Teachtaireacht ‘chontúirteach’ á tabhairt ag an Aire Sláinte faoin nGaeilge ar dheochanna meisciúla

Dar le Conradh na Gaeilge nach dtarlódh sé in aon tír dhátheangach eile go ndiúltófaí do lipéid dhátheangacha ‘ar eagla go gcuirfeadh siad mearbhall ar dhaoine’ agus nár chóir an deis a chur amú fógra 'dearfach' a dhéanamh faoi stádas na Gaeilge

Teachtaireacht ‘chontúirteach’ á tabhairt ag an Aire Sláinte faoin nGaeilge ar dheochanna meisciúla

An Aire Sláinte, Simon Harris. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní tharlódh sé i dtír dhátheangach ar bith eile go mbeadh aire rialtais ag maíomh go gcuirfeadh fógra dátheangach mearbhall ar dhaoine.

Sin a bhí le rá inniu ag Conradh na Gaeilge agus cáineadh géar á dhéanamh acu ar sheasamh an Aire Sláinte Simon Harris i leith cheist na Gaeilge ar an rabhadh sláinte atá beartaithe do dheochanna meisciúla.

Dhiúltaigh an tAire Sláinte an tseachtain seo caite do leasú a chinnteodh go mbeadh an rabhadh sláinte i nGaeilge agus i mBéarla. Mhaígh sé gurbh amhlaidh go gcuirfeadh a leithéid mearbhall ar dhaoine agus gurbh éifeachtaí agus gur shoiléire an teachtaireacht a bheadh ann dá mbeadh an rabhadh i mBéarla amháin.

Thug an tAire le fios sa Dáil go raibh taighde aige a chruthaigh an méid sin, ach fuair Tuairisc.ie amach ó shin nach raibh an Ghaeilge san áireamh sa taighde faoi lipéid ar dheochanna meisciúla.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur contúirteach an teachtaireacht í go gcuirfeadh úsáid na Gaeilge ar lipéid mearbhall ar an bpobal, nó nach bhféadfaí an Ghaeilge a chur san áireamh cheal spáis.

“Cén saghas teachtaireachta í seo do pháistí atá á dtógáil sa Ghaeltacht agus lasmuigh di le Gaeilge nó don phobal trí chéile le spéis sa Ghaeilge? Ní tharlódh seo i dtíortha dátheangacha eile.

“Bíonn lipéadú déanta ar fud na hEorpa agus an domhain i níos mó ná aon teanga amháin agus ní chuireann na lipéid mearbhall ar an bpobal. Dar ndóigh, tá rabhadh dátheangach ar thoitíní anseo in Éirinn leis na blianta agus ní chuireann sé mearbhall ar dhaoine.” 

Dúirt de Spáinn go raibh “an baol ann” go bhféachfaí ar an gcinneadh seo “mar pholasaí nua” ag an Rialtas nár chóir feasta “eolas tábhachtach” a chur os comhair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “ina dteanga féin, príomhtheanga oifigiúil na tíre ar eagla go gcuirfeadh sé mearbhall ar dhaoine eile”.

Dúirt sé gur léirigh an scéal easpa comhthuisceana idir ranna rialtais maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud an státchórais.

“Bhí sé de cheart ag an Roinn Sláinte an Ghaeilge a chur san áireamh ón tús agus an bille á dhréachtú acu. Tá neamhaird á déanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “aisteach” an cinneadh é diúltú do lipéadú dátheangacha nuair atá taighde ann a chruthaíonn go bhfuil an pobal ar son a leithéide.

De réir torthaí pobalbhreith a foilsíodh níos luaithe i mbliana, bhí nach mór dhá thrian den phobal ó dheas ar son lipéadú dátheangach. De réir na pobalbhreithe sin, a rinne an comhlacht Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, 63% de dhaoine a thug le fios go raibh siad i bhfabhar a leithéid ach ní raibh ach 10% i gcoinne lipéid a bheith dátheangach.

Dúirt Julian de Spáinn go raibh an Rialtas le moladh as “a phlean ceannródaíoch” rabhadh sláinte a chur ar dheochanna meisciúla ach gur deis amú a bhí ann chun fógra dearfach a dhéanamh faoi stádas na Gaeilge.

