Tráma idirghlúine na cogaíochta le scagadh ar TG4

Díreoidh ‘Tráma Teaghlaigh’ ar an tionchar a bhí, agus atá, ag uafáis thréimhse réabhlóideach na hÉireann ar mheabhairshláinte na ndaoine a bhí páirteach agus a sliocht

Tráma idirghlúine na cogaíochta le scagadh ar TG4

Tá cuma shuimiúil, thathagach ar an tsraith faisnéise Tráma Teaghlaigh a thosóidh ar TG4 anocht. Fiosróidh na trí chlár uair an chloig seo an tráma idirghlúine a bhaineann le huafáis na cogaíochta. Díreofar ar an tionchar a bhí ag na huafáis le linn thréimhse réabhlóideach na hÉireann ar mheabhairshláinte na ndaoine a bhí páirteach agus a sliocht.

Óir go raibh binb faoi leith ag baint le Cogadh na gCarad ní haon iontas go mairfeadh an tionchar ar feadh blianta agus glúnta. Gné é sin de stair réabhlóideach na hÉireann nach bhfuil mórán cíortha déanta air agus beidh sé an-suimiúil féachaint conas mar a rachfar i ngleic leis an ábhar tromchúiseach seo. Tá míreanna d’agallaimh ón gcartlann nach bhfacthas cheana mar chuid de na cláir seo agus iad cniotáilte le hagallaimh le leanaí agus garleanaí lucht na coimhlinte.

Sa chéad chlár déanfar cíoradh ar dhá uafás éagsúla. An chéad cheann acu ná sléacht Bhaile Uí Shíoda i Márta na bliana 1923 mar ar dúnmharaíodh ochtar príosúnach Poblachtánach nuair a ceanglaíodh iad de mhianach talún. Pléifear chomh maith feallmharú Kevin O’Higgins i 1927, blianta tar éis do Chogadh na gCarad teacht chun críche. Díreofar ar thrí theaghlach sa tsraith, muintir Fuller, O’Connor agus O’Higgins-O’Malley.

Scéal mhuintir Ryan as Tuaim Chúil i gContae Loch Garman a bheidh idir chamáin sa dara clár. Do scoilt Cogadh na gCarad an teaghlach ina thrí chuid; bhí beirt de na deirfiúracha i bhfabhar an chonartha, ceathrar eile den chlann i gcoinne an chonartha agus shocraigh an chuid eile den chlann go mbeidís neodrach.

Níor tháinig deireadh leis an naimhdeas le deireadh Chogadh na gCarad. Sa tríú clár déanfar iniúchadh ar an naimhdeas seo a mhair ar feadh na mblianta. Scéal é seo a bhaineann le himirce, príosúnacht agus fadhbanna meabhairshláinte. Díreoidh sé ar an méid a tharla do theaghlaigh Briscoe, Dalton, Mallin agus MacSwiney.

Craolfar Tráma Teaghlaigh ar TG4 ag 9.30pm gach Céadaoin ar feadh trí seachtaine.

Fág freagra ar 'Tráma idirghlúine na cogaíochta le scagadh ar TG4'