eagar ag Michael McKernon
Foilsithe ag MH Press
Bhain Pádraic Fiacc (1924-2019), file, leis an ghlúin iomráiteach sin d’fhilí Béarla a tháinig chun cinn le linn thréimhse sin an fhoréigin sa Tuaisceart ar a dtugtar Na Trioblóidí. Seans mór nach n-aithníonn tú a ainm nó, bíodh is go raibh sé ag saothrú leis roimh, agus le linn, ré sin Heaney, Montague, Longley agus Carson, ní dócha gur bréag a rá nach raibh sé i láthair an phobail go díreach chomh minic agus a bhí siadsan.
Ina ainneoin sin, agus mar a thugann eagarthóir an leabhair seo, Michael McKernon, le fios, bhain Fiacc gradam cuimhneacháin AE amach as feabhas a chuid filíochta i 1957 agus bhí Fiacc ina bhall d’Aosdána ó 1981 go 2019. Ó na 1940idí ar aghaidh, foilsíodh mórán dántaí dá chuid ar fhoilseacháin Éireannacha.
Le Béal Feirste is mó a luaitear Fiacc agus bhí sé le feiceáil sa chathair an t-am sin thiar ach ní cuimhin liom go gcuala mé é ag léamh a chuid filíochta go poiblí. Bhí clú ar a shaothar as a bheith amh álainn agus creatlach ar a chuid Béarla a bhí éagsúil, dúshlánach, fiú. Bhí ciall dá chuid féin aige dá raibh ag tarlú i mBéal Feirste agus dóigh ar leith aige le portráidí an phobail a tharraingt ar phár.
(Casadh ar an léirmheastóir seo é i dteach Aodáin agus Áine Mhic Phoilín i nGaeltacht Bhóthar Seoighe lá den tsaol ach “Joe” a thug siad air agus bhí tiúin Phoncánach ar a chuid Béarla, iarmsaí den tseal fhada a chaith sé i Nua-Eabhrac. Tamall ina dhiaidh sin a tuigeadh dom gur ainm pinn a bhí ann mar Phádraic Fiacc. Eagla orm a rá go raibh mise róchúthail le forrán a chur air an chéad uair eile a chonaic mé é. An chúthail chéanna a choinnigh siar mé ó fhorrán a chur ar an fhile R.S. Thomas agus é i láthair ag ócáid de chuid na Comhairle Ealaíon i mBéal Feirste fadó fadó ach sin scéal eile.)
Cuí, mar sin, an bhéim a leagann an leabhar nua dátheangach seo – Turas Filíochta/A Poetic Journey: dánta dátheangacha Pádraic Fiacc (MH Press) – béim ar an cheangal a bhí ag Fiacc le Béal Feirste, a chathair dhúchais.
Céad bliain ó shin a saolaíodh sa chathair sin é agus tugann Michael McKernon cur síos gairid ar shaol luath an fhile, á rá go bhfuil ‘a chuid filíochta agus a chuid scríbhinní, a léiríonn cúiseanna streachailte chomh maith le buanna a chathrach dhúchais, mar chuid lárnach dár gcreat cultúrtha … Ní hamháin gurbh fhile é Pádraic Fiacc ach labhair sé ar a son siúd a fágadh faoi thráma agus eagla le linn cuid de na laethanta ba dhúshlánaí dá raibh againn’.
Beagnach 40 dán dá chuid atá sa leabhar agus iad aistrithe go Gaeilge ag meitheal aistritheoirí ó shaol na Gaeilge: Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir agus file; Eoghan Mac Giolla Bhríde, scríbhneoir; Maighréad Uí Mháirtín, iarchathaoirleach Fhoras na Gaeilge agus Mary Delargy, iarleabharlannaí i mBéal Feirste agus bean a raibh aithne mhaith ag lucht teanga na cathrach uirthi.
Ar an ábhar go bhfuil an oiread sin aistritheoirí sa leabhar – dóthain le foireann peile nó iomána a chur chun catha i bPáirc an Chrócaigh – is doiligh tuairim mheáite ar bith a thabhairt ar a gcur chuige i leith an aistriúcháin. Más fíor gur ag gach bó a lao, is fíor chomh maith céanna gur ag gach aistritheoir a líne. Beidh deis ag an léitheoir filíocht Fiacc a léamh faoi dhó, mar sin, an dán Béarla agus an Doppelganger Gaeilge, agus ligean don dá leagan dul a shúgradh sa tsamhlaíocht.
Seans atá ann le haithne a chur ar an fhile sa teanga a roghnaigh sé mar uirlis chruthaitheach agus seans eile dul i ngleic, i gcomhrá agus i dtiúin leis na leaganacha éagsúla Gaeilge agus brí agus spraoi a bhaint astu sin de réir a chéile.
Scríobhann duine de na haistritheoirí sin, agus ceannasaí an ghrúpa Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais, gur chaith Fiacc “a shaol ag criathrú ghairbhéal uirbeach na cathrach ionann is gur grinneall na mara é; ag cuardach ar an imeall idir a shráideanna griothalacha dúchasacha féin agus an dúlra a bhí fite fuaite iontu…”
B’fhéidir gur leor dán amháin leis an téis sin a léiriú, ‘Storm Bird’, atá aistrithe go Gaeilge mar, Éan Stoirme, le Caoimhín Ó Seanáin:
“Is ar eití na gaoithe a thagann
Gach cor a chuirim díom.
Mise cogar na gaoithe.
Déan neamhaird díom.
Cé gur leis an áilleacht mé, chan leis an saol
Is glór shiolla an éin mé a chluintear sa ghaoth.
Mise an lon dubh
I mo nead mhillte ag ceol:
‘Tá áilleacht nach bhfeiceann muid in achan uile ní.’
Le cois na filíochta féin, tá neart nótaí ar na dántaí (agus ar na haistritheoirí) ar chúl an leabhair, áis luachmhar ag an té atá ag iarraidh cur lena n-eolas ar an tsaothar. Peaca a bheadh ann fosta gan na léaráidí daite breátha a rinne McKernon le filíocht Fiacc a chomóradh feadh an bhealaigh a lua; tá íomhá álainn éachtach le gach aon dán beagnach agus iad uilig thar barr. Dá mbeadh na híomhánna céanna crochta i bhfráma ar do bhalla féin, is agat a bheadh dánlann ar dóigh.
Is maith, mar sin, go bhfuil an leabhar le fáil agat agus deis agat ligean don fhilíocht agus don ealaín dul i bhfeidhm ort.
Fág freagra ar 'Turas fiúntach filíochta i dteannta Phádraic Fiacc'