Tréimhse ‘chinniúnach’ roimh an Ghaeilge agus an feidhmeannas ag filleadh

Deir Conradh na Gaeilge agus an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) go gcaithfear a chinntiú ar bhonn ‘práinne’ go dtabharfar cosaint don Ghaeilge agus do chainteoirí Gaeilge

Tréimhse ‘chinniúnach’ roimh an Ghaeilge agus an feidhmeannas ag filleadh

Beidh ceapadh coimisinéara teanga, foilsiú na chéad straitéise don Ghaeilge agus deireadh leis an chosc 300 bliain atá uirthi sna cúirteanna ó thuaidh i measc na bpríomhéileamh ag lucht na teanga ó thuaidh nuair a athbhunófar feidhmeannas Stormont.

D’fhéadfadh roinnt na cumhachta a bheith ar ais ar a cosa taobh istigh de chúpla lá tar éis don Pháirtí Aontachtach Daonlathach [DUP] a mbeannacht a thabhairt do shocrú faoina bhfillfeadh a gcuid comhaltaí ar Fheidhmeannas Stormont.

Agus deireadh tagtha le baghcat an DUP ar an fheidhmeannas comhroinnte, baghcat a d’fhág nár cuireadh i bhfeidhm aon ghné den reachtaíocht teanga ó achtaíodh í breis agus bliain ó shin, deir Conradh na Gaeilge go bhfuil tréimhse “iontach cinniúnach” roimh an Ghaeilge agus lucht na teanga sa Tuaisceart.

Deir an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) go bhfuil ceisteanna práinneacha ann ar ghá don fheidhmeannas dul i ngleic leo lena chinntiú go dtabharfar cosaint don Ghaeilge agus do chainteoirí Gaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Daniel Holder, stiúrthóir an CAJ, eagraíocht cearta daonna sa Tuaisceart, go bhfuil “dhá cheist phráinneacha le réiteach ag an Fheidhmeannas nua” – ceapadh an choimisinéara teanga agus foilsiú na straitéise Gaeilge.

“Níor ceapadh go fóill an Coimisinéir Teanga don Ghaeilge a bunaíodh faoi Acht 2022 – beidh an cúram sin ar an Chéad-Aire agus ar an LeasChéad-Aire nuair a bheidh Stormont ag feidhmiú arís. Bhí ar chumas an Státrúnaí an cúram sin a chur i gcrích idir an dá linn ach ní dhearna sé é,” a dúirt Holder.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge agus gníomhaí teanga leis an Dream Dearg, go bhfuil práinn mhór ag baint le ceapadh an chéad choimisinéara teanga ó thuaidh agus le foilsiú na gcaighdeán teanga.

“Tá an tréimhse seo ag dul a bheith iontach cinniúnach don Ghaeilge anseo. Cé gur tháinig an reachtaíocht nua teanga isteach in Westminster breis agus bliain ó shin, ní fhaca muid aon mhír de na dlíthe úra sin curtha i bhfeidhm fós.

“Le hathbhunú na n-institiúidí agus an Fheidhmeannais ag Cnoc an Anfa, aistreofar cúraimí maidir le feidhmiú na reachtaíochta sin go hOifig an Fheidhmeannais, agus beidh ceapadh an Choimisinéara Gaeilge ina scrúdú luath ollmhór ar an oifig roinnte sin idir an Chéad agus an LeasChéad-Aire.

“Tá muid ag súil go mór le caighdeáin teanga a fheiceáil, ní hamháin do na Ranna Rialtais uilig, ach do na húdaráis phoiblí go léir ó thuaidh, agus beidh muid ag obair leis an Choimisinéir Gaeilge le cinntiú go dtagann polasaithe ‘dea-chleachtais’ chun cinn, faoi mar atá luaite san Acht nua,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Daniel Holder, CAJ

An dara gnó práinneach atá roimh an Fheidhmeannas nua an dualgas dlí atá ann glacadh le straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, a deir an CAJ. Tá an baol ann go dtabharfar tuilleadh cásanna dlí i gcoinne an fheidhmeannais mura bhfoilsítear í, a deir Daniel Holder.

