Tá sé in am an ‘fíorscéal’ faoin gcóras pleanála teanga a insint – tá sé ‘míréadúil’ agus tá gá le ‘clár oibre nua’

Deir sochtheangeolaí agus sainchomhairleoir pleanála teanga go bhfuil togra na pleanála teanga ‘go hiomlán míréadúil ar a lán leibhéal’ agus nach bhfuil ‘comhordú’ ceart á dhéanamh air

Tá sé in am an ‘fíorscéal’ faoin gcóras pleanála teanga a insint – tá sé ‘míréadúil’ agus tá gá le ‘clár oibre nua’

Dónall P Ó Baoill

Ba chóir an córas pleanála teanga mar atá a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua, a dúradh ag comhdháil faoin bpleanáil teanga atá ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

Dúirt an sochtheangeolaí agus an sainchomhairleoir pleanála teanga, an tOllamh Emeritus Dónall P Ó Baoill go bhfuil sé in am féachaint go fuarchúiseach ar obair na pleanála teanga sa tír seo “agus an fíorscéal a ríomh”.

D’eagraigh Foras na Gaeilge an chomhdháil dhá lá i bPáirc an Chrócaigh le “cloch mhíle” deich mbliana na pleanála teanga a cheiliúradh agus le “anailís a dhéanamh ar staid reatha” an chórais laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Mhaígh Ó Baoill go bhfuil togra na pleanála teanga, a cuireadh ar bun faoi Acht na Gaeltachta 2012, “go hiomlán míréadúil ar a lán leibhéal” agus nach bhfuil “comhordú ná comhoiriúnú fiúntach déanta ar obair na pleanála teanga”.

Fuair Ó Baoill lochtanna go leor ar “lucht údaráis agus polaitíochta” agus ar a gcur chuige i leith na pleanála teanga agus mhaígh sé gur “cinneadh polaitíochta” a bhí sa togra le “cur i gcéill” go raibh mórghluaiseacht ar siúl leis an Ghaeilge a shábháil mar theanga chumarsáide agus úsáide.

“Ní léir dom ach an oiread go ndearnadh réamhchostasú ar an daonchumhacht ná ar na tacaíochtaí riachtanacha a bheadh i gceist sa dóigh go mbeadh bláth agus rath ar na hiarrachtaí pleanála agus taighde.

“Tá an chuma air gur socraíodh nach gcaithfí ach costas teoranta, go háirithe ar cheapadh Oifigigh Pleanála Teanga…níl na scálaí pá rótharraingteach i gcomparáid leis an ualach oibre atá leagtha síos do na fostaithe, chomh maith leis na cáilíochtaí eile atá riachtanach don phost,” a dúirt sé.

Bhí lámh mhór ag Ó Baoill i bhforbairt theoiric na pleanála teanga in Éirinn agus é ina ollamh in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Fuair sé locht ar chuspóirí na pleanála teanga, ar an leibhéal tacaíochta atá ar fáil don phleanáil teanga agus ar leibhéal na hoiliúna agus na traenála atá ar an bhfoireann atá freagrach as pleananna a chur i bhfeidhm. Mhaígh sé freisin sé nach bhfuil monatóireacht – “atá riachtanach leis an dul chun cinn a thomhas” – á déanamh mar is ceart ar an gcóras.

“Mura mbíonn monatóireacht leanúnach ar siúl agus na páirtithe leasmhara uilig gníomhach ag tabhairt breithiúnais ar chur i bhfeidhm agus ar bhaint amach na gcuspóirí a bhíonn leagtha síos, is doiligh a bheith ag fanacht ar aon réiteach cóir ar na deacrachtaí uilig a leanann d’obair na pleanála teanga,” a dúirt Ó Baoill.

Chuir sé i leith na n-údarás a chuir togra na pleanála teanga ar bun deich mbliana ó shin “nach ndearnadh go leor smaointeoireachta agus machnaimh ar na huirlisí praiticiúla” a bhaineann le cur i bhfeidhm pleananna teanga.

“Is sa chur i bhfeidhm a thig an triail i gceart ar obair na pleanála teanga, chan amháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain, áit a mbíonn mionteanga agus mórtheanga ag coimhlint le chéile – coimhlint cumhachta agus measa go minic,” a dúirt sé ina eochairchaint ag an gcomhdháil.

Dúirt sé go mbíonn eagraíochtaí éagsúla “ag teacht trasna ar a chéile gan comhordú eatarthu” agus go gcuireann sé sin bac ar obair na n-oifigeach pleanála teanga – go háirithe i gcás na pleanála oideachais agus oideachas réamhscoile sa Ghaeltacht.

