Teaghlach as Gaeltacht na Rinne faoi agallamh ag Mary McAleese ar RTÉ anocht

Beidh Muintir Bhreathnaigh, as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge ar cheann de na teaghlaigh a bheas páirteach sa chlár úr 'Mary McAleese’s Modern Family' a chraolfar ar RTÉ anocht

Teaghlach as Gaeltacht na Rinne faoi agallamh ag Mary McAleese ar RTÉ anocht

Mary McAleese ar cuairt chuig Sadie agus Pádraig Breathnach i nGaeltacht na Rinne, agus beirt dá n-aon duine dhéag clainne, Bilí agus Áine

Beidh teaghlach as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge páirteach sa chlár úr Mary McAleese’s Modern Family a chraolfar ar RTÉ, anocht ag 9.35pm.

Díríonn an clár, atá á chur i láthair ag iar-uachtarán na hÉireann, Mary McAleese, ar na hathruithe atá tagtha ar chúrsaí teaghlaigh in Éirinn ó chuairt an Phápa i 1979.

Agus iad i mbun cainte leis an chraoltóir Brenda Donohue ar an Ray Darcy Show ar RTE Radio 1, chuir Sadie Bhreathnach agus a fear céile Pádraig, lánúin a thóg 11 páiste le Gaeilge sa Rinn, síos ar an tógáil a fuair siad féin agus ar a gclann.

Ba as teaghlaigh mhóra iad féin, bhí naonúr i dteaghlaigh na beirte acu agus thug Sadie Bhreathnach le fios go raibh dúil aici féin “i gcónaí” i dteaghlach mór.

Chas Sadie, arb as Luimneach di ó dhúchas, le Pádraig agus í ag foghlaim na Gaeilge i nGaeltacht na Rinne. Bhí siad beirt ocht mbliana déag d’aois nuair a chas siad ar a chéile agus phós siad cúig bliana ina dhiaidh sin.

Cé nach raibh mórán cainte ar chúrsaí pleanála clainne, frithghiniúna nó colscartha an t-am sin, dúirt Sadie go raibh athrú ag teacht ar an tsochaí mar sin féin agus saoirse phearsanta níos mó ag daoine. 

“Bhí frithghiniúint ann go cinnte, cé nach raibh an oiread cainte fúithi. Fiú an t-am sin féin, bhí sé soiléir go raibh muid ag bogadh sa treo ina bhfuilimid faoi láthair,” a dúirt sí.

Tá fiche bliain idir an duine is sine agus an duine is óige sa chlann. Thug Sadie le fios gur thóg sí 18 mbliana saor ón mhúinteoireacht agus na páistí á dtógáil acu, “rogha nach mbíonn ag mórán máithreacha sa lá inniu” a dúirt sí.

“Mhair muid ar bheagán, ach bhí na rudaí bunúsacha ar fad againn,” ar sí.

Cé gur “daoine príobháideacha” iad, dúirt Sadie gur bheartaigh siad páirt a ghlacadh sa tsraith toisc an deis a thabharfadh sé dóibh bualadh le Mary McAleese.

“Is mór an spórt í agus b’iontach an chuideachta í. Tá an-tuiscint aici ar dhaoine agus bhí sí tuisceanach faoi gach ní a bhí á rá againn,” a dúirt Sadie Bhreathnach. 

Ar an chlár Mary McAleese’s Modern Family anocht,  cuirfear i láthair na cineálacha éagsúla teaghlaigh atá le fáil in Éirinn an lae inniu agus teaghlach ceolmhar na Gaeltachta ina measc.

Ag labhairt di faoin chlár, dúirt an láithreoir, Mary McAleese, go gcreideann sí go bhféadfadh an eaglais Chaitliceach a lán a fhoghlaim ón ilchineál teaghlach éagsúil atá in Éirinn inniu. Tá ceachtanna le foghlaim, dar léi, ón taithí, an grá, an chomhbhá, an tuiscint agus an tacaíocht atá le fáil iontu. 

Fág freagra ar 'Teaghlach as Gaeltacht na Rinne faoi agallamh ag Mary McAleese ar RTÉ anocht'

  • Pádraig

    Taim tuirseach traochta de bheith ag éisteacht le daoine ag moladh Mary McAleese.Seo feachtas chun seasamh traidisiúnta na hEaglaise a athrú chun go mbeadh Caitlicigh a creideann san Chaitliceas a la carte a chur chun cinn agus an Vatacáin a scrios.Buíochas le Dia níl an Eaglais ag éisteacht leo.Muna bhfuil an dream ón eite sin sásta le cúrsaí siúil agus imigí go dtí Eaglais eile ina bhfuil na tuairimí agus luachanna sin á nochtadh agus á gcleachtadh acu

  • Lillis Ó Laoire

    Is leosan an Eaglais chomh maith leatsa. Níor eitil éan riamh ar leath-eite.