‘Tá sé mar a bheadh mion-Nollaig againn ann i mí Eanáir!’ – ‘féirín’ beag do lucht díolta leabhar Gaeilge é ‘Leabhra Feabhra’

Amárach, Lá Fhéile Bríde, an lá a mholann ‘Leabhra Feabhra’ leabhair Ghaeilge a bhronnadh ar chara, ach tá tionchar an traidisiúin nua seo tugtha faoi deara ag lucht díolta leabhar le roinnt seachtainí anuas

‘Tá sé mar a bheadh mion-Nollaig againn ann i mí Eanáir!’ – ‘féirín’ beag do lucht díolta leabhar Gaeilge é ‘Leabhra Feabhra’

Deir lucht díolta leabhar Gaeilge go bhfuil borradh faoi líon na leabhar atá á ndíol acu le tamall anuas a bhuí le ‘Leabhra Feabhra’.

Traidisiún nua é Leabhra Feabhra, atá ar bun le trí bliana anuas, faoina mbronntar leabhair Ghaeilge ar chairde Lá Fhéile Bríde.

Cuireadh tús le Leabhra Feabhra in 2015 nuair a chonacthas don ghrúpa ‘Na Gaeil i gCéin’, atá lonnaithe sa Bhruiséil, go bhféadfaí aithris a dhéanamh ar fhéilte eile san Eoraip chun na Gaeil a spreagadh leabhair Ghaeilge a léamh trí leabhar a thabhairt dá chéile mar bhronntanas Lá Fhéile Bríde.

Deir Caitlín Nic Íomhair, bainisteoir An Siopa Leabhar i gceannáras Chonradh na Gaeilge, go mbeifeá ag súil go mbeadh mí Eanáir “an-chiúin ar fad” idir an drochaimsir agus “daoine a bheith bánaithe i ndiaidh na Nollag” ach nach bhfuil rudaí chomh holc sin ó thús na bliana a bhuí le ‘Leabhra Feabhra’.

Caitlín Nic Íomhair, bainisteoir an Siopa Leabhar

“Tá custaiméirí ann nach bhfeiceann muid ó cheann ceann na bliana ach amháin ag an Nollaig, agus tagann siad ag súil le cúpla céad euro a chaitheamh. Thapaigh muid an deis agus í ann, agus muid ag ceapadh go dtabharfadh mí na Nollag slán muid ó Eanáir uafásach ciúin.

“Caithfidh mé a rá nach bhfuil sé i ndiaidh a bheith chomh holc sin ar chor ar bith – go háirithe le seachtain anuas, bíonn daoine istigh agus liosta acu de na daoine a bhfuil siad ag brath féirín a cheannacht dóibh.”

Deir Nic Íomhair gur cabhair iontach Leabhra Feabhra do shiopa beag neamhspleách nach acmhainn dó na sladmhargaí céanna a chur ar fáil agus a bhíonn ag siopaí ar nós Easons.

“Tá muid an-bhuíoch ar fad go mbíonn mar a bheadh mion-Nollaig againn ann i mí Eanáir,” a deir bainisteoir An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath.

Tá Lisa McDonagh, Bainisteoir Díolacháin Chló Iar-Chonnacht ar aon intinn le Caitlín Nic Íomhair gur tráthúil an nós é Leabhra Feabhra do lucht díolta leabhar Gaeilge. Deir Lisa McDonagh go bhfuil borradh le feiceáil ar líne agus i siopa nua Chló Iar-Chonnacht ar an Spideál.

“Tá, cinnte, díolachán suas roinnt ar líne agus níos mó daoine ag ceannacht sa siopa i mí Eanáir. Is leabhair do pháistí is mó atá ag díol faoi láthair agus sa réimse sin atá an méadú feicthe againn.”

Deir Caitlín Nic Íomhar gur leabhair do dhaoine óga is mó atá á gceannach mar fhéiríní Lá Fhéile Bríde agus go bhfuil “achan saghas” á gceannach.

“Tá béim ar leabhair do pháistí mar is iondúil ach bíonn daoine fásta ag malartú leabhar le cairde fosta. Bímse féin,” a deir bainisteoir an Siopa Leabhar i Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.