Mhol sé do na páirtithe leasmhara “tarraingt le chéile” go bhfeicfidh an pobal go bhfuil “dáiríreacht agus críochnúlacht” ag baint leis an bpleanáil teanga agus mhol sé “thar aon ní eile” go ndéanfaí monatóireacht leanúnach ar “gach uile ghné den obair” le go mbeifí in ann toradh na hoibre “a mheas in am agus i dtráth”.

‘Clár Úr Oibre’ atá molta ag an Ollamh Emeritus le freastal ar “na heasnaimh agus ar na héilimh atá á nochtadh féin gach uile lá do shaighdiúirí coise na pleanála teanga” agus deir go bhfuil gá le comhar idir lucht na pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta, agus sna líonraí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar chuid den chlár nua oibre seo, molann Ó Baoill “taighdelann mhór” a bhunú sa Ghaeltacht ina ndéanfaí “an “bhunobair riachtanach” ó thaobh an taighde, na monatóireachta agus na hanailíse ar staid na Gaeltachta. Bheadh taighdelann oideachas mar chuid den eagras nua taighde.

“Dhéanfadh an Taighdelann Oideachais Gaeltachta freastal go hiomlán ar an Ghaeltacht agus ar an Ghaeloideachas taobh amuigh den Ghaeltacht. Cé nach iad na deacrachtaí céanna go díreach a bhíonn i gcónaí ag an dá dhream, bíonn cosúlachtaí go leor idir na gnéithe d’fhoghlaim teanga a bhíonn ag cur as dóibh agus le réiteach,” a dúirt sé.

Mhaígh sé gur “gan aird ar bith” ar stádas na Gaeilge sna ceantair éagsúla a roinneadh an Ghaeltacht ina 26 cuid [CPT] agus gur fhág an méid sin “obair chéasta chigilteach” ag lucht scríofa pleananna teanga.

“Bhí na pleananna a ullmhaíodh uaillmhianach ó thús mar gur creideadh go mbeadh an tacaíocht riachtanach ar fáil dóibh ach faraor is fada ón chneá an ceirín, dar liom. Rinne lucht scríofa pleananna aithris ar a chéile – rud nach locht orthu – ach anois is róchosúil le chéile na pleananna ó cheantar go ceantar, ach tá na ceantair chomh héagsúil óna chéile,” a dúirt sé.

Thagair sé do láidreacht na Gaeilge labhartha i gceantair dhifriúla Ghaeltachta agus do na hinstitiúidí teanga agus cultúir atá lonnaithe iontu. Luaigh sé an t-infreastruchtúr “riachtanach” atá de dhíth le go mbeadh rath ar obair na pleanála teanga agus a éagsúil is atá an caighdeán ó cheantar go ceantar.

“Tá géarghá gluaiseacht chomhaontaithe úrnua a bhunú sna ceantair Ghaeltachta faoi aon bhrat amháin a tharraingeoidh le chéile daoine aonair, dreamanna éagsúla, cumainn agus gluaiseachtaí den uile chineál atá ag obair cheana féin ag cur na teanga, an chultúir, traidisiúin ar leith agus gnéithe go leor eile de shaíocht, agus de thírdhreach na gceantar Gaeltachta chun cinn,” a dúirt Dónall P Ó Baoill.

Fág freagra ar 'Tá sé in am an ‘fíorscéal’ faoin gcóras pleanála teanga a insint – tá sé ‘míréadúil’ agus tá gá le ‘clár oibre nua’'

  • Proinsias

    “Tá géarghá gluaiseacht chomhaontaithe úrnua a bhunú sna ceantair Ghaeltachta….”

    An brúghrúpa neamhspleách nach bhfuil ag braith ar deontais Stáit atá i gceist agata Dhónail P Ó Baoil?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá mé go fóill den tuairim go bhfuil dlíthe a dhith leis an ghaeilg a chaomhnú sa ghaeltacht agus leoga, ar fud na tíre. Tá earnáil an ghnó ag tabhairt an dá mhéar don ghaeilg, iad ag feidhmiú faoi chóras shasain ó bunaíodh an stáit, iad cláraithe faoi ainmneacha béarla agus níos mó dílseacht acu don mhaoin ná don teangaidh dúchais. Ach an athróidh meon na ndaoine chun sochar na gaeilge nó an bhfuil sé rómhall…?