Tá mé céasta ag radharcanna gnéis

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Bíonn blas ar an mbeagán’ an chomhairle a thugtar do scríbhneoirí maidir le heachtraí leapa a gcuid carachtar, ach ní bhíonn blas ar bith ar bhéile nach mbíonn an beagán féin ann

Tá mé céasta ag radharcanna gnéis

Tosaímis 2020 le hábhar spreagúil: radharcanna gnéis. Bhí an scríbhneoir seo céasta acu le linn shaoire na Nollag. 

Éacht ann féin a bhí sa mhéid sin, óir ní luíonn an bheirt phríomhcharachtar san úrscéal atá idir lámha agam lena chéile ar chor ar bith. Ach tagann siad sách gar dó níos mó ná uair amháin – is é an teannas sin breosla an phlota. Radharcanna réamhshúgartha, mar sin, ba chirte dom a thabhairt ar na míreanna a bhí do mo chur soir ó chuala léitheoirí Tuairisc.ie uaim go deireanach.

‘Bíonn blas ar an mbeagán’ an chomhairle a thugtar do scríbhneoirí go hiondúil maidir le radharcanna gnéis.

Ach mar is eol do chócaire ar bith, ní bhíonn blas ar bith ar bhéile nach mbíonn an beagán féin ann. An scríbhneoir a sheachnaíonn an chollaíocht, bheadh sé chomh maith aige leabhair do pháistí a scríobh. Rud ar bith i gcoinne litríocht do pháistí, ach sin í an t-aon áit nár chóir cúrsaí collaíochta a bheith faoi chaibidil. An chuid eile againn, daoine fásta is ea muid agus bímid ag súil ó am go chéile, mar a deireadh fear a mbínn ag roinnt tí leis fadó agus a labhraíodh Béarla liom, le ‘a bit of sauce’.

Ach cá mhéad den ‘anlann’ sin ba cheart do scríbhneoir a dháileadh ar a chuid léitheoirí? Sin í an cheist a bhí do mo chéasadh le linn shaoire na Nollag. Úrscéal dáiríre faoi naircisíocht agus faoi dhrochíde shíceolaíoch atá idir lámha agam; an rud deireanach a theastódh uaim ná go mbeadh cuma phornagrafaíoch ar an saothar. Ach na radharcanna réamhshúgartha seo, bhuel… bhí siad spreagúil, agus dá bharr sin bhí sé deacair eagarthóireacht a dhéanamh orthu go hoibiachtúil; cás ar leith de ‘kill your darlings’. 

Mórchuid na míreanna a bhí ag tabhairt trioblóide dom a mhaolú ach luí isteach go tréan ar an gcur síos ar an gcollaíocht i radharc lárnach amháin an réiteach a fuair mé ar an gceist sa deireadh. 

Ar oibrigh an tseift? 

Ní bheidh a fhios agam go dtí go léifidh mé an dréacht seo ina iomláine: ní hionann agus béile a chuirfí os do chomhair agus a bhféadfá blaiseadh beag a chur i do bhéal, bíonn ort píosa scríbhneoireachta a léamh ó thús go deireadh sula bhféadfaidh tú a rá an raibh dóthain ‘anlainn’ air.

Fág freagra ar 'Tá mé céasta ag radharcanna gnéis'