“Beidh súile an domhain ag féachaint ar an gcinneadh seo agus tá gach seans, ar nós a tharla leis an gcosc ar tobac, go leanfaidh tíortha eile muid amach anseo. Nach mbeadh sé go hiontach nuair a labhrófar i dtíortha eile faoi fhorás an Rialtais seo go bhfeicfeadh siad Rialtas na hÉireann ag úsáid na Gaeilge go feiceálach agus go bródúil.

“Is tír dhátheangach muid agus ní cúngaigeanta. Tá deis ag an Rialtas ár dteanga uathúil agus álainn a úsáid agus a chur os comhair an domhain mhóir. Ba chóir an deis a ghlacadh,” arsa Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Teachtaireacht ‘chontúirteach’ á tabhairt ag an Aire Sláinte faoin nGaeilge ar dheochanna meisciúla'

  • Aonghus

    Ná bí dian ar an bhfear bocht. Tá sé gafa le fadhb thromchúiseach ó tuairiscíodh go raibh foirgneamh atá ar cíos ag a roinn ar chostas 16 milliún Euro folamh ar feadh bliana i ngeall nach bhféadfaí theacht ar réiteach faoinar cheart crochadáin chótaí nó crucaí a úsáid. Caithfidh sé go raibh sé trína chéile ceart leis an gceist mhór fhealsúnach seo mar nár chualamar uaidh ó sceitheadh an scéal agus b’annamh leis bheith ina thost.
    Anois, fainic a dtosódh sibhse léitheoirí ag smaoinemh ar an gceist seo. Cuirfidh sé mearbhall oraibh!

  • Darmac

    Is cúis mhór náire é don Aire!

  • Magaoidh

    Tugann an Bille Alcóil an teachtaireacht contúirteach gur cuma faoi cearta teanga sa tír seo ach níos contúirtí ná sin leagann an bille seo fasach dlíthiúil síos inar feidir leis an Stát feidhmiú go haonteangach.

    Tá an ceart ar fad ag Julian De Spáinn, Conradh na Gaeilge nuair a deireanna sé “Bhí sé de cheart ag an Roinn Sláinte an Ghaeilge a chur san áireamh ón tús agus an bille á dhréachtú acu.”

    Tá neamhaird ar chearta teanga agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúl sa mbille Alcóil seo ina a ceadaítear cosc de reir dlí ar an teanga náisiúnta ar fógraí stáit. Tá prionsabal dlí maidir e comhionnanas i gceist anseo. Ní mór do Chonradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge eile achainí a chur faoi bhráid an Uachtaráin Mícheal D Ó hUiginn faoin éagóir seo ina iarrtar air an bille leichealach seo a sheoladh ar ais chun na Dála.

  • Éibhear Neff

    Béalthacaíocht a dtugann Fine Gael & Fianna Fáil don Ghaeilge fad is atá an dá pháirtí sin ag tréigean ár dteanga náisiúnta.

    Is scannalach an dearcadh atá ag aineolaithe ar Ghaeilge na hÉireann. Náire ar eolaithe a ligean réim leis.

  • Pádraig

    Mugadh magadh ar bun arís ag an Stát i leith na Gaeilge. Tá sé chomh maith againn an Ghaeilge a ruaigeadh as an tír ar fad ar fhaitíos go gcuirfeadh sí mearbhall ar aon duine nach dtuigfeadh í! Go bhfóire Dia orainn. Tá Harris chomh dona céanna le fear an Tí Bháin agus a chuid ‘fake news’. Ní ann don taighde a luaigh sé. Bíonn foláirimh sláinte ilteangacha i dtíortha go leor ar fud an domhain ina labhraítear níos mó na teanga amháin agus ní chruthaíonn sé deacrachtaí. Tá an córas atá beartaithe bunaithe ar a mhacasamhail i gCeanada – tír dhátheanagch ina dtugtar an stádas céanna don dá theanga oifigiúla i gcónaí. Bíonn na foláirimh ar na boscaí toitíní sa Bheilg trítheangach fiú cé nach bhfuil ach mionlach beag Gearmáiniseoirí sa tír (70,000 acu)!

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Mura mbeidh orthu ach an Béarla, ní thabharfar aon aird air. Ach má fheictear an Ghaeilge orthu, beidh sé soiléir gur rud tábhachtach oifigiúil atá ann.