Tá sé beagnach dodhéanta ag eachtrannaigh daonlathas CLG a thuiscint

Timpeall an domhain is gnó tráchtála cuisle an spóirt anois i mórán chuile chás – ní hiontas go mbeadh deacracht ag an Meiriceánach CLG a thuiscint

Tá sé beagnach dodhéanta ag eachtrannaigh daonlathas CLG a thuiscint

Tá sé ionann agus a bheith dodhéanta ag duine a rugadh agus a tógadh taobh amuigh den tír seo meabhair a fháil ar an mbunús atá le Cumann Lúthchleas Gael. Is é an bealach a bhfuil sé préamhaithe agus neadaithe go smior i dtromlach phobal na tíre is deacra leo a thuiscint.

Meiriceánaigh is mó a chuireann sé le báiní. Agus lá oibre nó staidéir déanta acu, cén fáth ó thalamh an domhain a mbeadh fear nó bean óg ar bith sásta dhá uair an chloig traenála a dhéanamh ar mhaithe le cluiche nach mbeidh ag freastal air ach cúpla scór duine.

Níos measa fós ar ndóigh a mhíniú dóibh nach bhfuil aon tuarastal ag dul do phlúr na n-imreoirí a ngineann a gcuid gaiscí timpeall €90 milliún sa mbliain don mháthair-eagraíocht.

Ní hé gur dúr atá siad ná tada mar é.

Níl ann ach gur fada óna chéile cultúr an spóirt ardleibhéil a dtíortha siúd agus an cultúr a bhaineann le CLG – chomh fada sin agus gur túisce a bhainfeadh siad brí as Cré na Cille sa teanga inar scríobhadh é ná a thuigfeadh siad an chaoi a dtéann ár gcluichí féin go smior ionainn.

Tá sé intuigthe gur mar sin a bheadh.

Timpeall an domhain is gnó tráchtála cuisle an spóirt anois i mórán chuile chás.

Fágann sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta ag eachtrannaigh an daonlathas a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael a chreidiúint. Bíonn a gcuid béal ar leathadh nuair a insím scéal Tommy Kenoy dóibh.

Ó thús ama nach mór, bhí riail ag CLG a chuir cosc ar imirt cluichí nach mba chluichí Gaelacha iad ar pháirceanna an chumainn. Le teacht na Mílaoise bhí daoine san eagraíocht a chreid go raibh sé in am sin a athrú agus bhí Kenoy ar dhuine acu sin.

Oíche i dtús na bliana 2001 agus cruinniú de chuid a chumainn (Cill Mhór) ar leic na tairsí, shuigh Tommy Kenoy síos ag bord na cistine ina theach in oirthuaisceart Ros Comáin. Tharraing sé píosa páipéir agus peann chuige féin agus chuir rún le chéile a thiocfadh faoi bhráid an chruinnithe sin – ceann a d’éiligh go gcuirfí Páirc an Chrócaigh ar fáil do chluichí rugbaí agus sacair.

Scoth cainteora is ea Tommy agus ní hamháin gur ghlac a chumann leis an rún ach vótáil móramh de na teachtaí ar a shon go gairid ina dhiaidh sin agus é ar chlár chruinniú bliantúil an chontae. Ag an tráth seo ba chóir a mhíniú go raibh gá le móramh dhá dtrian lena leithéid d’athrú a dhéanamh.

Theastaigh a leithéid freisin ag Comhdháil Bhliantúil CLG dá mbeadh an t-athrú rialach le cur i bhfeidhm i mbunreacht an chumainn.

B’ansiúd a baineadh an chéad tuisle as Tommy agus astu siúd a d’aontaigh leis. Bhí contaetha an Tuaiscirt go láidir ina choinne. Fós níor buadh air ach leis an aon vóta amháin.

Buille níos measa a tháinig an bhliain dár gcionn agus an tacaíocht a fuair an rún laghdaithe go mór. In 2002 rialaíodh é a bheith as ord agus in 2003 agus 2004 níor chuir Coiste na Rún ar an gclár é beag ná mór.

Fós níor chaill Kenoy ná lucht a thacaíochta misneach.

Ansin malairt ratha. I dtús báire, cheal airgid, chaith an rialtas i dtraipisí plean a bhí acu Staid Náisiúnta ollmhór a thógáil i mBaile an Aba agus shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann cóir a chur ar a bpáirc ar Bhóthar Lansdúin – d’iarr siad cead ar CLG na cluichí idirnáisiúnta a imirt ar Pháirc an Chrócaigh.

Faoi dheireadh thiar thall, ar an 16 Aibreán 2005, vótáil tromlach teachtaí CLG (227-97) go gcuirfí athrú ar an riail nach mbeadh cead sacar ná rugbaí a imirt ar an bpáirc a bhí le feiceáil acu amach trí na fuinneoga ar Bhóthar Mhic Seoin.

Ní tógtha ar Mheiriceánaigh go háirid deacracht a bheith acu an córas sin a thuiscint. Ina dtír siúd tá forlámhas iomlán ag úinéirí na bhfoirne spóirt ar a gcuid eagraíochtaí stiúrtha. Níos minice ná a chéile is leo freisin na staideanna ina n-imrítear na cluichí.

Dé Domhnaigh seo chugainn imreofar Super Bowl LVII i Glendale Arizona. Na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles a thabharfas aghaidh ar a chéile. Nuair a bheas an imirt déanta is ar úinéir na mbuaiteoirí a bhronnfar an trófaí – ní ar aon imreoir.

Buíon uilechumhachtach is ea an grúpa 32 úinéir seo. Tá de chumhacht acu a gcuid foirne a aistriú go cathair éicint eile ach an tairiscint cheart a fháil ó údarás na cathrach sin.

Ach dhá dtrian díobh a bheith ar a shon, tá siad in ann iallach a chur ar úinéir a ghnólacht a dhíol. Bíonn lámh acu in aistriú imreoirí agus ina dtuarastail.

Is ionann scéal nach mór ag foirne Cispheile an NBA (cispheil), an NHL (haca oighir) agus an MLB (daorchluiche).

Is mór idir iad agus cúlchistin Tommy Kenoy ar an gCill Mhór.

Spóirt mar sin féin iad. Díreach nach ionann dóibh.

Fág freagra ar 'Tá sé beagnach dodhéanta ag eachtrannaigh daonlathas CLG a thuiscint'