Deir an Ceann Comhairle sa Dáil dheireanach Seán Ó Fearghaíl go bhfuil sé “riachtanach” go mbeadh Gaeilge ag an gcéad chathaoirleach eile ar an Dáil.
D’aontaigh an Leas-Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach, Catherine Connolly leis an tuairim sin. Dúirt sí gurb é an Ceann Comhairle “aghaidh na Dála” agus go raibh sé dochreidte go mbeifí ag smaoineamh ar dhuine gan Ghaeilge a chur sa phost.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Seán Ó Fearghaíl, a bhfuil a ainm curtha chun cinn aige do phost an cheann comhairle arís, go mbeadh sé “uafásach” mura mbeadh Gaeilge ag an té a thoghfar sa ról an tseachtain seo chugainn.
“Táim den tuairim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle mar is uathu siúd a thagann an cheannaireacht agus an spreagadh do na gnáthbhaill Gaeilge a labhairt.”
Dúirt Séan Ó Fearghaíl go mbeadh sé “uafásach” mura mbeadh Gaeilge ag an gceann comhairle agus dá dtiocfadh “aon laghdú” ar úsáid na Gaeilge sa Dáil. Ba chóir, a dúirt sé, go mbeadh “níos mó agus níos mó Gaeilge” le cloisteáil sa Dáil.
“Ba cheart go mbeadh an Dáil le feiscint agus tréaniarracht á déanamh aici an Ghaeilge a spreagadh, a láidriú agus a chur chun cinn.”
Dúirt an Leas-Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach, an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, gur cheart Gaeilge a bheith ag na daoine sa dá phost.
“Gan dabht, dúirt mé inniu é nuair a bhí mé ag caint faoi ghrúpa teicniúil atá eagraithe againn le go mbeadh ceart cainte againn sa Dáil. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an duine nó ar a laghad go mbeadh siad oscailte í a fhoghlaim.
“Is í ár dteanga oifigiúil í, agus is ról thar a bheith tábhachtach é ról an Cheann Comhairle. Is tú aghaidh na Dála agus ba chóir a bheith dátheangach. Bheinn buartha nach n-aithníonn daoine chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don ról agus go mbeadh an t-aitheantas ag an nGaeilge sa Dáil.”
Dúirt sí nach bhféadfaí glacadh leis “go mbeadh daoine ag smaoineamh fiú ar an ról gan an Ghaeilge a bheith curtha san áireamh”.
“Níl a fhios agam an bhfuil na daoine atá á lua leis an ról ag smaoineamh ar an nGaeilge ach ba chóir go mbeidís. Ní fhéadfaí duine a cheapadh gan Ghaeilge, bheadh sé dochreidte.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge chomh maith gur chóir Gaeilge a bheith ag an gCeann Comhairle.
“Tá sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an duine sa ról seo ar dhá chúis – mar gheall ar an ról an-tábhachtach atá aige nó aici i spreagadh agus stiúradh na díospóireachta sa Dáil.
“Chomh maith leis sin, is post an-sinsearach sa pholaitíocht atá ann agus bíonn plé ag an gceann comhairle mar chathaoirleach na Dála agus cathaoirleach Thithe an Oireachtais leis an bpobal agus tá sé tábhachtach go mbeadh sé nó sí ábalta an plé sin a dhéanamh as Gaeilge.”
Ní cainteoirí Gaeilge cuid de na daoine is mó atá á lua leis an bpost, ceann de na poist is sinsearaí sa pholaitíocht. An teachta neamhspleách Verona Murphy is mó a bhfuil caint fúithi le cúpla lá anuas ó d’fhógair an Grúpa Réigiúnach Teachtaí Dála Neamhspleácha gurb í atá ainmnithe acu don phost.
Dúirt an grúpa go raibh siad ag iarraidh tacaíocht Fhianna Fáil agus Fhine Gael d’ainmniúchán Murphy.
Is iad an Grúpa Réigiúnach Teachtaí Dála Neamhspleácha is dóichí faoi láthair a thacóidh le cur le chéile comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael.
Dé Céadaoin seo chugainn a bheidh vóta ann chun an chéad cheann comhairle eile a thoghadh nuair a thiocfaidh an Dáil nua le chéile den chéad uair.
Chuir foirne idirbheartaíochta tús oifigiúil an tseachtain seo leis na cainteanna faoi bhunú an chéad rialtais eile.
Theastódh beirt Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael agus Fianna Fáil, a bhfuil 86 Teachta acu eatarthu, le tromlach a bheith acu, ach 92 Teachta Dála ar a laghad a theastódh chun go mbeadh tromlach teann acu a sheasfadh aon tréigean nó laghdú.
An tseachtain seo chugainn a chuirfear tús leis na cainteanna oifigiúla idir na Teachtaí Dála neamhspleácha agus Fianna Fáil agus Fine Gael faoi bhunú rialtais.
Roimh thús na gcainteanna sin, d’achainigh an Teachta Dála neamhspleách as Tiobraid Árann, Michael Lowry, ar cheannairí Fhianna Fáil agus Fine Gael tacú le hainmniúchán Murphy, a bheadh ar an gcéad bhean riamh i bpost an Cheann Comhairle.
Naonúr Teachtaí Dála atá ag an nGrúpa Réigiúnach agus Gaeilgeoirí iad beirt acu, Carol Nolan agus Barry Heneghan.
Tá Seán Ó Fearghaíl ag lorg an tríú téarma mar cheann comhairle. Le linn a chéad dhá théarma bhí sé de cháil air gur thacaigh sé le labhairt na Gaeilge sa Dáil agus ba faoina stiúir chomh maith a bunaíodh ina choiste buan coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.
Dúirt Seán Ó Fearghaíl go raibh sé “an-bhródúil” as an méid a bhí déanta aige féin agus ag an leascheann comhairle sa Dáil dheireanach, Catherine Conolly, an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar, ar mhaithe leis an nGaeilge. Shocraigh sé féin Gaeilge a labhairt sa Dáil gach lá ach dhein Catherine Connolly “jab níos fearr” ná sin chun úsáid na Gaeilge a spreagadh.
Tá Gaeilge ag 40 den 174 Teachta Dála a bheidh sa chéad Dáil eile, 13 Teachta Dála a toghadh den chéad uair ina measc.
Ar na daoine eile ó Fhianna Fáil atá á lua leis an bpost tá John McGuinness, Michael Moynihan agus Brendan Smith. Ní cainteoirí líofa Gaeilge aon duine acu. Is cainteoir líofa as Gaeltacht Dhún na nGall Pat the Cope Gallagher atá ar dhuine de na daoine atá á lua le post an leascheann comhairle.
Fág freagra ar 'Tá sé ‘riachtanach’ go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle – Seán Ó Fearghaíl'