Tarraingt mhaith do Chiarraí agus do Mhaigh Eo agus Ard Mhacha sásta filleadh ar Pháirc an Chrócaigh

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na scéalta móra ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Tarraingt mhaith do Chiarraí agus do Mhaigh Eo agus Ard Mhacha sásta filleadh ar Pháirc an Chrócaigh

Tarraingt mhaith do Chiarraí agus do Mhaigh Eo

Agus an tarraingt do bhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe peile déanta inné, seans gurb iad Corcaigh agus b’fhéidir Gaillimh na foirne nach mbeidh sásta leis an toradh. Beidh sé thar a bheith deacair ag na Corcaígh Áth Cliath a shárú sa chéad bhabhta eile ach beidh na cluichí ar fad eile cothrom go maith. 

Is é an cluiche idir Ciarraí agus Maigh Eo an ceann is mó a bheidh daoine ag súil leis agus cé go seans ar chluiche níos éasca ag an dá dhream, déarfá go mbeidh Jack O’Connor agus James Horan sásta go maith gur in aghaidh a chéile a bheidh siad.

Ó thús na bliana, bhí na Ciarraígh ag díriú ar bhabhtaí leathcheannais na hÉireann agus gach cuma ar an scéal gur Áth Cliath a bheadh leo ansin. An rud is mó a bhí ag déanamh imní do mhuintir na Ríochta ná go mbainfeadh siad an lá sin i bPáirc an Chrócaigh amach gan tástáil cheart a bheith curtha orthu. Fágann tarraingt an lae inné gur cheart nach dtarlódh sin.

Cé go raibh cuma lag go maith ar Mhaigh Eo go dtí seo sa chraobh, tagann feabhas i gcónaí orthu sna cluichí móra. Níl foireann James Horan chomh láidir is a bhíodh ach thabharfadh sé misneach do Chiarraí iad a shárú mar sin féin.

Ó thaobh Mhaigh Eo, tabharfaidh an deis a bheidh acu an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí spreagadh níos mó do na himreoirí agus don lucht tacaíochta. Ní hamháin go bhfeilfidh sé dóibh gan a bheith mar rogha na coitiantachta, beidh siad ann a déarfaidh go bhfeilfidh stíl Chiarraí dóibh níos mó ná leithéidí Dhoire. Tá cosantóirí Mhaigh Eo ar fheabhas ag dul ar an ionsaí agus beidh ceist ann an mbeidh tosaithe Chiarraí in ann coinneáil leo?

Mar sin fhéin, más údar dóchais atá ag teastáil ó lucht tacaíochta Chiarraí níl ann ach breathnú ar an scrios a rinne siad ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe. Chomh maith leis níl Ciarraí chomh hoscailte i mbliana agus a bhí roimhe seo agus bíonn tosaithe na foirne, go háirithe an líne leatosaithe, lánsásta an obair chrua a dhéanamh. 

 

Stephen Sheridan agus Ryan McHugh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ard Mhacha sásta Páirc an Chrócaigh a baint amach arís

Ní dóigh gur fonn ceiliúrtha a bhí ar lucht tacaíochta na Gaillimhe nuair a chuala siad gurb iad Ard Mhacha a bheadh rompu i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann. Ní gá d’imreoirí Phádraic Joyce aon fhaitíos a bheith orthu rompu ach is cinnte go bhfuil an dá bhua a bhí ag Ard Mhacha le coicís anuas, in aghaidh Thír Eoghain agus Dhún na nGall, tar éis an-spreagadh a thabhairt dóibh. Nuair a chlis ar Ard Mhacha in aghaidh na gConallach i gCraobh Uladh ag tús an tsamhraidh, bhí siad in ísle brí ach tá muinín mhaith acu arís agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann mar sprioc acu.

Beidh Kieran McGeeney sásta go bhfuil Páirc an Chrócaigh bainte amach ag a chuid imreoirí, ní hamháin mar go gciallaíonn sé go bhfuil ag éirí go maith leo sa chraobh ach mar gur cheart go bhfeilfeadh an pháirc iad freisin. Thugadar sárthaispeántas ansin i rith an earraigh nuair a bhuadar ar Áth Cliath sa tsraith agus léirigh siad arís in aghaidh Dhún na nGall gur féidir leo an pháirc mhór a chur chun a leasa.

