Is léir le tamall anuas go bhfuil seánra an tsárlaoich spíonta mar fhoinse chruthaitheach siamsaíochta. Níl an dúil chéanna ag lucht pictiúrlainne sna scannáin mar a bhí agus titim, dá réir sin, ar an airgead a shaothraíonn na scannáin chéanna.
Bíodh trua againn, mar sin, do na cruthaitheoirí atá ag dul sa tseans sa tseánra seo go fóill, idir lucht scannán agus teilifíse. Is é Wonder Man (Disney+) an chéad iarracht eile ag muintir Marvel, comhlacht de chuid Disney, splanc a chur sa tsamhlaíocht leis an mhionsraith nua seo de naoi gclár.
Is é Yahya Abdul-Mateen II atá sa chéad phríomhról mar Simon Williams, fear a chreideann gur aisteoir é ach ar sárlaoch é – Wonder Man! – i ngan fhios dó féin. Tá Ben Kingsley ann mar Trevor Slattery, aisteoir eile atá ag coinneáil súil ar Williams ar son rialtas SAM.
Tá siad beirt thar barr sna rólanna, iad ag spraoi agus ag comhrá le chéile go réidh agus cuireann siad beirt charachtar ar dóigh i láthair an lucht féachana, ealaíontóirí, mar dhea, a bhfuil dúil bhocht ina gceird acu, a chreideann i mistéir agus i misean na haisteoireachta. Pléisiúr atá ann a bheith ag amharc orthu ag casadh agus ag lúbadh. Bhuel, ar dtús cibé ar bith.
Bíodh sin mar atá, tá an scéal thar a bheith ‘meitea’. Bhí carachtar Kingsley, Trevor Slattery, i scannán eile de chuid Marvel cheana féin, Iron Man 3, agus é i ról an Mhandairín, sceimhlitheoir. Ach níorbh é an Mandairín é ar chor ar bith ach aisteoir ag ligean air féin gurbh é an Mandairín é; puipéad a bhí ann a bhí faoi stiúir ag sceimhlitheoir eile.
Mar sin de, tá Slattery, sa tsraith seo, aitheanta as a ról sa scannán sin sa tsaol réadúil – agus meas ag Williams air as sin – fíor-aisteoir a bhí i ról ficseanúil agus aithne ag fíor-aisteoirí eile air as a chuid oibre – Joe Pantoliano, mar shampla, atá sa tsraith mar Joe Pantoliano. Glacann muid leis gurb ann don Mhandairín, irl, ach nach é Slattery, an t-aisteoir, é.
Mar sin de, tá saol ‘réadúil’ na sraithe agus saol ficseanúil na scannán ag meilt ina chéile ar dhóigh ghlic – ach éiríonn sé tuirsiúil. Scéal é a bhfuil mistéir ann ach mearball leis fosta.
Chuir Disney na naoi gclár ar fáil ar líne in aon iarraidh amháin. D’éirigh liom dhá chlár go leith a bhreathnú sular thráigh an tsuim. An bhfuil fonn orm fáil amach cad é a tharlaíonn don bheirt? Tá agus níl. Tá Wonder Man spéisiúil snasta ach níl sé tarraingteach tógálach ar an dóigh a raibh, abair, Battlestar Galactica, tú ar bís leis an chéad chlár eile a fheiceáil.
B’fhéidir go bpillfinn air. Amach anseo, dá bhfaigheadh an fhiosracht an ceann ab fhearr orm. Dá bhfaigheadh. Sin an cheist. Idir dhá chomhairle ar fad; tógtha go mór leis an aisteoireacht ach fuar sa scéal.
Thoisigh séasúr nua Silent Witness (BBC NI) an tseachtain seo. Is é seo an 29ú sraith den chlár. Pilleann an Dochtúir Nikki Alexander (Emilia Fox) agus Jack (David Caves), sa dá phríomhról agus iad pósta an iarraidh seo. Beidh le feiceáil cad é an tionchar a imríonn sé sin ar dhinimic na beirte agus an tsraith á forbairt. (D’fhreastail Caves ar an scoil chéanna i mBéal Feirste le C.S. Lewis, dála an scéil.)
Beidh coirp ann, bíonn i gcónaí, agus léireoidh an bheirt gurb iad is cliste ar fad ar fad agus iad ag dul in iomaíocht le carachtair eile na sraithe. Clár de chuid an BBC é, gan cheist, plotaí séimhe faoi shrian; chuig an chlár seo a ceapadh an cur síos ‘de réir a chéile’ ach, murab ionann agus Wonder Man, bím i gcónaí fiosrach le fáil amach cad é an chríoch a bhíonn ar an aistear.
Fág freagra ar 'Tá ‘Wonder Man’ nua Disney glic ach éiríonn sé tuirsiúil'