Táthar ag iarraidh muintir na Gaeltachta a bhrú isteach i sráidbhailte

Níor mhór do cheantair Ghaeltachta a bheith san airdeall faoin gclár rialtais a fógraíodh an tseachtain seo caite

Táthar ag iarraidh muintir na Gaeltachta a bhrú isteach i sráidbhailte

Bhain an léirmheas a rinne Éamon Ó Cuív ar an gclár rialtais atá fógartha stangadh asainn anseo i bParóiste Charna.

Bhí dhá rud ar tharraing sé aird faoi leith orthu: an dlí seo atá á bheartú le muid a threorú isteach sna sráidbhailte as na bailte fearainn agus na dlíthe nua bithéagsúlachta atá ar an mbealach as an mBruiséil.

Is léir le fada gurb é an polasaí oifigiúil atá ann muid a thiomáint go cathair na Gaillimhe, nó chomh gar agus is féidir don chathair. Leanfar don pholasaí sin ar ndóigh ach murar féidir muid a dhíbirt go Gaillimh ar chúis eicínt beidh an dara rogha ag lucht pleanála; muid a ghaibhniú i sráidbhaile.

Amach anseo má bhíonn duine againn ag iarraidh cead pleanála le teach a thógáil déarfar linn go gcaithfidh muid a chruthú ar dtús nach bhfuil fáil againn ar shuíomh i sráidbhaile.

Ach, mar a dúirt Éamon Ó Cuív ar Raidió na Gaeltachta, tá stráicí móra de Chonamara nach bhfuil aon sráidbhaile oifigiúil iontu. Céard faoi Ros Muc agus Camas mar shampla?

Ó dhonacht sa diabhal an polasaí athlonnaithe seo is seacht measa na dlíthe nua bithéagsúlachta atá ar na bacáin.

Ar fhaitíos nach bhfuil muid sách sáraithe cheana féin ag rialacha timpeallachta tá sé i gceist ag maorlathas na Bruiséile na ceantair chaomhnaithe a leathnú tuilleadh agus na dlíthe a dhéanamh níos géire fós.

“Beidh go leor de Chonamara bánaithe dá bharr seo,” a dúirt Éamon Ó Cuív. “Ní bheidh beostoc ar bith ceadaithe ar chuid mhaith den talamh,” ar seisean.

Tá an polasaí nua ag cur imní ar an iarFheisire Eorpach Marian Harkin freisin. Deir sise go bhfuil sé i gceist 30% de thalamh agus d’fharraige na hÉireann a chaomhnú anois. 16% den talamh atá caomhnaithe faoi láthair.

Chiallódh 30% réimse chomh mór le Cúige Chonnacht agus leath chontae Chorcaí a chur leis, a dúirt sí.

Beidh 10% den talamh seo thar a bheith caomhnaithe, ar sise. Go deimhin is beag duine a ligfear isteach ar na ceantair sin ar chor ar bith.

Bí cinnte, ar ndóigh, go gcuirfear baoite os comhair feilméaraí le glacadh leis na dlíthe nua.

Fiche bliain ó shin tugadh ardú deontais dóibh faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe mar chúiteamh ar dhlíthe a hachtaíodh an uair sin. Deich mbliana dar gcionn tarraingíodh siar an t-ardú deontais agus fágadh na feilméaraí agus a méar ina mbéal acu.

Cúis imní an scéal ar fad dúinne i bparóiste Charna.

Níl lá sa mbliain nach gcuirtear na Ceantair Chaomhnaithe i gcuimhne dhúinn. Murach iad bheadh bóthar maith amháin amach as Conamara faoi seo.

Tá muid inár gcónaí idir sliabh agus farraige, rud a chiallaíonn go bhfuil an talamh taobh thuas dínn caomhnaithe agus an fharraige síos uainn freisin.

Stráice Gaza a thugaimse ar an méid atá fágtha againne.

Tá cor eile a d’fhéadfadh a theacht sa scéal seo agus is é sin go bhféadfadh sé tarlú go gcuirfí srian leis an méid daoine a cheadófaí a ligean go dtí láithreacha seandálaíochta agus oilithreachta.

Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orainn dá gcaithfí súil lá eicínt ar an méid daoine a théann amach ar Oileán Mhic Dara lá féile an naoimh sin.

Níor mhór do cheantair Ghaeltachta eile a bheith san airdeall freisin: céard faoin mBlascaod? Céard faoi Árainn na naomh agus na n-ollamh?

Fág freagra ar 'Táthar ag iarraidh muintir na Gaeltachta a bhrú isteach i sráidbhailte'

  • Maire Ui Dhufaigh

    Bíonn dhá leagan ar chuile scéal. Ní féidir liom labhairt thar ceann aon cheantar ná oileán eile ach tá mé in ann a rá go bhfuil sé thar am teorann a chur ar an méid turasóirí a thugann cuairt ar Oileáin Árann. Go háirithe na turasóirí lae a thagann ina mílte ach nach bhfanann go hiondúil ach cúpla uair a chloig. Tá dochar á dhéanamh de réir a chéile do thimpeallacht agus do láithreacha seandálaíochta.

  • Feardorcha

    Is annamh a aontaím leis an gcolúnaí ach tá an ceart aige go bhfuil iarracht leanúnach ar bun muintir na tuaithe a ghaibhniú isteach i sráidbhailte. Ní maith le pleanálaithe na Bruiséile nuair nach féidir méar a leagan ar limistéir áirithe ar mhapa agus a rá go bhfuil sé caomhnaithe, bán, sciúrtha de dhaoine – sin é an taithí atá acu ar an Mór Roinn, stráicí plódaithe agus ansin stráicí bána sceirdiúla.
    Ach má tá stráice Gaza le fógairt nach iad muintir na háite a chúngaigh an bealach orthu féin? Is iad a reic talamh a sinsear le strainséirí sa tslí go bhfuil na Conallaigh agus na Ciarraígh go háirithe timpeallaithe agus plódaithe ag sciobóil fholmha na n-annamh-chuairteoirí. Tá sé ceart agus ciallmhar go mbeadh dlíthe ina choinne sin mar ní raibh muintir na háite ná iad siúd a labhair ar a son sásta srian a leagan orthu féin. Tá tithe agus tithíocht sna bailte fearainn ach ní gá gur le muintir na háite iad. Fágadh cothromaíocht agus ciall i leataobh agus cé gur thuig gach uile dhuine go mbeadh an táilliúr le híoc lá éigin, cuireadh an lá sin ar athló arís agus arís eile. Bhíomar dána agus anois tá ar na daoine fásta an bata a imirt orainn.