Ní raibh ach deich soicind imeartha nuair a bháigh Rory Grugan an liathróid san eangach in aghaidh Dhún na nGall tar éis do Rian O’Neill an liathróid a lascadh isteach chuige ó lár na páirce. Scóráil siad a mhacasamhail de chúl in aghaidh Átha Cliath sa tsraith – O’Neill a d’aimsigh an sprioc an uair sin –  agus seans go bhfeicfidh muid an modh díreach arís in aghaidh na Gaillimhe.

Ar an taobh eile, bheadh Damien Comer sásta cúpla pas mór fada a fheiceáil á gcur ina threo agus d’fhéadfadh Shane Walsh scrios a dhéanamh má thugtar spás dó. Coimhlint shuimiúil a bheidh inti.

Curaidh na gcúigí ag cliseadh sa Chraobh Mhionúir Peile

Is iad Maigh E, an t-aon fhoireann ar éirigh leo craobh an chúige a bhuachan a beidh ag imirt i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe mionúir peile. Sáraíodh curaidh Laighean, Uladh agus na Mumhan uile i an deireadh seachtaine seo. D’éirigh le Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara Dé Domhnaigh ach torthaí nach raibh aon súil leo a bhí sna cluichí eile.

Díreach sé lá tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Mhaigh Eo, bhuaigh buachaillí óga na Gaillimhe ar Áth Cliath. Cé gur bhuaigh Áth Cliath na cúig chluiche a bhí acu roimhe seo sa chraobh go héasca, d’éirigh le Gaillimh, a chaill trí chluiche as sé cinn roimhe seo, an ceann is fearr a fháil orthu i bPáirc Uí Chonchúir, toradh a léirigh an tábhacht a bhaineann le cluichí crua a imirt.

I gcluiche ceannais na Mumhan coicís ó shin, bhuail Corcaigh greadadh ar Chiarraí ach is iad buachaillí na Ríochta anois a bheidh sna babhtaí leathcheannais. Fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Uladh, Tír Eoghain, i ngéarchoimhlint Dé Sathairn agus chaill Corcaigh le sé phointe in aghaidh Dhoire.

In 2019, bhain Corcaigh agus Gaillimh cluiche ceannais na hÉireann amach tar éis dóibh cluichí ceannais a gcúigí a chailliúint agus beidh súil anois ag Gaillimh, Ciarraí agus Doire go bhféadfaidh siadsan an gaisce céanna a dhéanamh i mbliana.

Tús iontach do Chiarraí i bPeil na mBan

Léirigh na torthaí sa chéad bhabhta i gCraobh Shinsir Pheil na mBan an bhearna atá ann idir na foirne is fearr agus an chuid eile sa chomórtas. Farasbarr deich bpointe a bhí ag Maigh Eo ar Thiobraid Árann, cúig phointe dhéag a bhí idir An Mhí agus Muineachán, nár scóráil ach aon phointe amháin, agus naoi bpointe dhéag a bhí idir Áth Cliath agus An Cabhán.

Ní raibh ach dhá phointe le spáráil ag Ciarraí ar Ghaillimh i nGrúpa C ach ba cheart go mbeadh farasbarr níos mó acu i ndáiríre. Scóráil na Gaillimhigh dhá chúl deireanach go maith sa chluiche agus na Ciarraígh a bhí i gceannas d’fhormhór na himeartha. Ní raibh ach trí phointe idir na foirne ag leath ama ach ghlac Ciarraí ceannas iomlán ar an gcluiche ag tús an dara leath. Is iontach an tús é le cur leis an gcraobh.

Dhá phointe freisin a bhí idir Dún na nGall agus Port Láirge i gcluiche a cheap daoine a bhuafadh na Conallaigh níos éasca. Rinne na Déisigh teacht aniar sa chluiche agus bhí deiseanna acu an cluiche a bhaint, chuir Kellyann Hogan cic éirice amú sa dara leath, agus is maith a thuigfidh Dún na nGall go mbeidh feabhas ag teastáil más leo dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh.

Fág freagra ar 'Tarraingt mhaith do Chiarraí agus do Mhaigh Eo agus Ard Mhacha sásta filleadh ar Pháirc an Chrócaigh'