Tiocfaidh lá Shinn Féin arís ach níor mhór dóibh dúiseacht i dtosach

An éireoidh le Sinn Féin teacht chucu féin i ndiaidh na tubaiste toghcháin? Éireoidh má thagann athrú ar a gcur chuige

Tiocfaidh lá Shinn Féin arís ach níor mhór dóibh dúiseacht i dtosach

Buaileadh buille sa phus ar Shinn Féin sna toghcháin áitiúla is Eorpacha – ó dheas ar aon chuma. Tá ról lárnach ag an bpáirí ó thuaidh fós gan stró, ach siad trína chéile ar fad ag an tubaiste seo, agus dianscrúdú inmheánach ar siúl acu le fáil amach cén fáth gur theip chomh mór sin orthu.

Chaill siad leath dá gcuid vótaí sna toghcháin áitiúla, agus leath na suíochán a bhíodh acu. Chaill Lynn Boylan a suíochán i bParlaimint na hEorpa agus tá Liadh Ní Riada i dtrioblóid mhór i dtoghlach an Deiscirt, mar a bhfuil athchomhaireamh fógartha.

Ní raibh aon duine ag tuar roimh ré go mbeadh an scéal amhlaidh. Sna pobalbhreitheanna de chuid RED C bhí 13%  acu go leanúnach de réir na gcomhlachtaí ba ghaire do 20% iad. Fuair siad níos lú ná 10% sna toghcháin áitiúla ó dheas, agus beagáinín os cionn 10% sna cinn Eorpacha ó dheas.

Dhein siad níos fearr ó thuaidh ar ndóigh, mar ar tháinig siad isteach sa gcéad áit sna toghcháin Eorpacha le 22% den vóta.

Ach cén fáth an teip ó dheas?

Gan dabht ní cuidiú ar bith an líon íseal vótóirí a tháinig amach ag vótáil, go háirithe i gceantracha lucht oibre i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh is eile. I mBaile Átha Cliath, mar shampla, níor vótáil ach 14% den phobal i bhFionnghlas, agus 17% i dTamhlacht.

Ach bhí titim dá réir ar fud na tíre, agus tá an cheist chéanna le cur ar aon chuma: cén fáth nach raibh Sinn Féin in ann a lucht tacaíochta a spreagadh le teacht amach?

Feictear domsa go raibh an páirtí ag éirí leamh ar bhealach le fada. Bhí ráitis á gcur amach, amhail is gur dírithe níos mó ar an Irish Times ná ar éinne eile a bhí siad.

Is é in le rá go raibh siad ag feidhmiú sa gcaoi chéanna is a bhí na páirtithe eile – ag iarraidh poiblíocht mhaith a fháil agus a léiriú go bhfuil siad réidh le bheith i  gcomhrialtas.

Ach cá raibh an fhearg, an rud a spreag an t-ardú ar a dtacaíocht sna toghcháin roimhe seo?

Bhí údar maith feirge ann – cúrsaí tithíochta agus sláinte, easpa cinnteachta faoi fhostaíocht – ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an agóidíocht curtha ar leataobh ag an bpáirtí.

Is léir freisin nach bhfuil an ghéire chéanna ag baint le Mary Lou McDonald mar uachtarán is a bhí nuair a bhí sí ag fanacht go n-imeodh Adams. Cinnte, dúradh go forleathan go mbeadh fás as cuimse i ndán do Shinn Féin dá seasfadh Adams ar leataobh, ach ní mar sin a tharla.

Bhí údarás nádúrtha ag baint le Adams agus choinnigh sé súil ar chuile rud. Níl an t-údarás sin ag Mary Lou McDonald agus bíonn sí ag brath níos mó ar fhoireann na hardoifige ná mar a bhíodh Adams.

Sa scrúdú inmheánach atá le déanamh, tá a lán ball ag rá go bhfuil athrú ag teastáil ar chur chuige lucht na hardoifige. Meastar  go dtugann an fhoireann ansin an iomad airde ar na meáin in ionad a gcuid ráiteas a dhíriú orthu siúd a thugann vótaí dóibh – an lucht oibre go háirithe.

