TG4 ag lorg cruinnithe leis an Rialtas chun ‘meon an státchórais’ i leith mhaoiniú na Gaeilge a phlé

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil meon an stáit i dtaobh maoiniú a chur ar fáil do TG4 i bhfad chun deiridh ar an straitéis atá i bhfeidhm i dtíortha eile chun tacú le mionteangacha

TG4 ag lorg cruinnithe leis an Rialtas chun ‘meon an státchórais’ i leith mhaoiniú na Gaeilge a phlé

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil sé ag iarraidh bualadh le hairí Rialtais chun an meon atá ann i leith na Gaeilge sa státchóras a phlé.

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil sé tar éis scríobh go dtí an tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath chun an maoiniú a chuireann an Rialtas ar fáil don Ghaeilge a phlé.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Esslemont gur gá fáil réidh leis an easpa measa atá ag roinnt daoine sa státchóras ar an teanga. Mheas sé go raibh an maoiniú a chuirtear ar fáil don Ghaeilge níos lú ná ba cheart mar gheall ar an dearcadh sin, go háirithe nuair a chuirtear é i gcomparáid leis an leibhéal maoinithe  do theangacha i dtíortha eile.

“Dar liomsa, tá sé seo amhlaidh mar gheall go mbreathnaíonn ranna maoinithe an státchórais ar an nGaeilge go príomha mar ornáid chultúrtha seachas mar theanga phobail,” a dúirt Esslemont.

“Caithfear na bacanna meoin seo, má tá siad ann, a phlé go hoscailte agus a ghlanadh amach as an mbealach agus scríobh mé chuig an Aire McGrath agus chuig an Aire Donohoe ag iarraidh casadh leo ar an gceist seo.”

Dúirt Esslemont nach léir dó go bhfuil tuiscint i ranna Rialtais na n-airí sin ar an mbearna ollmhór atá ann idir maoiniú TG4 agus an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin i mionteangacha eile.

Dúirt sé go bhfuil infheistíocht na hÉireann sna meáin Ghaeilge “i bhfad taobh thiar de na tíortha inar glacadh le straitéisí chun mionteanga bheo a chothú mar chuid lárnach de shochaí nua-aimseartha.”

Mheas Esslemont go raibh “athrú meoin” ag teastáil maidir leis an gcaoi a mbíonn an stát ag plé leis an nGaeilge. Dúirt sé go bhfuil an dearcadh ann: “‘Níl ann ach fíorbheagán daoine a labhraíonn an Ghaeilge, ní chuirfidh muid ar fáil ach fíorbheagán airgid.’ Má leantar leis an straitéis sin, is ag cúlú a bheidh an Ghaeilge.”

Thagair Ardstiúrthóir TG4 don mhaoiniú a chuireann EITB, leathcheann RTÉ i dTír na mBascach, ar fáil d’ábhar Bascaise, cé nach labhraíonn ach an tríú cuid den phobal an teanga.

Bíonn buiséad EITB, a dúirt sé, “á roinnt go cothrom, 50%/50%, idir an mhórtheanga (Spáinnis) agus an mhionteanga (Bascais). Caitheann EITB timpeall €90m in aghaidh na bliana ar ábhar na Bascaise, ag freastal ar dhaonra réigiúnach thart ar 2.2 milliún a bhfuil timpeall 750,000 acu sin ag labhairt na Bascaise.”

Luaigh Esslemont cás S4C sa Bhreatain Bheag chomh maith.

“Níos lú ná 50 ciliméadar uainn ar an taobh thall de Mhuir Éireann, tá an leibhéal maoinithe iomlán difriúil ag an gcraoltóir mionteanga is gaire dúinn, an craoltóir seirbhíse poiblí Breatnaise S4C. Rinne Rialtas na Breataine athbhreithniú ar S4C i mbliana agus bhronn sé méadú de £7.5m ina mhaoiniú poiblí bliantúil chun an maoiniú a fhaigheann sé ó tháille ceadúnais na Ríochta Aontaithe a thabhairt go dtí £88.5m.” 

Dúirt Esslemont go gcuireann an BBC 515 uair an chloig de chláir ar fáil do S4C chomh maith, a meastar luach £22m leis. Buiséad €45m a bhí ag TG4 in 2022.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh súil aige go dtabharfadh an tAire Airgeadais “éisteacht mhaith agus ansin airgead maith” do TG4.

Fág freagra ar 'TG4 ag lorg cruinnithe leis an Rialtas chun ‘meon an státchórais’ i leith mhaoiniú na Gaeilge a phlé'

  • Proinsias Ó Cionnaith

    Níl dream is fearr ná TG4 le hairgead bog a chaitheamh-ag scaipeadh Droch-Ghaeilge den chuid is mó. Mar shampla amháin den chleachtas seo, ní gá ach éisteacht, cé nach ionmholta duit é, leis na comhthráchtairi spóirt.