Téarma príosúin sé bliana gearrtha ar thiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaelachta

Maraíodh beirt a bhí sa charr le Francis Carr nuair a bhuail carr a bhí á thiomáint aige faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017

Téarma príosúin sé bliana gearrtha ar thiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaelachta

Tá téarma príosúin sé bliana gearrtha ar fhear a bhí ina thiománaí i dtimpiste bhóthair inar maraíodh beirt i nGaeltacht Mhaigh Eo in 2017.

Cuireadh cosc tiomána 20 bliain freisin ar Francis Carr as an gCeapaigh Dhuibh i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Carr ag tiomáint cairr a bhuail faoi bhalla i dTuar Mhic Éadaigh ar an 4 Meitheamh 2017. Maraíodh beirt a bhí sa charr leis, Seán Halloran (20) as an bhFairche i gcontae na Gaillimhe agus Orla O’Malley (18) as an gCrois i gCo. Mhaigh Eo.

Tharla an timpiste luath maidin Domhnaigh dheireadh seachtaine na Cincíse 2017 agus an triúr tar éis freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí á reáchtáil i dTuar Mhic Éadaigh.

Bhí Seán Halloran ina shuí i suíochán tosaigh an phaisinéara agus Orla O’Malley ina suí sa suíochán cúil nuair a bhuail an carr faoi bhalla i Páirc an Teampaill Íochtarach ar bhruach Loch Measca.

Gortaíodh an tiománaí go dona chomh maith, ach d’imigh sé go Meiriceá nuair a scaoileadh amach as an ospidéal é.

Gabhadh Carr thall mí Iúil seo caite agus rinneadh é a eiseachadadh as Stáit Aontaithe Mheiriceá mí na Nollag 2020.

Phléadáil Carr ciontach nuair a tugadh os comhair Chúirt Chuarda Chaisleán an Bharraigh é mí Feabhra.

Chomh maith leis an téarma sé bliana, ghearr an Breitheamh Rory McCabe téarma príosúin ceithre mhí ar Carr as a bheith ag tiomáint gan árachas.

Fág freagra ar 'Téarma príosúin sé bliana gearrtha ar thiománaí a bhí i dtimpiste bhóthair ag Comórtas Peile na Gaelachta'