Trúpaí na Rúise i bpríomhchathair na hÚcráine

Níl cead ag aon fhear idir 18 agus 60 bliain an Úcráin a fhágáil agus an cúltaca á choinscríobh leis an tír a chosaint

Trúpaí na Rúise i bpríomhchathair na hÚcráine

Bhí diúracáin na Rúise á radadh le príomhchathair na hÚcráine ó mhaidin agus d’iarr an Rialtas ansin ar an bpobal an chathair a chosaint. Tá trí mhilliún duine ina gcónaí i gCív agus a lán ag lorg tearmainn sna stáisiúin traenach faoi thalamh nó ag teitheadh ón gcathair agus trúpaí na Rúise le feiceáil sa bpríomhchathair den chéad uair. Moladh do mhná agus páistí an chathair a fhágáil dá bhféadfaidís.

An t-aon léas dóchais tráthnóna go ndúirt urlabhraí ón Kremlin, Dmitry Peskov, go raibh Vladimir Putin sásta cainteanna síochána a reáchtáil le toscaireacht ón Úcráin i Mionsc, príomhchathair na Bealarúise. Dúirt údaráis Chív go mbeadh an tUachtarán Zelenskyy sásta a bheith páirteach i gcainteanna síochána dá reáchtálfaí iad i Vársá na Polainne. Ag fanacht le freagra na Rúise atáthar anois agus an t-ionradh agus an scéin fós faoi lán seoil. 

San Úcráin féin níl cead ag aon fhear idir 18 agus 60 bliain an tír a fhágáil agus tá tús curtha le coinscríobh ghasra an chúltaca atá san aoisghrúpa sin. Inné d’fhógair an tUachtarán Volodymyr Zelenskyy ollslógadh náisiúnta chun an tír a chosaint.

Anseo in Éirinn d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inniu go bhfuil deireadh á chur láithreach leis na riachtanais víosa idir an Úcráin agus Éirinn. 

Dúirt an Roinn gur beart éigeandála é seo le cuidiú le daoine as an Úcráin a bhfuil gaolta acu anseo, Éireannaigh atá fós thall san Úcráin agus aon Úcránach a chaithfidh imeacht as an tír go tobann ar mhaithe lena sábháilteacht.

Aon duine a bhainfidh leas as an deis seo beidh 90 lá aige nó aici le víosa a fháil abhus.

Dúirt an tAire McEntee gur chuir ionradh na Rúise ar stát daonlathach “uafás” uirthi agus go seasfadh an tír seo leis an Úcráin agus a pobal agus go gcuideodh an tír seo leo “in am an éigin”.

Dúirt sí gur chóir d’aon saoránach de chuid na tíre seo a bhfuil cúnamh de dhíth orthu teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Ag cruinniú d’airí gnóthaí eachtracha bhallstáit an Aontais Eorpaigh inniu, glacadh le cinneadh sócmhainní Eorpacha a bhfuil baint acu le hUachtarán Putin na Rúise agus lena Aire Gnóthaí Eachtracha Sergei Lavrov, a chalcadh chomh maith le sócmhainní Rúiseacha eile.

Chuir Comhairle na hEorpa ionadaíocht na Rúise chun na heagraíochta sin, a chosnaíonn cearta an duine, ar fionraí inniu.

Tá sé fógartha ag údaráis na hÚcráine gur chuir siad in iúl don Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach nach bhfuil smacht acusan níos mó ar na slata breosla radaighníomhacha as stáisiún núicléach Chernobyl ó ghabh trúpaí na Rúise an áit sin inné.

Léirigh na húdaráis imní faoi na “hiarmhairtí comhshaoil agus daonnúla” a d’fhéadfadh a bheith ar aon tubaiste a tharlódh áit a bhfuil plúitóiniam-239 go leor stóráilte, “tubaiste nach n-aithneodh aon teorainn”. 

Bhí léirsiú eile taobh amuigh d’Ambasáid na Rúise tráthnóna chun tacaíocht a léiriú do mhuintir na hÚcráine. Bhí roinnt léirsitheoirí ag éileamh go ndíbreofaí ambasadóir na Rúise chun na tíre seo. 

Fág freagra ar 'Trúpaí na Rúise i bpríomhchathair na hÚcráine'