‘They go and they like what they see’ – an bhfuil sé réadúil a bheith ag caint ar Ghaeltacht iarthar Chonamara a shlánú?

Bhí lámh ag ár gcolúnaí le tamall maith blianta i ngníomhaíochtaí a thug postanna, seirbhísí agus áiseanna pobail chuig iarthar Chonamara. Troid in aghaidh na taoide atá ann, a deir sé, ach ná ligtear na maidí le sruth

‘They go and they like what they see’ – an bhfuil sé réadúil a bheith ag caint ar Ghaeltacht iarthar Chonamara a shlánú?

An té a déarfadh go bhfuil mórán chuile shórt atá sa Dréachtphlean Forbartha nua do cheantar Iorras Aithneach (Carna agus Cill Chiaráin) agus Chonamara Láir (as Camus siar) luaite, nó pléite nó cíortha cheana – tá an ceart aige.

An té a déarfadh gur dheacair do dhuine ar bith cuimhneamh ar mhórán eile a bheadh réadúil nó indéanta le cur sa bplean atá á phlé faoi láthair – bheadh an ceart aige freisin.

Déanta na fírinne, tá obair mhaith déanta go coinsiasach ag an áisitheoir a cuireadh i gcion na hoibre, Gearóid de Faoite, agus na baill foirne as Údarás na Gaeltachta a bhí ina theannta. Níltear ag caint ar mhíorúiltí agus ní ceart go mbeadh. Céimeanna praiticiúla atá i gceist agus daoine praiticiúla agus lucht gnó ag teastáil le cuid mhór den straitéis a chur chun cinn. Leis an méid sin féin, troid in aghaidh na taoille a bheidh ann mar tá scéal na tuaithe athraithe go mór agus go forleathan.

Cé go dtarraingíonn mórán chuile dhuine aird ar a cheantar féin agus ar a dhúchas féin (rud breá agus rud inmholta) tá an rud ar a dtugtar an ‘pictiúr mór’ ann freisin. Maidir le ceantair thuaithe atá amach go mór ó chathracha, tá samplaí idirnáisiúnta ann den chaoi a bhfuil go leor acu gafa chun deiridh. Ach fág as na comparáidí idirnáisiúnta; tá ár ndóthain fianaise againn sa tír sin againn féin. Dó no trí d’athruithe móra saoil a chothaigh na dúshláin is mó do cheantair thuaithe agus do cheantair ‘imeallacha’.

  • Tá an lear gasúr in aghaidh an teaghlaigh íslithe an-mhór. Thart ar 2.8 gasúr, ar an meán, a bhíonn i dteaghlaigh na tuaithe anois, mórán ar aon dul leis na cathracha. Is lú seans atá ann anois go bhfanfadh mórán daoine óga as teaghlaigh na tuaithe sa mbaile. Bhí an céatadán níos fabhraí nuair a bhíodh ochtar nó deichniúr ann.
  • Scolaíocht nó oideachas – bíodh do rogha téarma agat. An feilméara a dúirt nuair a chonaic sé a bheirt gharmhac ag dul chun coláiste – an chéad dream as an teach a chuaigh an treo sin ariamh – gurbh é sin deireadh leis an bhfeilméaracht i measc a mhuintire féin, bhí cuid mhór den fhirinne aige.
  • An claonadh i dtreo cathracha ar fud an domhain. Mar a dúirt an fear a bhí i gcomhluadar i gCarna níos túisce i mbliana agus é ag caint ar bhánú na tuaithe ‘they go and they like what they see’. Ná bacaimis le bheith ag fáil meabhair ar na cúiseanna atá leis sin; tá an claonadh sin ann.

An gciallaíonn seo uilig gur cheart an scéal a fhágáil mar atá sna ceantair Ghaeltachta in iarthar Chonamara agus imeacht le sruth an tsaoil, rud a bheadh éasca a dhéanamh.

Nó an bhfuil deis réadúil ann leis na ceantair atá ag dul chun deiridh a shlánú – sin go bunúsach go méadóidh an daonra agus go mbeidh teacht isteach agus saothrú ag na glúnta atá ag teacht chun cinn?

Ar ndóigh is fiú agus is ceart iarraidh a thabhairt faoi ach go gcaithfear a bheith tomhaiste agus réadúil sna hiarrachtaí sin.

Tá forbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin ar an gcloch is mó atá ag Údarás na Gaeltachta ar a bpaidrín in iarthar Chonamara ó thaobh na fostaíochta de. Bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh atá an Pháirc seo. Tamall maith blianta ó shin a múnlaíodh an plean i dtosach ach bhí an scéal ag dul anonn agus anall fad agus a bhí airgead Údarás na Gaeltachta ag laghdú. I gCarna in 2017 a d’fhógair Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, go rachfaí in éadan an phlean i ndáiríre. Tá an polasaí seo ag luí isteach le hintinn lucht an Údaráis: creidtear sna Forbacha go bhfuil sé fíordheacair, nó dodhéanta, tionscail láidre a mhealladh isteach go himeall thiar Chonamara. Go deimhin, deir lucht an Údaráis gur deacair aon tionscal a thabhairt níos faide siar ná an Tulaigh anois. ’Sí an chathair an baoite mór – a bheith chomh gar

agus is féidir di mura bhfuil tú istigh ina lár.

Más ‘siar’ é, caithfear a bheith ag brath ar acmhainní nádúrtha.

