Tá traidisiún fada ag baint le roghnú an chaptaein i gCiarraí, ach tá sé in am d’athrú

Ag cruinniú míosúil Bhord CLG Chiarraí anocht caithfear vóta faoin gcur chuige a bhíodh agus atá fós ag an gcontae chun a gcaptaein a roghnú

Tá traidisiún fada ag baint le roghnú an chaptaein i gCiarraí, ach tá sé in am d’athrú

David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá ceist chrosta an chaptaein agus an tslí ina roghnaítear na captaein ar fhoirne sinsir caide an chontae ag brúchtaíl arís i gCiarraí.

Ní túisce David Clifford ainmnithe an tseachtain seo agus bhí an chogarnaíl agus an gíoscán fiacal tosnaithe athuair. ‘Tá sé ró-óg’ a dúradh. ‘Ba cheart David Moran a bheith ainmnithe,’ a dúirt a thuilleadh agus ‘cad fé Jack Sherwood bocht?’ a bhí ag dornán eile.

Thug Clifford a bhfreagra ar lucht an amhrais i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn, ach níl deireadh leis an gcaint go fóill agus vóta le caitheamh ar an gcur chuige a bhíodh agus atá fós ag Ciarraí chun a gcaptaein a roghnú ag cruinniú míosúil Bhord CLG Chiarraí anocht.

Má théimid siar trí phóirsí fada dorcha na mblian, chífimid gur lean achrann agus toirmeasc roghnú an chaptaein i gCiarraí riamh.

Ba é Dick Fitzgerald an chéad fhear ó Chiarraí a bhí ina captaen buacach fé dhó ar fhoireann an chontae. Bhí sé de thiarnúlacht agus de mhisneach ann agus é fós ag imirt leabhar a scríobh i 1914 ar conas cluiche na caide féin a dh’imirt. Leag sé a thuairimí amach in ocht gcinn d’aistí breátha beachta agus chur sé ceann de na caibidlí ar leataobh chun cur síos a dhéanamh ar ról agus nádúr an chaptaein.

Bhí Fitzgerald den dtuairim os cionn céad bliain ó shin go mba cheart an cúram a leagadh ar fhear eile seachas an captaen tofa dá mba é tuairim mheáite na foirne go mbeadh an té sin níos fearr ar an stiúir.

Bhain tuairimí Dick Fitzgerald, dá fheabhas iad, lena ré agus nílimse in aon tslí ag rá gur cheart captaen eile a roghnú seachas Clifford. Ráiníonn, dar liom, go bhfuil an fear ceart aimsithe sa chás seo agus, má sea, ba cheart é a fhágaint ann, beag beann ar cé a bhuafaidh craobh an chontae i gCiarraí i mbliana. Raghainn níos faide ná san agus mholfainn go n-ainmneofaí Seán O’Shea ina leaschaptaen feasta ar eagla go mbeadh Clifford ar lár agus d’fhágfainn eatarthu beirt é as seo go ceann deich mbliana.

Chun go dtarlódh san, caithfear an córas a athrú anocht agus níl aon éachtaint fachta go dtí seo go bhfuil an goile ann chuige sin.

Dá mba ann don gcóras trína roghnódh bainistíocht na bhfoirne a gcaptaen féin, mar a dheintear i ngach contae seachas Ciarraí agus Cill Chainnigh tá na haon seans ann ná beadh an phribhléid agam féin agus ag pobal na Gaeltachta in 2004 is a bhí. Ba chóir dá réir sin, go mbeinn glan in aghaidh na n-athruithe atá á moladh ar an gcóras. Is beag mo spéis sa chluiche idirchontae i gcomparáid le cluiche na gclubanna ó chríochnaíos ag imirt le Ciarraí in 2005 agus shamhlófá agus shamhlaíos féin go dtí roinnt blianta ó shin, nach mbeadh aon ghéilleadh agam d’aon rún nó d’aon acht a lagódh lámh an chumainn.

Má ghlactar leis an athrú atá á mholadh anocht ar chóras roghnaithe an chaptaein i gCiarraí, áfach, níl aon amhras ná go mbeadh cuid agus cumhacht na gcumann laghdaithe gan an t-ísliú stádais do chraobh an chontae féin a bhac chuige.

Canathaobh mar sin go mbraithim go mb’fhéidir go bhfuil an lá tagtha agus go bhfuil sé in am an seanchóras a chaitheamh i dtraipisí?

Fé mar a dúirt cheana, lean achrann agus toirmeasc roghnú an chaptaein i gCiarraí riamh agus le cúig bliana anuas ní dóigh liom go bhféadfadh aoinne a áiteamh go bhfuil an córas tar éis freastal ar an bhfoireann chontae ina n-iarrachtaí greim docht daingean Átha Cliath a bhriseadh.

Ins na cúig bliana sin go bhfuil Stephen Cluxton tar éis glacadh le Corn Sam Maguire bhí Kieran Donaghy, Bryan Sheehan, Johnny Buckley, Fionn Fitzgerald, Shane Murphy agus Gavin White ina gcaptaein ar fhoirne Chiarraí. Sna blianta ó 2015-2019 níor chaith aoinne den seisear acu tréimhsí fada ar an mbuanfhoireann agus bhí an uile dhuine acu fágtha ar an bhfán do chluichí móra ag deireadh na mblianta sin.

Nuair atá foireann ar nós Chiarraí ag luí amach orthu féin ag iarraidh an uile ghné den bprapáil a chur ina cheart agus iad ag caitheamh suas le milliún euro san iarracht mar a chaitheann foirne eadarchontae áirithe anois, ní féidir glacadh le neafaiseacht d’aon tsórt. Is cuma cén tslí a fhéachann tú inniu air, tá blas na neafaiseachta ar an gcóras atá i bhfeidhm i gCiarraí anois, fiú má tá breis is 130 bliain de thraidisiún taobh thiar de.

Nuair a smaoiníonn lucht na caide i gCiarraí ar na sárchaptaein agus na sárcheannairí as an dtriúr is tríocha a dh’ardaigh Sam Maguire thar a gceann, tagann Dick Fitzgerald, John Joe Sheehy, Mick O’Connell, Páidí Ó Sé agus i mo chás féin, Séamus Moynihan chun cuimhne láithreach bonn. Imreoirí iad seo a spreag a muintir agus a leathbhádóirí le gníomh is le gaisce agus imreoirí is ea iad gur dócha, dála David Clifford inniu, go roghnófaí ar aon nós mar chaptaein iad, beag beann ar ghnásanna ná ar chórais.

Murach na gnásanna agus na córais chéanna, áfach, ní dócha go mbeadh na cuimhní geala a mhaireann fós in áiteanna ar nós na Dromad, Gleann Fleisce, Gleann Beithe agus tábhairne an Bhóthair ar oícheanta go maidin, ar thinte cnámh agus ar mhórtas áite ina steillbheatha.

Beidh sé deacair an oidhreacht agus an traidisiún sin a iompú bunoscionn agus an rogha a thabhairt don mbainistíocht chontae chéanna atá tar éis oiread a bhreith chucu féin cheana féin agus an club a fhágaint in áit na leathphingine.

Beidh sé deacair scaradh le rianta agus le deasghnátha an traidisiúin i gCiarraí. Tá déanta go maith againn agus iad á gcleachtadh agus á leanúint. Tugann ár dtraidisiún treoir agus spreagadh dúinn. Ach níor chóir go mbeimis faoi gheasa aige.

Fág freagra ar 'Tá traidisiún fada ag baint le roghnú an chaptaein i gCiarraí, ach tá sé in am d’athrú'