Tástáil i ndiaidh an toghcháin – gan aon údar gaisce ag an DUP

Tar éis na cainte ar fad faoi ról a bheith ag feisirí Parlaiminte as Tuaisceart Éireann i gceapadh Phríomh-Aire na Breataine bhí blas searbh ar na torthaí dóibh, fiú nuair a bhí na figiúirí fábharach

Chaill Alliance a suíochán a bhí ag Naomi Long.
Chaill Alliance an suíochán a bhí ag Naomi Long.

Choinnigh an DUP ocht suíochán cé gur chaill agus gur bhuaigh siad ceann, chaill Sinn Féin suíochán, ceithre cinn acu anois, choinnigh an SDLP trí shuíochán le vóta laghdaithe agus b’iad an UUP na buaiteoirí móra le dhá shuíochán, ceann a bhaineadar de Shinn Féin agus ceann den DUP. Chaill Alliance a suíochán a bhí ag Naomi Long agus choinnigh an Neamhspleách, Sylvia Hermon, a suíochán.

Tá an uimhríocht simplí ach tá na ciallachais thar a bheith casta i ngeall ar na torthaí sa Bhreatain. Cé is móite de Nick Clegg, ní raibh aon choinne leis an slad a rinne na vótóirí ar cheannairí i Sasana ná lena ndearbhú ar David Cameron. Céard is brí leis sin don treo ina ngabhfaidh Rialtas na gCaomhach is iad ag obair as a stuaim féin gan srian ná laincís ó phairtí eile? Cén treo ina ngabhfaidh Pairtí an Lucht Oibre anois tar éis imeacht Ed Miliband  – ar ais ag lár an bhóthair, à la Blair? Agus cén toradh a bheidh aige seo ar pholaitíocht agus ar pholaiteoirí Thuaisceart Éireann?

Bhunaigh an DUP a bhfeachtas toghcháin ar fad ar  an tuar i bpobalbhreith i ndiaidh a chéile go mbeadh Parlaimint gan móramh ann. Mhaígh Peter Robinson agus a pháirtí go mbeidís i lár an aonaigh. Anois, is léir nach bhfuil gá ag David Cameron leo nó gur fíorannamh a bheadh.

Cá bhfágann sé sin an DUP? Bhí toghchán maith acu, gan údar gaisce. Mhéadaigh a sciar den vóta 0.7% agus cé gur ghnóthaigh Gavin Robinson an suíochán in oirthear Bhéal Feirste dóibh chaill siad a bhfeisire i ndeisceart Aontroma, an tUrramach Willie McCrea. Níl siad neartaithe is iad ag filleadh ar Westminster.

Níl siad neartaithe ach an oiread is iad ag tabhairt aghaidh ar ais ar Stormont mar ar cuireadh margáil faoi chúrsaí leasa shóisialaigh agus an buiséad ar an méar fhada le dhá mhí. Shíl an DUP gurbh fhiú  fanacht go mbeadh féirín le fáil acu ó Cameron nó Miliband a mhaolódh an ghéarchéim abhus. Fanacht in aisce acu ab ea é agus is dúshlan mór é an obair sin a chur i gcrích nuair atá rialtas Caomhach a gheall a thuilleadh ciorruithe i gcumhacht.

Cheap Sinn Féin freisin gurbh fhiú fanacht le súil go mbeifí in ann faoiseamh a fháil ó Rialtas Lucht Oibre. Tá siad fós ag éileamh faoisimh ón déine ach i bhfianaise a bhfuil tarlaithe le cupla lá, cá bhfaighidh siad cluas le héisteacht? Tá laghdú 1% ar a vóta agus suíochán caillte acu. Is cosúil go mbeidh siad ag cur cos i dtaca is iad ag atheagrú roimh thoghchán an Tionóil agus an t-olltoghchán ó dheas i gceann bliana.

I gcás na mionpháirtithe, tá sé fógartha ag Alasdair McDonnell, ceannaire SDLP, a raibh an t-ádh air a shuíochán a choinneáil, nach seasfaidh sé do Stormont an bhliain seo chugainn. Bheadh sé aisteach mura gcuirfeadh a chomhghleacaithe brú air éirí as Stormont gan mhoill chun deis a thabhairt do Theachta nua roimh vótáil na bliana seo chugainn. Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil bonn teann faoi cheannaireacht McDonnell. Tá Mike Nesbitt neartaithe mar cheannaire an UUP ó bhí an lá le Tom Elliott i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas in aghaidh Michelle Gildernew, Sinn Féin,agus le Danny Kinahan in Aontroim Theas, áit ar chuir sé Willie McCrea DUP dá chois.

Leag na hAontachtaithe an-bhéim ar chaomhnú an Aontais. Beidh na ciallachais don Aontas ag vótáil na hAlban agus an deighilt idir thuaisceart Shasana agus an deisceart le reic lá is faide anonn. Is léir go mbeidh tionchar ag athruithe sa Bhreatain Mhór ar Thuaisceart Éireann agus tástáil á déanamh ar na seanchinnteachtaí.

Fág freagra ar 'Tástáil i ndiaidh an toghcháin – gan aon údar gaisce ag an DUP'