TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Maigh Eo caithréimeach sa cheo agus greadadh tugtha acu do Thiobraid Árann

Bhí peileadóirí Mhaigh Eo ar fheabhas ar fad sa chéad leath in aghaidh Thiobraid Árann i i gcluiche leathcheannais na hÉireann

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Maigh Eo caithréimeach sa cheo agus greadadh tugtha acu do Thiobraid Árann

Kevin McLoughlin agus pointe á fháil aige do Mhaigh Eo. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cluiche Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann

Maigh Eo 5-20 Tiobraid Árann 3-13

Páirc an Chrócaigh

B’fhéidir go mbeidh cluiche ceart craoibhe againn fós. Cé eile ach Maigh Eo a thabharfadh dóchas duit go mbeadh siad in ann dúshlán Átha Cliath a thabhairt?

An lá tar éis d’Áth Cliath greadadh a thabhairt don Cabhán, thug Maigh Eo greadadh do Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí seaimpíní Chonnacht ar fheabhas ar fad sa chéad leath agus bhí siad 16 pointe chun tosaigh, 4-12 in aghaidh 1-5, ag leatham.

Beidh James Horan buartha faoin méid seansanna a thug siad do Thiobraid Árann, áfach, go háirithe sa dara leath. Má thugann siad an oiread deiseanna ar chúil d’Áth Cliath sa chluiche ceannais, ní hiad Maigh Eo a bheidh i mbun an tsléachta.

Níl aon amhras ach gur chuidigh taispeántas Thiobraid Árann le Maigh Eo inniu. Chuir na Muimhnigh deiseanna den scoth amú nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá agus chlis ar fad orthu agus iad i mbun cosanta.

Ní fhéadfaí ach a bheith tógtha le himirt Mhaigh Eo, mar sin féin. Bhí Tiobraid Árann sa choimhlint ar feadh 10 nóiméad agus ansin, go tobann, bhí an cluiche thart.

Thug Maigh Eo ceann de na taispeántais is fearr atá tugtha acu i bPáirc an Chrócaigh sa chéad leath. Bhí siad díograiseach i mbun oibre lár na páirce, mar a bhíonn i gcónaí, ach rinne tosaithe Mhaigh Eo an cinneadh ceart nach mór gach uair a bhfuair siad seilbh na liathróide, rud nach bhféadfaí a rá i gcónaí faoi thosaithe Mhaigh Eo blianta eile.

3-6 a fuair Cillian O’Connor sa chéad leath féin. Rinne Tommy Conroy scrios agus Ryan O’Donoghue agus Kevin McLoughlin i mbarr a maitheasa freisin. Nior chuir Maigh Eo iarracht ar bith ar fóraoil sa chéad leath sin.

D’fhéadfadh go mbeadh scéal eile ar fad ann dá mbeadh na deiseanna a bhí ag Tiobraid Árann sa chéad deich nóiméad tapaithe acu. Ag Michael Quinlivan a bhí an chéad cheann, ach, gan ach David Clarke idir é agus an cúl, ní raibh sé cinnte céard ba cheart dó a dhéanamh agus thug sé seans don chúl báire lámh a chur lena iarracht.

Ceithre nóiméad ina dhiaidh sin, bhí deis iontach eile ag Conor Sweeney. Chuir Quinlivan pas gleoite trasna na páirce chuige ach bhuail Sweeney an liathróid díreach isteach i gcliabhrach David Clarke.

Mar bharr ar an donas do Thiobraid Árann, fuair Maigh Eo a gcéad chúl níos lú ná 60 soicind ina dhiaidh sin. Baineadh an liathróid de Kevin Fahey agus é ag teacht amach léi, thug Aidan O’Shea pas do Tommy Conroy a thug pas do Cillian O’Connor a bháigh san eangach í.

I ndiaidh an chluiche tráthnóna, leag captaen Thiobraid Árann Conor Sweeney bláthfhleasc sa chúinne den pháirc inar maraíodh Michael Hogan Domhnach na Fola 1920. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí ábhar dóchais ag Thiobraid Árainn nuair a d’éirigh le Brian Fox cúl a scóráil do sheaimpíní na Mumhan ach léirigh Maigh Eo an cumas atá iontu ina dhiaidh sin.

D’aimsigh siad ceithre phointe as a chéile roimh an mbriseadh uisce agus faoin am go raibh 24 nóiméad imeartha, bhí siad sé phointe chun tosaigh, 1-9 in aghaidh 1-3. Ansin, tháinig na cúil.

Bhuaigh Maigh Eo seilbh na liathróide leathchéad slat amach ó chúl Thiobraid Árann. Thug Eoghan McLaughlin pas do Tommy Conroy agus chruthaigh seisean cúl eile do Cillian O’Connor.

Sula raibh cúig nóiméad eile caite bhí an tríú cúl ag O’Connor é buíoch an uair seo do phas uafásach trasna an chúil ó Liam Casey. Bhí tuilleadh crá croí i ndán do Thiobraid Árann ag deireadh an chéad leatha nuair a thit cic 65 Cillian O’Connor i mbéal an chúil. Bhí a dheartháir, Diarmuid, ann chun lámh a chur léi agus cúl eile a fháil do Mhaigh Eo.

Bhí an cúigiú cúl ag clann Uí Chonchúir deich nóiméad isteach sa dara leath nuair a scóráil Cillian a cheathrú ceann ach ábhar imní do Mhaigh Eo agus James Horan ar thit amach ina dhiaidh sin.

Bhí ar a laghad deich gcinn de dheiseanna ar chúl ag Tiobraid Árann sa chluiche seo. Fuair siad an dara cúl faoi dheireadh agus 52 nóiméad imeartha nuair a scóráil an t-ionadaí Paudie Feehan tar éis do Thiobraid Árann cic amach ó Clarke a bhuachan.

D’aimsigh Conor Sweeney cúl gleoite agus an t-am nach mór caite ach ní dhearna sin ach an bhearna a bhí idir na foirne a laghdú beagáinín.

 Bhí an dochar déanta i bhfad roimhe sin.

Maigh Eo: D. Clarke, O. Mullin, C. Barrett, L. Keegan; P. Durcan (0-1), S. Coen, E. McLaughlin; C. Loftus (0-1), M. Ruane (0-1); K. McLoughlin (0-1), R. O’Donoghue, D. O’Connor (1-0); T. Conroy (0-4, 0-1 ó mharc), A. O’Shea (0-1), C. O’Connor (4-9, 0-6 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: J. Flynn in áit D. O’Connor (42 nóim), P. O’Hora in áit C. Barrett (47 nóim), M. Plunkett in áit E. McLaughlin (52 nóim), T. Parsons in áit R. O’Donoghue (55 nóim), D. Coen (0-2) in áit C. O’Connor (66 nóim).

Tiobraid Árann: E. Comerford; A. Campbell, J. Feehan, C. O’Shaughnessy; B. Maher, K. Fahey (0-1), R. Kiely; S. O’Brien (0-1), L. Casey; C. O’Riordan (0-2), M. Quinlivan, Conal Kennedy; B. Fox (1-0), C. Sweeney (1-9, 0-8 ó chiceanna saora), Colman Kennedy. Fir Ionaid: E. Moloney in áit L. Casey (Leath ama), P. Austin in áit B. Fox (Leath ama), P. Feehan (1-0) in áit R. Kiely (52 nóim), D. Brennan in áit J. Feehan (55 nóim), L. Boland (0-1) in áit Colman Kennedy (55 nóim),

Réiteoir: David Gough.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Maigh Eo caithréimeach sa cheo agus greadadh tugtha acu do Thiobraid Árann'