‘Tabharfaidh an tAontas Eorpach tús áite d’Éirinn agus tá dul amú ar aon duine a cheapann go dtréigfear í’ – Juncker

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker sa Dáil inniu gur teorainn de chuid an Aontais Eorpaigh í teorainn na tíre seo agus gur do cheist na teorann a thabharfaí tús áite sna cainteanna faoin mBreatimeacht

‘Tabharfaidh an tAontas Eorpach tús áite d’Éirinn agus tá dul amú ar aon duine a cheapann go dtréigfear í’ – Juncker

Ní thuigeann an dream a mheasann go loicfidh an tAontas Eorpach ar cheist na teorann in Éirinn cad tá i gceist leis an Aontas, a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker a agus é ag caint i nDáil Éireann tráthnóna.

Dúirt Juncker gur teorainn de chuid an Aontais í teorainn na tíre seo agus gur do cheist na teorann a thabharfaí tús áite dá réir.

“Tabharfar tús áite d’Éirinn…Táthar ann a cheapann go dtréigfidh an 26 tír eile ar son margadh éigin a d’fheilfeadh iad féin. Is teorainn de chuid na hEorpa í teorainn na hÉireann agus sin is tábhachtaí dúinne.”

Dúirt sé gurb iad muintir na Breataine féin a rinne an cinneadh an tAontas Eorpach a fhágáil agus go raibh meas aige ar an gcinneadh sin.

“Mar sin féin, níor cheart gur ballstáit eile – agus Éire go háirithe – a d’íocfadh as an rogha sin…Mar atá ráite riamh agam sa chás seo, ‘Éire ar dTús’,” a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Dúirt Juncker go dtacódh “Eoraip aontaithe” le hÉirinn gach céim den phróiseas Breatimeachta.

”Ba mhian linn a shoiléiriú arís agus arís eile nach ina haonar atá Éire. Tá tacaíocht 26 ballstáit eile ag Éirinn chomh maith le tacaíocht an Choimisiúin agus ní thiocfaidh aon athrú air sin,” a dúirt Uachtarán Choimisiún na hEorpa.

Dúirt sé nach raibh aon fhadhb leis an teorainn le 20 bliain, agus gur mar sin ba cheart an scéal a bheith amach anseo. “Sin é an fáth go bhfuil moltaí soiléire déanta againn, ag áireamh an cúlstop, chun Comhaontú Aoine an Chéasta agus teorainn chrua a sheachaint,” a dúirt Juncker.

Dúirt sé nach bhféadfadh aon socrú a dhéanfaí leis an mBreatain faoi chúrsaí trádála freastal ar an Ríocht Aontaithe ar fad,

 

Fág freagra ar '‘Tabharfaidh an tAontas Eorpach tús áite d’Éirinn agus tá dul amú ar aon duine a cheapann go dtréigfear í’ – Juncker'