TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Déanaigí cac gach re lá’ – Jair Bolsonaro

Bheadh comhairle timpeallachta uachtarán na Brasaíle greannmhar mura mbeadh géarchéim aeráide ann agus ról lárnach ag a thír sa scéal sin…

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Déanaigí cac gach re lá’ – Jair Bolsonaro

Cac a dhéanamh gach re lá – seachas gach uile lá – d’fhonn an timpeallacht a chaomhnú, ba í sin an chomhairle a bhí ag uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, d’iriseoir a cheistigh é faoi chúrsaí timpeallachta Dé hAoine seo caite.

Bhain na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta go leor grinn as ráiteas an uachtaráin agus go deimhin bheadh sé greannmhar mura mbeadh géarchéim aeráide ann agus ról lárnach ag an mBrasaíl sa scéal sin.

‘Scamhóga an domhain’ a thugtar ar cheantar na hAmasóine, foraois bháistí a bhfuil os cionn seasca faoin gcéad di sa Bhrasaíl agus a bhfuil tábhacht dhomhanda lena caomhnú sa chath i gcoinne théamh an domhain. Bhí an fhoraois i mbaol ó adhmadóirí dleathacha agus mídhleathacha riamh anall ach ó tháinig an tUachtarán Jair Bolsonaro i gcumhacht sa Bhrasaíl ag tús na bliana seo, tá slad as cuimse á dhéanamh ar an bhforaois. Creideann an tUachtarán gurb í an talmhaíocht ar scála ollmhór a shlánós an tír. Bhí méadú 278% ar an dífhoraoisiú i mí Iúil na bliana seo i gcomparáid le mí Iúil na bliana seo caite.

Sa Bhrasaíl féin agus thar lear, bhain na figiúirí sin siar astu siúd ar cás leo ceantar na hAmasóine. Ag deireadh mhí Iúil b’éigean do Ricardo Galvão, stiúrthóir áisíneacht spáis na Brasaíle (a dhéanann monatóireacht satailíte ar an dífhoraoisiú i gceantar na hAmasóine) éirí as a phost nuair a chuir an tUachtarán Bolsonaro i leith na háisíneachta go raibh ‘figiúirí bréige’ á bhfoilsiú ag an eagras. Ag tús na míosa seo d’fhógair rialtas na Gearmáine go gcuirfear stop le cúnamh airgid ar fiú €35 milliún é do thograí sa Bhrasaíl a bhfuil sé mar aidhm acu foraois na hAmasóine a chaomhnú. In agallamh leis an nuachtán Tagesspiegel, dúirt aire timpeallachta na Gearmáine, Svenja Schulze, go bhfuil amhras uirthi an é laghdú an ráta dífhoraoisithe i gceantar na hAmasóine an aidhm atá ag rialtas na Brasaíle a thuilleadh.

Ní nach ionadh, níor thaitin fógra rialtas na Gearmáine le Jair Bolsonaro. Dar le huachtarán na Brasaíle nach dteastaíonn airgead na Gearmáine óna thír chun ceantar na hAmasóine a chaomhnú agus, ní den chéad uair, chuir sé i leith na Gearmáine agus i leith thíortha eile san Eoraip gur ag iarraidh greim a fháil ar cheantar na hAmasóine atá siad.

Ach is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, agus d’fhéadfaí a mhaíomh go n-oireann an raic náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi cheantar na hAmasóine d’uachtarán na Brasaíle. Meallann an chaint sin aird na meán óna bhfuil ag déanamh tinnis do mhuintir na tíre dáiríre: go bhfuil 13 milliún duine dífhostaithe.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Déanaigí cac gach re lá’ – Jair Bolsonaro'