Tis lovely to hear the bit of Irish spoken, ach cé mhéad duine a vótálfaidh dá réir?

An scéal mór seal lae scéal na Gaeilge i dtoghchán uachtaránachta 2025 nó an amhlaidh go bhfuil rud éigin difriúil ag tarlú an geábh seo?

Tis lovely to hear the bit of Irish spoken, ach cé mhéad duine a vótálfaidh dá réir?

Agus gan aige ach cúig bliana d’aois, ba é Rian Mac Giolla Bhríde as Indreabhán an duine ab óige a labhair Gaeilge le Catherine Connolly agus í ag stocaireacht ar Shráid na Siopaí sa Ghaillimh Dé Domhnaigh seo caite. Taispeánadh do Rian an físeán sin den iarrthóir neamhspleách inar léirigh sí a scileanna peile agus bhí sé “an-tógtha ar fad léi” ó shin, a dúirt a mháthair.

I nGaeilge a labhair an chéad duine eile a stop an t-iarrthóir chomh maith.

Ba bhreá le Robbie Clarke as Baile Andarsan i mBéal Feirste an ceart a bheith aige vóta a thabhairt di. “Is mór an trua mar is Éireannaigh sinn go léir,” a dúirt sé.

Agus Connolly agus lucht a feachtais ag déanamh a slí go mall go dtí an Fhaiche Mhór, mar a raibh sí chun cúpla focal a rá ag agóid ar son na Palaistíne, bhí an Ghaeilge le cloisteáil ar feadh an ama.

Ach ba shuimiúla, seans, a raibh le rá ag na daoine go léir a bhí ag dul thar bráid nó a bhí ina seasamh ar thaobh na sráide nuair a chloisidís an Ghaeilge á labhairt. ‘Whatever else you say about her, she’s a great woman for the Irish.’ ‘Isn’t it lovely to hear the bit of Irish spoken?’ ‘Listen to the little child speaking Irish back at her!’

An saghas san ruda atá cloiste míle uair ag cainteoirí Gaeilge, sa tsiopa, sa bhialann, sa chlós súgartha nó ar an dtraein.

An tacaíocht bhog mhaoithneach sin a chuirfeadh aoibh bheag gáire ort an lá go mbeadh giúmar maith ort ach a chuirfeadh an phip ort an lá nach mbeadh.

An tacaíocht bhog mhaoithneach sin a léirítear aon uair go gcuirtear ceist ar phobal na hÉireann faoin nGaeilge, tacaíocht arbh ann di i bhfad roimh theacht An Cailín Ciúin nó Kneecap nó Catherine Connolly.

Ach tá rud éigin difriúil an uair seo, a déarfar leat. Ní haon scéal mór seal lae é seo.

Agus b’fhéidir nach ea agus tá fianaise ann a thabharfadh misneach duit nach ea, ach ní fianaise róláidir í. Maidir le fianaise is fearr streancán den stuif crua i gcónaí.

Inseoidh seasca rud éigin faoin gcéad de dhaoine duit i gcónaí go bhfuil siad ar son na Gaeilge nó gur chóir níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge nó gur cheart níos mó gaelscoileanna a bheith ann.

Tá seasca rud éigin faoin gcéad de dhaoine á rá sin le 50 bliain anuas. I bpobalbhreith a foilsíodh sa Sunday Independent cúpla seachtain ó shin, thug 68% de dhaoine le fios go raibh sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán.

Tá sin suimiúil ann féin, ach ní léiríonn sé sa deireadh ach rud atá ar eolas againn cheana – go mbíonn móramh i gcónaí ar son na Gaeilge go teoiriciúil, nó i bprionsabal. Bheadh sé chomh maith agat uaireanta ceist a chur ar dhaoine: ‘Do you think it’s lovely to hear the bit of Irish spoken?’ (Very lovely. Quite Lovely. Not lovely at all?)

Go minic, ní bheathaíonn na briathra na bráithre sna cásanna seo mar is ceisteanna faoi mhianta teibí iad nach bhfuil aon cheangal acu le haon ghníomh a dhéanamh.

Níorbh amhlaidh i gcás ceist amháin a bhí sa phobalbhreith is déanaí atá againn faoi thoghchán na huachtaránachta. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine i bpobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” ba thábhachtaí.

Ba é an chéad uair riamh ag an Irish Times an Ghaeilge a chur san áireamh i gceist mar seo. Ar an gcéad fhéachaint tá an 3% sin íseal, ach cuimhnigh gurb í an Ghaeilge an rud ba thábhachtaí ag na daoine sin agus iarrthóir á roghnú acu chun vóta a chaitheamh dóibh.

Tá fianaise againn faoi dhearcadh daoine i leith na Gaeilge ó phobalbhreitheanna díreach i ndiaidh na vótála i dtoghcháin eile, ach is annamh aon fhianaise mar seo againn.

Seo an stuif crua, mar sin, an 3% seo a mhaígh gur labhairt na Gaeilge an bua is tábhachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag iarrthóir ar an uachtaránacht.

Agus ní haon dóithín an 3%. Ní dúirt, mar shampla, ach 9% de dhaoine gurb é an rud ba thábhachtaí leo ná go n-aontódh iarrthóir lena “tuairimí polaitiúla”. Níor thug ach 1% le fios gurb é an rud ba thábhachtaí dóibh ná go mbeadh beannacht an pháirtí is ansa leo ag iarrthóir.

Bí cinnte leis go raibh scata ceisteanna móra náisiúnta eile ann a bhí ar na ceisteanna ba thábhachtaí ag níos lú ná 3%.

B‘ionann an 3% agus beagnach 125,000 duine. Sin dóthain daoine a bhuafadh nó a chaillfeadh toghchán duit.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, tá neamhaird déanta arís is arís eile ag rialtas i ndiaidh rialtais le 50 bliain anuas ar an seasca rud éigin faoin gcéad de dhaoine atá ar son na Gaeilge.

Ní hionann toghchán uachtaránachta agus toghcháin eile, ach b’fhéidir go mba mhó go mór an tsuim a chuirfeadh polaiteoirí i 3% de dhaoine a bheith ag maíomh gurb í an Ghaeilge an rud is tábhachtaí dóibh agus go vótálfaidh siad dá réir.

Bheadh sé go haoibhinn é a fheiscint. Go haoibhinn ar fad.

Fág freagra ar 'Tis lovely to hear the bit of Irish spoken, ach cé mhéad duine a vótálfaidh dá réir?'

  • Christina Chen

    Is ról deasghnách atá ag an uachtarán in Éireann den chuid is mó. Dar le go leor daoine, is ról deasghnách atá ag an nGaeilge in Éireann freisin. Ní baileach gur dea-chomhartha é go mbeifí á nascadh le chéile in intinn an 3 faoin gcéad de na daoine.