Tá an smaointeoireacht sin togha ach go bhfuil trioblóid an diabhail le hacmhainní nádúrtha in iarthar Chonamara anois; tá caomhnú talún agus mara ar an orlach ann. Tá sé de chead ag chuile dhream agus ag chuile dhuine a ladar a chur isteach sa gcóras pleanála agus tá daoine ann atá go láidir in aghaidh cuid d’obair na mara, an fheilméaracht bradán san áireamh.

Déarfaidh Údarás na Gaeltachta go bhfuil i bhfad níos mó ná an fheilméaracht bradán i gceist i bPáirc na Mara, agus tá. Ach, gan an fheilméaracht bradán agus an obair a bhíonn ar fáil dá barr, bheadh lagachan mór déanta ar thionscnaimh Pháirc na Mara ó thaobh na fostaíochta de.

Ní hé amháin, ar ndóigh, go bhfuil obair ag teastáil ach tá éileamh ag daoine óga ar chineálacha eile oibre seachas mar a bhíodh.

Chuaigh mórán chuile dhuine a rinne an Ardteist i bPobalscoil Charna i mbliana go dtí na coláistí agus na hinstitiúidí tríú leibhéal. Tá an rud céanna ar bun le scaitheamh maith blianta agus tá an rud céanna amhlaidh i scoileanna Chonamara uilig. Mar atá an saol, níl mórán seans ann go bhfaighidh tromlach an-mhór de na daoine sin an cineál poist a theastaíonn uathu in iarthar Chonamara. Glúin eile imithe.

Cén leigheas atá air sin? Bóthar maith isteach agus amach as Gaillimh agus córas cumhachtach leathanbhanda? B’fhéidir go gcoinneodh sé sin cuid den dream atá óg agus oilte, sin é an tromlach acu anois, ina gcónaí in iarthar Chonamara agus iad ag obair i gcomharsanacht chathair na Gaillimhe.

Níl aon chinnteacht faoin gcúrsa atá amach roimh iarthar Chonamara ar bhealach ar bith. Ní féidir a bheith cinnte den toradh a bheidh ar na hiarrachtaí; tá an taoille ag teacht in aghaidh an phobail go tréan.

Ach is ag an tráth sin is géire a chaithfear coinneáil ag iomramh.

Fág freagra ar '‘They go and they like what they see’ – an bhfuil sé réadúil a bheith ag caint ar Ghaeltacht iarthar Chonamara a shlánú?'

  • Indreabhan

    Piosa an-mhaith smaointeoireachta.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Má dhéantar níos mó áiseanna a chur ar fáil i gConamara (“Bóthar maith isteach agus amach as Gaillimh agus córas cumhachtach leathanbhanda,” cuirim i gcás) beidh na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh agus na seandaoine ó Bhaile Átha Cliath ag teacht isteach agus beidh na daoine óga ag éalú níos sciobthaí.

  • An bradán díbheo

    Chaith na hÁrannaigh blianta fada ag éileamh feabhais ar an tseirbhís farantóireachta agus nuair a cuireadh na seirbhísí lae ar fáil dóibh, b’iad bunadh na n-oileán is mó a bhí thíos leis. Tráth a bhfanadh cuairteoir seachtain, coicís nó fiú deireadh seachtaine ar cheann de na hoileáin ní fhanann a mbunáite oíche amháin féin anois. Turasóirí lae bunáite na dturasóirí a théann go hÁrainn ar na saolta seo agus an bhrabach ar fad nach mór ag na comhlachtaí príobháideacha. Mhéadaigh ar imeacht na ndaoine as na trí oileán – cuid acu a lonnaigh i gConamara, cuid eile i nGaillimh agus in áiteacha eile.
    Má chuirtear bóthar mór as Carna go Gaillimh, mar shampla, sloigfidh an baile mór cuid mhaith den phobal sin de réir a chéile. Ní hanann forás pobail agus luas a chur faoi bháid nó faoi charrannaí. Ba é an rud ba mhó a sheas do Chonamara agus d’Árainn ariamh go raibh siad difriúil go tíreolaíoch, go cultúrtha agus go teangeolaíoch.
    Más oideachas tríú leibhéal atá ar mhuintir na Gaeltachta, mar a deir tú, cén t-údar a mbeidís toilteanach a ghoil a’ fosaíocht bradán? Nach mealltach an obair í sin do dhream ar bith a shantódh dúshlán agus sásamh intinne ina gcuid oibre! Nach gearr gur bradán rósta a bheas a’ tíocht as na cliabháin sin – le téamh na farraige agus leis an méadú ar neart agus ar mhinicíocht na stoirmeacha cén t-achar eile a sheasfas sí mar obair?

  • Doireabu

    Cad é fuascailt na faidhbe mar sin de? Féinriail na Gaeltachta? Cumhacht ag muintir na háite? Iad siúd le léirthuiscint ar chás na Gaeltachta le cinntí a ghlacadh ar son na Gaeltachta? Nó an bhfuil bánú na Gaeltachta anois dosheachanta agus tóir ag muintir na nGaeltachtaí ar shaol na cathrach? An mbéarfaidh na cathracha slánú na Gaeilge?
    I mo thuairim féin tá dúshraith láidir sna ceantracha Gaeltachta go fóill. Tá Gaeilge iontach iontu go fóill ach tá gá le gníomh éigin cinniúnach le sin a chaomhnú agus a neartú.