Ní hé nach bhfuil urlabhraithe cumasacha ag Sinn Féin. Pearse Doherty i dtaobh airgeadais, Louise O’Reilly i dtaobh sláinte, Eoin Ó Broin i dtaobh tithíochta is eile.

Agus an bhfuil cúrsaí smachta á riaradh i gceart? An raibh sé riachtanach Peadar Tóibín a dhíbirt as an bpáirtí? Ba cheart é a chur ar fionraí cinnte, ach é a dhíbirt ar fad? Agus is féidir an cheist chéanna a chur i gcásanna eile, cás Noeleen Reilly, mar shampla.

Ní hé deireadh an tsaoil é, mar sin fhéin. Tá an páirtí an-láidir i gcónaí ó thuaidh, is léiríodh sa phobalbhreith iarvótála go bhfuil duine de gach triúr (70%) de mhuintir an deiscirt ar son athaontú na tíre, cuid lárnach de pholasaí Shinn Féin. Léiríodh chomh maith go gcreideann triúr as gach cúigear go bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an nGaeilge, lena cothú is a forbairt agus go bhfuil an tuairim sin níos láidre i measc lucht tacaíochta Shinn Féin ná aon dream eile.

Tá an polasaí díreach ceart ag an bpáirtí maidir le cúrsaí tithíochta, sláinte is fostaíochta, agus tá gach seans ann go ndéanfaidh siad teacht aniar arís má dhúisítear spiorad na hagóide iontu arís.

Is léir bá a bheith ag daoine le Comhaontas Glas ar an tuiscint gurb iad is mó a labhraíonn amach i dtaobh cúrsaí aeráide, ach más ea is íorónta an scéal é gur chaill Lynn Boylan a suíochán i bparlaimint na hEorpa. Rinne Boylan níos mó ná aon pholaiteoir eile thall nó abhus le polasaí fiúntach i dtaobh na timpeallachta a chur chun cinn.

Caithfidh Sinn Féin na vótóirí a chur ar an eolas faoin obair atá déanta acu, agus fearg a chothú toisc go bhfuil cúrsaí in aimhréidh maidir leis na ceisteanna is tábhachtaí atá le réiteach ag an stát seo.

Más féidir leo é sin a dhéanamh ba cheart go dtiocfadh a lá!

Fág freagra ar 'Tiocfaidh lá Shinn Féin arís ach níor mhór dóibh dúiseacht i dtosach'

  • Concubhar O Liathain

    Mar is gnách tá Eoin dall ar na bhfíor chúiseanna nár éirigh le Sinn Féin sna toghcháin le déanaí. Ceann de na cúiseanna nár éirigh leo nach leor fearg mar pholasaí. Ba mhaith le hEoin go mbeadh gach éinne feargach i rith an ama – agus bhí SF feargach mar a mhol sé. Ach is é an cluas fuar a thug an phobal do sin mar ba mhaith leo/linn dul chun cinn. Ní feidir le SF bheith feargach faoi Brexit agus, ansan, suí ar a lámha gan seasamh ina choinnibh i Westminster. Ní féidir le Sinn Féin bheith i gcónaí ag íonsaí na mórphairtithe ó dheas ach gan a bheith ag moladh réitigh dá gcuid féin. Ní leagan de UKIP é Sinn Féin. (Agus féach cad a tharla do UKIP!) . Má eisteann SF le hEoin Ó Murchú, ní téarnamh atá i ndán doibh ach tubaiste níos tubaistí arís.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Ní háil leis an gcos-mhuintir an gin-mhilleadh, an ‘pósadh’ comh-ghnéis ná an dia-mhasla – na trí rud is mó a bhí ag dó na geirbe ag Sinn Féin le scaitheamh. Is iad na feiminithe, na comh-ghnéasaigh, agus na haindiachaithe a bhí an Páirtí a chothú le scaitheamh agus fuair siad toradh dá réir.