‘Tuige a bhfuil airgead á chaitheamh ar naíonraí Béarla sa Ghaeltacht agus an chluas bhodhar á tabhairt dúinne?’ – iontas ar lucht an Chrann Taca faoi chur chuige na Roinne

Deir Rúnaí cheann de phríomhionaid tacaíochta teaghlaigh na Gaeltachta, An Crann Taca in Indreabhán, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an t-ionad a tógadh ‘mar eiseamláir den chúram leanaí lán-Ghaeilge agus den phleanáil teanga’ anois ‘le caitheamh i dtraipisí’

‘Tuige a bhfuil airgead á chaitheamh ar naíonraí Béarla sa Ghaeltacht agus an chluas bhodhar á tabhairt dúinne?’ – iontas ar lucht an Chrann Taca faoi chur chuige na Roinne

Údar iontais é do lucht cheann de phríomhionaid tacaíochta teaghlaigh na Gaeltachta go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tacú le naíonraí atá ag feidhmiú trí Bhéarla fad is atá “an chluas bhodhar” á tabhairt dóibh féin.

I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt Lochlainn Ó Tuairisg, Rúnaí an Chrann Taca in Indreabhán i gConamara, gur údar díomá do lucht an ionaid sin an tslí a bhfuil Roinn na Gaeltachta ag caitheamh leo.

Dúirt Ó Tuairisg go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an t-ionad a tógadh “le hugach, le spreagadh agus le cabhair ó Roinn na Gaeltachta le bheith mar eiseamláir den chúram leanaí lán-Ghaeilge agus den phleanáil teanga” anois “le caitheamh i dtraipisí”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Rúnaí an Chrann Taca go raibh “ag cinnt” air “meabhair a bhaint as cur chuige na Roinne agus iad ag caitheamh airgid ar naíonraí Béarla sa Ghaeltacht agus ag diúltú glan dár n-iarratas ar dheontas”.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo go raibh breis is €810,000 le caitheamh as seo go ceann trí bliana mar thacaíocht bhreise don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Fógraíodh go gcaithfear cuid den €270,000 a cheadófar in aghaidh na bliana do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun spreagadh a thabhairt don 20 seirbhís luathoideachais sa Ghaeltacht atá ag feidhmiú trí Bhéarla an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre.

Cé gur chuir an Crann Taca fáilte roimh an maoiniú breise, dúirt Lochlainn Ó Tuairisg gurb é “an chluas bhodhar” atá á tabhairt ag an Roinn do lucht an ionaid in Indreabhán le leathbhliain anuas maidir lena n-éileamh ar dheontas reáchtála €70,000.

“Bhí an-iontas orainn nuair a fógraíodh go mbeidh Roinn na Gaeltachta ag tacú le seirbhísí atá ag feidhmiú trí Bhéarla sa nGaeltacht nuair atá an tlonad s’againn féin ag féachaint i dtreo gearradh siar, cheal maoinithe, ar na seirbhísí a chuireann muid ar fáil – rud a chuirfeas as go mór don tuairim is 100 teaghlach atá ag brath ar an tseirbhís seo – seirbhís lán- Ghaeilge, atá á cur ar fáil ag cainteoirí dúchais agus atá ag feidhmiú i gceantar catagóir A Gaeltachta,” a dúirt Lochlainn Ó Tuairisg.

Thréaslaigh lucht an Chrann Taca “an t-éacht” a rinne Comhar Naíonraí na Gaeltachta an maoiniú a fógraíodh an tseachtain seo caite a fháil, ach dúirt Ó Tuairisg go bhfuil “an-díomá” orthu gur diúltaíodh dá n-iarratas féin ar dheontas a chuirfeadh ar a gcumas, a deir sé, an ráta pá céanna a íoc is atá á íoc ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

“Cúis díomá é dúinne, áfach, mar ionad cúram leanaí nach bhfuil á reáchtáil ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta, gurb í an chluas bhodhar atá muide a fháil ón Roinn chéanna le leathbhliain agus muid ag cuartú níos lú ná an deichiú cuid den mhéid maoinithe a fógraíodh le gairid.

“Tá iarratas istigh againne ag Roinn na Gaeltachta ar dheontas reáchtála de €70,000 sa mbliain, a chuirfeadh ar chumas an Chrann Taca na rátaí pá atá Comhar Naíonraí a íoc faoi láthair, a íoc lenár gcuid fostaithe féin, ar an obair cheannann chéanna. Ach diúltú glan atá muid a fháil ón Roinn.”

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg nach bhfuil dóthain maoinithe ag an gCrann Taca chun daoine a mhealladh chun obair ann nó an dream atá ag obair ann a choimeád.

“Sa gCrann Taca, íocann an Naíonra as féin agus íocann an tSeirbhís larscoile as féin – is é sin le rá go n-íocann na táillí as an dream atá ag obair ann. Ach ní íocann an Naíolann as féin – costais foirne is cúis leis seo mar dá óige iad na gasúir is mó cúramóirí atá ag teastáil: 3:1 an coibhneas do ghasúir go dtí go mbíonn siad bliain d’aois, mar shampla.

“Ciallaíonn na rátaí ísle pá atá an Crann Taca in acmhainn a íoc – €10 san uair sa Naíolann – 45 cent os cionn an íosphá náisiúnta – go mbíonn sé ag cinnt orainn daoine a earcú agus ag cinnt orainn iad a choinneáil – agus cé a thógfadh orthu é.”

Deir Rúnaí an ionaid go bhfuil imní orthu chomh maith faoin “doiléire” a bhaineann leis an scéala go mbeidh an sciar sin den mhaoiniú a fhaigheann an Crann Taca go díreach ón Roinn (€15,000 sa bhliain), á aistriú chuig Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus “nach bhfuil aon chinnteacht ann go leanfaidh muid orainn ag fáil an airgid seo”.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal seo.

Fág freagra ar '‘Tuige a bhfuil airgead á chaitheamh ar naíonraí Béarla sa Ghaeltacht agus an chluas bhodhar á tabhairt dúinne?’ – iontas ar lucht an Chrann Taca faoi chur chuige na Roinne'

  • seordán

    Teanga i mbaol is ea an Béarla!? “Ní hé an bhochtaineacht is measa ach an tarcaisne a leanann í”.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    €270,000 de airgead Roinn na Gaeltachta le caitheamh ar naíonraí a fheidhmíonn tré Bhéarla sa Ghaeltacht agus ag an am céanna tá ionad cúram leanaí agus naíonra a fheidhmíonn go huile is go hiomlán tré Ghaeilge fágtha ar an ngannchuid! An é seo is ciall le pleanáil teanga a la Roinn na Gaeltachta?