TJ Reid, Brendan Maher agus Evan Shefflin ainmnithe don ghradam ‘Iománaí Club na Bliana’

Tá cúig imreoir déag ó shé chumann roghnaithe ar shárfhoireann club na bliana

TJ Reid, Brendan Maher agus Evan Shefflin ainmnithe don ghradam ‘Iománaí Club na Bliana’

TJ Reid, Brendan Maher agus Evan Shefflin. Pictiúir: INPHO

Tá laochra de chuid Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann san iomaíocht do ghradam Iománaí Club na Bliana agus é fógartha go bhfuil ainmniúcháin faighte ag TJ Reid as Seamróga Bhaile Héil agus ag Brendan Maher as Buiríos Ó Luigheach.

Bhí an bheirt ina gceannairí ar na foirne a bhain áit amach i gcluiche ceannais na gclubanna mí Eanáir, nuair a d’éirigh le fir Bhaile Héil an chraobh a thabhairt leo don dara bhliain as a chéile.

Tá imreoir eile ó fhoireann sheaimpíní na hÉireann, Evan Shefflin, san áireamh don mhórghradam chomh maith. D’imir Shefflin, mac dearthár le Henry Shefflin, sa líne leathchúil ar fhoireann Bhaile Héil in 2019/20.

Cúigear ó chumann Chill Chainnigh atá roghnaithe ar shárfhoireann na bliana. Chomh maith le Shefflin agus Reid, tá áit ar an bhfoireann ag Joey Holden, Darren Mullen agus Colin Fennelly.

Tá cúigear ó fhoireann Bhuiríos Ó Luigheach a bhuaigh Craobh na Mumhan ainmnithe chomh maith. I gcuideachta Brendan Maher, tá James McCormack, Paddy Stapleton, Dan McCormack agus Jerry Kelly.

Bhuaigh Sleacht Néill as Doire Craobh Uladh in 2019 agus tá beirt acu ar an tsárfhoireann, Chrissy McKaigue agus Brendan Rogers. Bhí Rogers ar shárfhoireann an craoibhe dhá bhliain ó shin agus roghnaíodh McKaigue ar shárfhoireann pheile 2018.

Is iad Shane Cooney (Naomh Tomás), Dessie Hutchison (Baile Gunnair) agus Martin Kavanagh (Naomh Móiling) an triúr eile atá roghnaithe ar an bhfoireann sáriománaithe club.

Painéal d’iriseoirí a roghnaigh an fhoireann. Bronnfar na gradaim agus fógrófar Iománaí na Bliana ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé hAoine.

Sárfhoireann Iomána AIB CLG na Bliana
1. James McCormack (Buiríos Ó Luigheach)
2. Paddy Stapleton (Buiríos Ó Luigheach)
3. Joey Holden (Seamróga Bhaile Héil)
4. Darren Mullen (Seamróga Bhaile Héil)
5. Evan Shefflin (Seamróga Bhaile Héil)
6. Brendan Maher (Buiríos Ó Luigheach)
7. Shane Cooney (Naomh Tomás)
8. Dan McCormack (Buiríos Ó Luigheach)
9. Christopher McKaigue (Sleacht Néill)
10. Brendan Rogers (Sleacht Néill)
11. TJ Reid (Seamróga Bhaile Héil)
12. Jerry Kelly (Buiríos Ó Luigheach)
13. Dessie Hutchinson (Baile Gunnair)
14. Colin Fennelly (Seamróga Bhaile Héil)
15. Martin Kavanagh (Naomh Móiling)

Fág freagra ar 'TJ Reid, Brendan Maher agus Evan Shefflin ainmnithe don ghradam ‘Iománaí Club na Bliana’'