TOGHCHÁN 2020: Beochlúdach speisialta á dhéanamh ag na meáin chraolta Ghaeilge agus Tuairisc.ie ar Olltoghchán 2020

Beidh tuairisciú beo á dhéanamh ag Tuairisc.ie ar an gcomhaireamh Dé Domhnaigh agus Dé Luain

TOGHCHÁN 2020: Beochlúdach speisialta á dhéanamh ag na meáin chraolta Ghaeilge agus Tuairisc.ie ar Olltoghchán 2020

Beidh teacht ar na scéalta móra is déanaí ó Olltoghchán 2020 an deireadh seachtaine seo ar na meáin chraolta Ghaeilge agus ar Tuairisc.ie.

Beidh tuairisciú beo á dhéanamh ag Tuairisc.ie ar an gcomhaireamh Dé Domhnaigh agus Dé Luain agus gach cor sa scéal againn dár léitheoirí ón nGaeltacht agus ó cheann ceann na tíre.

Cuirfear tús le cláir speisialta thoghcháin RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Domhnaigh ag 9am agus beidh siad ag craoladh go dtí oíche Dé Luain ag 9pm.

Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár Lá an Chomhairimh i láthair Dé Domhnaigh nó go mbeidh sé ina mheán oíche agus beidh Cormac Ó hEadhra ina dteannta Dé Luain.

Beidh  iriseoirí de chuid RnaG sna hionaid chomhairimh ar fud na tíre agus i measc na ndaoine a bheidh i mbun anailíse sa stiúideo acu, beidh an staraí Gearóid Ó Tuathaigh, an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an ceardchumannaí Aoife Ní Shúilleabháin, colúnaí Tuairisc.ie Cathal Mac Coille agus an t-iar-aire Gaeltachta Pat Carey.

Beidh iriseoirí ar fud na tíre chomh maith ag Nuacht TG4 agus cláir speisialta sa tsraith Vóta 2020 á gcraoladh acu Dé Domhnaigh agus Dé Luain. Beidh painéal saineolaithe sa stiúideo i mBaile na hAbhann chomh maith chun scagadh a dhéanamh ar na torthaí.

Beidh scéalta an toghcháin faoi chaibidil chomh maith ag na meáin Ghaeilge ar na meáin shóisialta. #togh2020 an haischlib Ghaeilge atá in úsáid d’Olltoghchán 2020.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Beochlúdach speisialta á dhéanamh ag na meáin chraolta Ghaeilge agus Tuairisc.ie ar Olltoghchán 2020'