“An dara gnó práinneach atá roimh an Fheidhmeannas nua an dualgas dlí atá ann glacadh le straitéis don Ghaeilge, atá thar am a dhéanamh. Tá breith tugtha sna cúirteanna faoi dhó gur go neamhdhleathach a ghníomhaigh an Feidhmeannas agus cosc á chur aige ar an Straitéis teanga sin.

“Rinneadh dul chun cinn suntasach tar éis Ré Nua, Cur Chuige Nua agus dréachtaíodh sain-treoirphlean don straitéis sin – ba chóir dul chun cinn a dhéanamh air sin láithreach nó tá an baol ann go mbeidh tuilleadh cásanna á dtabhairt sna cúirteanna,” a dúirt Daniel Holder.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh go bhfuil sé tábhachtach go bhfoilseofaí “go han-luath” an chéad straitéis don Ghaeilge ó thuaidh agus go gcuirfí “na hacmhainní cuí” ar fáil lena cur i bhfeidhm.

“Tá an obair uilig déanta chun an chéad Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó thuaidh a ullmhú, straitéis a gealladh sa dlí in 2006. Beidh ar an Fheidhmeannas an Straitéis sin a aontú go han-luath agus na hacmhainní cuí a chur leis chun na beartais a luaitear ann a mhaoiniú mar is ceart ón chéad lá,” a dúirt Ó Tiarnaigh,

Dúirt Daniel Holder chomh maith go raibh cosaint “níos daingne” á lorg ag Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa don teanga agus gur gá don fheidhmeannas breathnú ar an reachtaíocht don oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh, atá “tite ar gcúl”.

Dúirt Holder gur gá go dtabharfaí feidhm freisin don reachtaíocht a dhéanfadh aisghairm ar deireadh thiar ar an chosc atá ar an Ghaeilge sna cúirteanna ó 1737.

Deir Conradh na Gaeilge gur gá don fheidhmeannas réiteach a fháil chomh maith ar na deacrachtaí maoinithe a chruthaigh an folús polaitiúil sa Tuaisceart d’Fhoras na Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas.

“Beidh ceisteanna móra ar an Rialtas úr seo ó thuaidh maidir leis an eagrais trasteorann, agus beidh suim ollmhór ag pobal na Gaeilge sa leibhéal maoinithe a rachaidh go Foras na Gaeilge, atá ag feidhmiú ag leibhéal maoinithe níos ísle anois ná mar a bhí siad in 2003.

Nuair a athbhunófar Stormont, beidh fáil ag Foras na Gaeilge ar €700,000 a bhí curtha ar leataobh ag an Rialtas ó dheas dóibh sa bhuiséad deireanach.

D’fhéadfaí an reachtaíocht le feidhm a thabhairt don socrú leis an DUP a rith i dTeach na dTeachtaí in Westminster Déardaoin beag seo, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh Tionól Stormont teacht le chéile ar an Satharn chun Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a thoghadh.

Tá sé á mhaíomh ag an DUP gur éirigh thar cionn leo tar éis dóibh baghcat a dhéanamh ar dhílárú na cumhachta le beagnach dhá bhliain.

Tharraing an DUP amach as an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann agus Creat Windsor a d’eascair uaidh. Áitíonn páirtí an DUP go lagaíonn an creat sin ionad Thuaisceart Éireann taobh istigh den Ríocht Aontaithe ach go dtabharfaidh an socrú nua seo cosaint do ról sin na sé chontae.

Tá sé i gceist na sonraí atá sa socrú seo a rinneadh idir an DUP agus Rialtas na Breataine a fhoilsiú.

Tá pacáiste airgid £3.3 billiún geallta ag an Rialtas thall mar thacaíocht don Fheidhmeannas ach a bhfillfidh sé. San áireamh ansin tá beagnach £600 milliún le freastal ar na héilimh phá atá ag oibrithe san earnáil phoiblí.

Fág freagra ar 'Tréimhse ‘chinniúnach’ roimh an Ghaeilge agus an feidhmeannas ag filleadh'