Taighde le déanamh faoi na cúiseanna nach labhraíonn tuismitheoirí Gaeltachta Gaeilge lena bpáistí

Tá glactha ag Roinn na Gaeltachta le moladh i dtuarascáil nua go ndéanfaí taighde le fáil amach cad iad na cúiseanna a bhíonn ag tuismitheoirí Gaeltachta an Béarla a roghnú seachas an Ghaeilge

Taighde le déanamh faoi na cúiseanna nach labhraíonn tuismitheoirí Gaeltachta Gaeilge lena bpáistí

Tá Roinn na Gaeltachta chun iarracht a dhéanamh fáil amach cén fáth go roghnaíonn tuismitheoirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge acu Béarla a labhairt lena bpáistí.

Dheimhnigh Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an méid sin do Tuairisc.ie i ndiaidh fhoilsiú tuarascáil nua faoi labhairt na Gaeilge i measc theaghlaigh na Gaeltachta.

Moltar sa tuarascáil, a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, taighde a dhéanamh ar na teaghlaigh nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile.

“Ní mór tuiscint a bheith againn ar na cúiseanna a roghnaíonn teaghlaigh teanga amháin thar theanga eile ionas go mbeifear in ann an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh siúd ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge,” a deir údair an taighde.

Tá glactha ag Roinn na Gaeltachta leis an moladh sin cheana féin agus cuirfear maoiniú ar fáil don taighde, an chéad taighde dá leithéid riamh sa Ghaeltacht.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, go raibh roinnt eolais ar fáil faoi riachtanais na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge agus go raibh sé “tábhachtach fáil amach freisin cén fáth nach bhfuil tuismitheoirí ag labhairt na Gaeilge lena bpáistí sa Ghaeltacht”.

De réir na tuarascála, Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta, níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge gur gá anois “dul ag tochailt níos doimhne” sa taighde sa tuarascáil agus gur cuid den obair sin é fáil amach cén fáth go roghnaíonn tuismitheoirí sa Ghaeltacht an Béarla thar an Ghaeilge.

Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, go raibh “moltaí an-stuama” déanta ag na taighdeoirí.

“Beidh muid ag féachaint ar thaighde a bhaineann leis an chúis nach labhraíonn daoine Gaeilge lena bpáistí amach anseo. Seans gur muidne a thabharfaidh faoi nó dream eile.

“Taighde stuama a bheadh ann. Tuigimid cén fáth a labhraíonn daoine Gaeilge lena gcuid páistí. Tá sí ina gcroí acu ach cad é an lúb ar lár atá ann nach labhraíonn daoine ón nGaeltacht Gaeilge lena bpáistí. Beidh muid ag gníomhú ar na moltaí ar fad a rinneadh mar chuid den tuarascáil taighde.”

Fág freagra ar 'Taighde le déanamh faoi na cúiseanna nach labhraíonn tuismitheoirí Gaeltachta Gaeilge lena bpáistí'

  • Marcas Mac Pháidín

    An bhfuil taighde de dhíth orainn? Nach bhfuil freagra na ceiste iontach simplí? Chaith Rialtas na Sasana na cėadta bliana ag cothú drochmheas ar ár dteanga i measc na ndaoine agus le céad bliana anuas tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag leanstan les an chur chuige chéanna. Muna chreideann an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach eolas maidir le covid a scaoileadh i nGaeilge, ar cheart ionadh a bheith at dhuine ar bith cad chuige gur stad tuismitheoirí ag labhairt na teanga lena bpáistí?

  • Gabriel Rosenstock

    Ní leor taighde. Caithfear taighde a dhéanamh ar an taighde sin agus a thuilleadh taighde ar an taighde sin arís (agus a thuilleadh taighde fós). Ar ndóigh, beidh an taighde sin as dáta i gceann na haimsire agus beidh orthu taighde nua a thionscnamh. Aoibhinn beatha an taighdeora.

    Bhí taighdeoir arbh ainm dó Tadhg
    A dhein taighde ar ghruth is ar mheadhg:
    “Ar a bh’ladh is ar a chruth
    Cé acu an gruth?
    Dhera, smearfad anois iad ar m’aghaidh!”

  • Lillis Ó Laoire

    1. Teaghlaigh nach bhfuil Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin. Gan aon tacaíocht ná oiliúint ar fáil do thuismitheoirífaoi bhealaí le cleachtas folláin dátheangach a chothú.
    2. Nós na ndéaga Béarla a labhairt ag leanúint ar aghaidh.
    3. Seanscéal agus meirg air: Gaeilge = iargúltacht, bochtaineacht, náire.
    4. Múinfidh an scoil agus an pobal an teanga dóibh. Ní gá dúinne bacadh leis.

  • Éilís Ní Anluain

    B’fhiú freisin ar mhaithe le freagraí dearfacha a fháil, an cheist chéanna a chur ar thuismitheoirí a thógann a gclann trí Ghaeilge. Tabharfaidh an Béarla aire di féin. Piocfaidh na gasúir suas í ó na meáin agus ó dhaoine sa bpobal nó gaolta nach bhfuil Gaeilge acu. Níl áit is bith níos fearr a fhoghlaimeoidh gasúr teanga ná sa mbaile. Is leor í bheith ag tuismitheoir amháin a chloíonn léi. Is cuma má fhreagraíonn an páiste nó an duine óg i mBéarla. Is féidir leanacht ar aghaidh mar seo, ar feadh na mblianta fiú, an duine óg ag éisteacht le tuismitheoir a labhrann i nGaeilge, ag foghlaim leis, agus an doras oscailte le casadh ar ais ar an nGaeilge ar fad. Is deacra casadh ar ais nuair a stoptar ar fad í.

    Tá an nós ann casadh ar an mBéarla ar fad nuair atá duine amháin i ngrúpa gan Ghaeilge ar a dtoil acu. Níor mhaith liom féin go dtarlódh sé sin dá mbeinn thar lear agus gan teanga na tíre sin ar mo thoil agam. Is leor duine le do thaobh a mhíneodh corr fhocal duit agus gan dul i bhfeidhm chomh mór sin ar an ngrúpa. Is beag Éireannach nach dtógfadh cuid de chomhrá Gaeilge leo. I gcomhluadar meascaithe, cuairteoirí, gaolta nó cairde gan Ghaeilge, ní gá, ar mhaithe le béasadh mar a deirtear, go labhródh na tuismitheoirí Béarla leis an dream óg. Má thosaítear ar an nós Béarla a labhairt leis na gasúir i gomhluadar faoi leith, ar mhaithe le gan daoine a fhágáil amach, tá an baol ann go leanfaidh sé agus de réir a chéile gur beag Gaeilge atá á labhairt a thuilleadh ag an tuismitheoir leis an páiste, fiú nuair nach bhfuil ann iach iad féin.

  • Peadar

    Taighde riachtanach faoi thaighdeoirí MA an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Conas go bhfuilfear ag íoc a gcuid táillí dóibh agus Óige na Gaeltachta fágtha gan pingin rua. Taighde ag teastáil faoi chostas an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Taighde ag teastáil ar Bhainistíocht scoileanna faoi chearta teanga Óige na Gaeltachta & an bhfuileadar ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Ní náire atá ar mhuintir na Gaeltachta ach tuigeann siad an chur i gcéill…

  • Colm Ó Broin

    “Seanscéal agus meirg air: Gaeilge = iargúltacht, bochtaineacht, náire”

    An bhfuil an meon sin fós beo a Lillis?