Taifeadtaí de bhóíní Dé na Gaeltachta á lorg

Tá an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta ag iarraidh go gcoinneofaí súil amach do bhóíní Dé

Taifeadtaí de bhóíní Dé na Gaeltachta á lorg

Tá an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta ag iarraidh ar phobal na Gaeltachta súil a choinneáil amach do bhóíní Dé ina gceantar féin agus an séasúr deiridh páirce den togra ‘Altas na mBóíní Dé 2025’ tosaithe.

Tá os cionn 21,000 taifead de bhóíní Dé ag an Ionad cheana féin – os cionn na sprice 20,000 a bhí acu – ach tá paistí sa tír, agus cuid acu sa Ghaeltacht, nár tháinig aon taifead de bhóíní Dé uathu fós.

De réir na léarscáile atá foilsithe ag an Ionad, tá taifeadtaí faighte acu ó fhormhór Chorca Dhuibhne ach amháin an ceantar timpeall ar Bhaile Dháith agus sna Blascaodaí. Níos faide ó dheas sa chontae céanna, tá an sciar talún ó Cheann Bhólais go Baile na bhFlann (agus Oileán na gCánóg san áireamh) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh gan taifead freisin.

I nGaeltacht na Gaillimhe tá sciaranna móra de Cheantar na nOileán, Ros Muc, Dúiche Sheoigheach, agus Iorras Aithneach nach bhfuarthas taifead dá laghad uathu fós ann. Tá dath glas, a léiríonn easpa taifeadtaí, le feiceáil i mBun Gabhla in Árainn freisin. Ní hionann an scéal i gceantar Chois Fharraige, ó bhruach chathair na Gaillimhe siar go Ros an Mhíl agus Casla, áit a bhfuarthas tuairisc ar na feithidí beaga cheana féin.

Níor cuireadh isteach aon taifead de bhóín Dé i ndeisceart leithinis Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo agus tá an taobh Gaeltachta d’Acaill gan taifead fós freisin. Tá ganntanas taifeadtaí ann sa Chorrán agus i gCeathrú Thaidhg chomh maith.

Níos faide ó thuaidh, tá obair le déanamh timpeall ar Shliabh Liag agus Teileann chomh fada siar leis na Málainní i nGaeltacht iardheisceart Dhún na nGall agus níl taifead dá laghad tagtha ó thuaisceart na leithinse ach an oiread – an ceantar iargúlta timpeall ar Ghleann Lach. I dtuaisceart an chontae, tá formhór na n-oileán Gaeltachta ó Árainn Mhór go Toraigh gan taifead go fóill agus cuid bheag de na Rosa agus an ceantar ó Chnoc Fola go Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair.

Léirítear ar an léarscáil go bhfuil taifeadtaí tagtha ó nach mór chuile áit i nGaeltacht Chorcaí – Cléire san áireamh – agus Port Láirge cé is moite den ros ar a bhfuil Ceann Heilbhic.

Tá na taifeadtaí seo á lorg le go mbeadh lucht an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta in ann léarscáileanna níos cruinne a fhorbairt ina léireofaí dáileadh na mbóíní Dé in Éirinn. Tá súil acu freisin cur lena dtuiscint féin ar na gnáthóga is mó a thaitníonn leis na speicis éagsúla den bhóín Dé atá ar fáil sa tír seo.

Dúirt Oisín Duffy, Oifigeach Suirbhéanna agus Taifeadtaí leis an Ionad, go raibh súil ag an eagraíocht go mbeadh 20,000 taifead faighte acu ón bpobal faoi dheireadh an togra ‘Altas Bóíní Dé 2025’ ach gur sáraíodh an sprioc sin sula raibh siad leath bealaigh tríd.

“Tá 21,365 taifead againn anois agus sé mhí eile fós le déanamh, anuas ar na sonraí a bheidh ag ár suirbhéirí féin, aon sonra eile a gheobhaidh muid ó áiteanna eile, agus na sonraí atá ar an mbunachar cheana féin. Beidh muid in ann pictiúr níos fearr ar bhonn uile-oileánda a fháil.

“Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le gach duine a chuir sonraí isteach, tá muid go mór faoi chomaoin agaibh agus tá muid ag súil go mór leis an 22,000 a bhaint amach,” a dúirt sé.

Fuarthas 1,200 taifead de bhóíní Dé ó 346 ball den phobal ar fud na hÉireann le trí mhí anuas. Is iad an bhóín Dé sheachtbhallach, an bhóín Dé ceithre bhall déag, agus an bhóín Dé cheannann na speicis is mó a taifeadadh.

Is féidir na 21,365 taifead atá ar bhunachar an Atlais a fheiceáil anseo agus taifeadtaí nua a dhéanamh anseo. Is gá ainm an duine a chonaic an fheithid agus an áit a bhfacthas é a chur mar chuid den taifead.

Fág freagra ar 'Taifeadtaí de bhóíní Dé na Gaeltachta á lorg'