‘Táim ag iarraidh go mbeidh Éire bródúil asam’ – Aimee Banks ag triall ar Sóifia don Junior Eurovision

San oíche amárach beidh Aimee Banks, 13 bliain d’aois, sa Bhulgáir agus í ag canadh ar son na hÉireann ag an ‘Eoraifís Óg’

Aimee Banks

Amárach déanfaidh Aimee Banks, 13 bliain d’aois, ionadaíocht thar ceann na hÉireann i gcomórtas an ‘Eoraifís Óg’ i Sóifia na Bulgáire.

Bhuaigh cailín óg Mhaigh Cuilinn, atá ag freastal ar Choláiste na Coiribe, scoil lán-Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe, an comórtas cáilithe a bhí á reáchtáil an fómhar seo ar TG4 agus í san iomaíocht le hamhránaithe óga as gach cearn den tír.

Ba é a hamhrán ‘Réalta na Mara’, a scríobh sí in éineacht le Niall Mooney, Brenda McCartney agus Jonas Gladnikoff, a mheall moltóirí an Junior Eurovision níos túisce an mhí seo agus beidh sí á rá ar stáitse an Arena Aermeec i Sóifia.

Tá seacht dtír déag san iomaíocht i gcomórtas na bliana seo, sé thír Eorpacha déag agus an Astráil a bheidh ag glacadh páirte i gcomórtas na hEoraifíse sinsear agus sóisear den chéad uair i mbliana.

As teach ceolta a tháinig Aimee, a dúirt sí le Tuairisc.ie, agus chuir sí snas ar a cuid ceoil féin faoi stiúir an tsagairt áitiúil i gcór an tséipéil i Maigh Cuilinn.

Ba í a máthair a chuala faoin gcomórtas ar TG4 ar dtús agus a d’fhiafraigh di an mbeadh spéis aici cur isteach air.

“Cén fáth nach mbeadh?” an freagra a thug Aimee uirthi.

Dúirt Aimee le Tuairisc.ie, sular fhág sí níos túisce an tseachtain seo, go bhfuil sí ag iarraidh go mbeidh Éire bródúil aisti.

“Is breá liom a bheith ag canadh ceol clasaiceach agus ba bhreá liom é a thabhairt isteach sa Eurovision. Bhí an-chraic againn ar TG4. Ba bhreá liom é sin a dhéanamh arís; rinne mé go leor cairde nua ann.

“Níor smaoinigh mé ar an mBulgáir ar dtús. Bhí gach duine go hiontach ar TG4, ach tá mé chomh sásta. Ní féidir liom é a chreidiúint, tá mé ar bís.

“Tá na hamhráin ó na tíortha eile cloiste agam agus tá siad an-mhaith. Tá mé píosa beag buartha ach táim ag iarraidh go mbeidh Éire bródúil asam,” a dúirt sí.

Craolfar an Eoraifís Óg ar TG4 san oíche amárach ag 6.30.

Fág freagra ar '‘Táim ag iarraidh go mbeidh Éire bródúil asam’ – Aimee Banks ag triall ar Sóifia don Junior Eurovision'