Tá toghchán na huachtaránachta athraithe – ní hiontas an easpa suime

Tá go leor ag séanadh agus ag diúltú go mbeidh siad san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta

Tá toghchán na huachtaránachta athraithe – ní hiontas an easpa suime

Áras an Uachtaráin. Pic: Sam Boal/RollingNews.ie

Leathbhliain ón deireadh seachtaine a bheidh toghchán na huachtaránachta againn agus de réir a chéile tá an plé ar cé a bheidh san iomaíocht ag méadú.

An tseachtain seo thug an t-iarthánaiste Frances Fitzgerald le fios nach bhfuil suim aici féin a hainm a chur chun cinn mar iarrthóir d’Fhine Gael. Tuairiscíodh freisin nach mbeadh aon locht ag an iar-aire Mary Hanafin ar ainmniúchán dá dtiocfadh Fianna Fáil chun cainte léi faoin toghchán. Agus shéan Sinn Féin go bhfuil siadsan ag brath ar an bhfeisire Parlaiminte as Béal Feirste Thuaidh, John Finucane a chur chun cinn don toghchán.

Tá go leor ag séanadh agus ag diúltú go mbeidh siad san iomaíocht, ach céard a chiallaíonn sin faoin gcineál toghchán a bheidh againn? Tá na toghcháin uachtaránachta athraithe le scaitheamh anois, go háirithe ó thosaigh iarrthóirí ag tapú na deise ainmniúchán a fháil trí chóras na n-údarás áitiúil. Tá baint ag teacht in inmhe na meán sóisialta leis an athrú freisin – bíonn na feachtais níos pearsanta agus déantar iniúchadh níos géire ar ghnóthaí oibre, gnó agus pearsanta na n-iarrthóirí. Cé a thógfadh, mar sin, ar dhaoine a bheith drogallach faoina n-ainm a chur chun cinn?

Mar sin féin, den chéad uair le ceithre bliana déag beidh deis ag na páirtithe polaitiúla seilbh a fháil ar an uachtaránacht agus ainm in airde a thabhairt dóibh féin. Más leo teacht i dtír ar na torthaí pobalbhreithe le gairid, caithfidh Sinn Féin iarrthóir a aimsiú a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal agus nach bhfuil ceangal acu leis na trioblóidí mar a bhí ag Martin McGuinness nuair a sheas sé féin. Beag beann ar a gcuid tacaíochta sna pobalbhreitheanna, d’éirigh go dona leis an bpáirtí sna toghcháin uachtaránachta le tamall anuas.

Tá béim go leor ar cé a bheidh ag seasamh d’Fhine Gael mar gheall ar an rath atá ar an bpáirtí ó dheireadh an chéid seo caite ach mar sin féin, níor éirigh leo riamh iarrthóir dá gcuid a thoghadh don Áras. Mairéad McGuinness agus Seán Kelly an bheirt is mó atá á lua faoi láthair agus cé gur iarrthóirí láidre a bheadh iontu tá tacaíocht an pháirtí lagaithe ó aimsir an olltoghcháin.

Iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil is minice a toghadh mar uachtarán ar Éirinn ó 1937 i leith agus ba bhreá leis an bpáirtí greim a fháil in athuair ar an Áras. Caithfidh siad iarrthóir a aimsiú nach mbeifear in ann siotaí a chaitheamh leis nó léi faoi oidhreacht an pháirtí – idir chúrsaí airgeadais agus íocaíochtaí – agus a mbeidh an pobal sásta a muinín a chur iontu. Cé go bhfuil cion ag go leor de chosmhuintir a pháirtí féin ar Bertie Ahern, tá go leor eile i measc an phobail nach mbeadh róthógtha leis nuair a mheabhrófaí a chuid gnóthaí conspóideacha airgeadais dóibh. Tá Mary Hanafin luaite le seachtain ach ní mór smaoineamh ar a laghad tacaíochta agus a fuair sí ón gceannaire ina cuid iarrachtaí filleadh ar an Dáil. Cén fáth an dtacóidís léi dul san Áras?

Iarrthóirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a bhí sa mbeirt uachtarán is mó a raibh tacaíocht an phobail acu – Mary Robinson agus Micheál D. Ó hUigínn. An bhfuil iarrthóir acu an babhta seo lena mbeadh an draíocht chéanna ag baint? Nó an dtiocfaidh páirtithe na heite clé le chéile le hiarrthóir a roghnú. Níl sé curtha as an áireamh go hiomlán ag an Seanadóir neamhspleách Frances Black agus tá sí ar dhuine a mheallfadh tacaíocht ó gach uile eite sa bpobal.

Nuair a fhillfidh an Dáil an tseachtain seo chugainn beidh intinn na bpáirtithe ag díriú de réir a chéile ar an toghchán seo – caithfidh siad a gcuid socruithe a bheith déanta acu bealach amháin nó bealach eile faoin am go scorann an Dáil i mí Iúil mar go mbeidh forlámhas ansin ag cúrsaí buiséid in intinn an rialtais agus an t-am ag éirí gann. Agus, ar ndóigh, cá bhfios go fóill cén t-ainm a thiocfadh faoinár mbráid le bheith ar an bpáipéar ballóide i mí Deireadh Fómhair?

Fág freagra ar 'Tá toghchán na huachtaránachta athraithe – ní hiontas an easpa suime'

  • Pádraig O'hEipicín

    Iarrthóir atá ar son na Beatha atá de díth ar Éireann. Dár liom ar aon nós.