Titim i líon na gcainteoirí Breatnaise – suirbhé nua

Tá líon na gcainteoir Breatnaise tite ó 317,300 go 310,000 de réir suirbhé a choimisiúnaigh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla, áfach.

image_update_9716c55ecb65c67e_1361818646_9j-4aaqsk
Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

 

Tá líon na gcainteoir Breatnaise tite ó 317,300 go 310,000 de réir suirbhé a choimisiúnaigh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla, áfach.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé a choimisiúnaigh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, ar úsáid na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, go bhfuil líon na gcainteoirí tite in imeacht deich mbliana.

De réir na dtorthaí a foilsíodh inné, tá an Bhreatnais ar a dtoil ag 310,600 de mhuintir na Breataine Bige. Nuair a rinneadh a mhacasamhail de shuirbhé deich mbliana ó shin bhí 317,300 cainteoir Breatnaise sa tír.

Thug 46% díobh siúd a raibh an Bhreatnais acu le fios gur mheas siad iad féin a bheith líofa sa teanga. Thug 22% eile le fios go raibh tuiscint mhaith acu uirthi. Deich mbliana ó shin, dúirt 58% go raibh Breatnais líofa acu agus 21% go raibh tuiscint mhaith acu uirthi.

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a thug le fios go labhraíonn siad an Bhreatnais gach lá, áfach. Nuair a rinneadh an suirbhé deiridh, dúirt 342,000 duine a raibh an tríú bliain slánaithe acu gur labhair siad an Bhreatnais ar bhonn laethúil. Tháinig méadú 11,000 duine ar an bhfigiúr sin in imeacht deich mbliana; thug 353,000 duine le fios gur go laethúil a labhair siad an teanga.

Dúirt an oifig Comisiynydd y Gymraeg (Oifig an Choimisinéara Teanga) le Tuairisc.ie gurbh iad daltaí scoile den chuid is mó ba chúis leis an difríocht idir líon na gcainteoirí cumasacha agus líon na gcainteoirí laethúla.

De réir na bhfigiúirí, labhraíonn os cionn leath na gcainteoirí cumasacha Breatnais go laethúil agus ní labhraíonn 5% acu ar chor ar bith í. Is í an Bhreatnais an phríomhtheanga baile ag 62,120 duine sa Bhreatain Bheag.

Bhain ceisteanna eile ar an suirbhé faoin teanga leis an gcaoi a ‘labhraítear’ ar líne í. Is i mBreatnais a chuireann duine as ochtar a chuid téacsanna agus duine as deichniúr a chuireann a chuid ríomhphost sa teanga.

Luadh na meáin shóisialta Twitter agus Facebook sa suirbhé freisin agus thug 9% le fios gurbh í an Bhreatnais a rogha teanga ar Facebook. 6% a bhaineann leas aisti ar Twitter. Tá an Bhreatnais ar an tríú mionteanga is folláine ar Twitter, dar leis an suíomh anailíse indigenoustweets.com.

Tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Breatnaise a bhraith gur tugadh tacaíocht dóibh maidir le húsáid a dteanga ina n-áit oibre. Sna háiteanna oibre sin, tugadh suaitheantas (ar nós an Fháinne) do Bhreatnaiseoirí le go n-aithneoidís a chéile.

Dúirt Meri Huws, an Coimisinéir Teanga, gur mór an cúnamh í an taighde seo di agus an Bhreatnais á cur chun cinn aici.

“Tugann an taighde seo bunús láidir dúinn, agus cabhróidh sé liomsa, agus mé i mo Choimisinéir Teanga, leis an Rialtas agus leis na forais agus eagraíochtaí eile atá ag obair ar son na Breatnaise an teanga a chur i lár an aonaigh i saol poiblí na Breataine, agus ár gcuid oibre agus tosaíochtaí a phleanáil,” a dúirt sí.

Chuir Céad-Aire na Breataine Carwyn Jones fáilte roimh thorthaí an tsuirbhé freisin. Choimisiúnaigh Rialtas na Breataine an suirbhé i gcomhpháirt le hoifig Comisiynydd y Gymraeg.

“Is iomaí rud dearfach atá le feiceáil i dtorthaí an tsuirbhé ach tá dúshláin romhainn freisin. Seo am na cinniúna don teanga agus táimid diongbháilte, mar Rialtas, na dúshláin seo a shárú agus a chinntiú go mbeidh todhchaí fholláin bhríomhar roimh an teanga,” a dúirt Céad-Airena Breataine.

Cuireadh tús leis an suirbhé anuraidh agus foilsíodh torthaí an chéad den saothar chuid inniu. Leanfar leis an taighde go deireadh na bliana 2016 agus foilseofar torthaí nua an bhliain seo chugainn agus an bhliain dár gcionn.

Fág freagra ar 'Titim i líon na gcainteoirí Breatnaise – suirbhé nua'