Tá mé buíoch de léitheoirí Gaeilge Cheatharlach mar bíonn géarghá ag scríbhneoirí le plámás!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: más léitheoir thú agus má thaitin leabhar éigin leat go mór, ná bíodh drogall ort fan mail a chur chuig an údar!

Tá mé buíoch de léitheoirí Gaeilge Cheatharlach mar bíonn géarghá ag scríbhneoirí le plámás!

Ceann de na difríochtaí is mó, dar liom, idir saol an iriseora agus saol an scríbhneora chruthaithigh ná go bhfaigheann an scríbhneoir cruthaitheach litreacha óna lucht leanúna.

Chuile sheans go molfaí tuairisc iriseora go hard na spéire ar na meáin shóisialta, nó go ndéanfaí colún den scoth a roinnt na mílte uair – ach drochsheans go dtógfadh léitheoirí grianghraif díobh féin agus alt iriseora á léamh acu agus go gcuirfidís na féiníní sin chuig an údar. 

Ach sin é go díreach a tharlaíonn i gcás an scríbhneora chruthaithigh. Ní chuile lá, ná go deimhin chuile sheachtain. Ach tarlaíonn sé níos minice ná mar a bheifí ag súil leis. Agus i gcónaí ag an nóiméad ceart.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an chéad teachtaireacht tacaíochta den chineál sin a cuireadh chugam. Grianghraf de chiorcal léitheoireachta as Ceatharlach a bhí ann, cóip de mo chéad leabhar, Favela, á coinneáil in airde ag seachtar nó ochtar léitheoirí agus straois mhór ar chuile dhuine acu. 

Bhí cúis ar leith ann go ndeachaigh an pictiúr sin i bhfeidhm orm chomh mór sin. Ní raibh mé i gCeatharlach riamh. Ní raibh aithne agam ar oiread agus duine sa ghrianghraf. Fianaise a bhí sa phictiúr sin den draíocht is mó a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach, dar liom: pléisiúr a thabhairt do dhaoine anaithnide in áiteanna i bhfad i gcéin.

Tharla go raibh mé ag streachailt leis an dara leabhar agam, Aiséirí, nuair a leaindeáil an grianghraf sin as Ceatharlach i mo bhosca isteach. Ní cuimhin liom go díreach cén chuid den úrscéal sin a bhí ag tabhairt trioblóide dom ag an am, ach is cuimhin liom gur thug na léitheoirí anaithnide, gealgháireacha sa phictiúr ugach dom nuair a bhí sé sin ag teastáil uaim go mór.

Is iomaí teachtaireacht den chineál sin atá faighte agam ó shin, ó áiteanna éagsúla in Éirinn agus ó áiteanna ar fud an domhain.

Cúpla seachtain ó shin, fuair mé an chéad teachtaireacht ó léitheoir maidir le m’aistriúchán go hÍsiltíris de mhórshaothar an Chadhnaigh, Cré na Cille, a foilsíodh bliain ó shin, nach mór. Is beag aiseolas a fuair mé faoin aistriúchán sin ó shin agus dá bharr sin ba ea ba mhó a chuaigh an nóta seo thíos i bhfeidhm orm:

‘A dhuine uasail,

Níl ann ach gur theastaigh uaim buíochas a ghabháil leat as aistriúchán álainn a chur ar fáil de Cré na Cille. Bhain mé an-sult as an leabhar le cúpla lá anuas agus mé ar saoire i dteachín beag tuaithe ar bhruacha Loch na Fuaiche. Chuir sé seo fonn tuilleadh léitheoireachta orm: tá sé de rún agam níos mó saothar a aistríodh ón nGaeilge a léamh amach anseo. Go raibh maith agat as an dúil sin a spreagadh!

Beannachtaí, – ’

Agus an lá cheana, fuair mé pictiúr ó sheanchara de mo chuid in Éirinn agus mo leabhar grianghrafadóireachta faoin mBrasaíl, Splancanna ó shaol eile, á léamh ag duine dá hiníonacha. Arís eile, tháinig an pictiúr sin ag an nóiméad ceart. Bhí mé ag luí isteach ar obair na scríbhneoireachta arís tar éis bhriseadh chúig seachtaine agus bhí spreagadh ag teastáil uaim.

Más léitheoir thú agus má thaitin leabhar éigin leat, ná bíodh drogall ort teachtaireacht a chur chuig an údar. Chuile sheans go ndéarfaidís a mhalairt, ach bíonn géarghá ag scríbhneoirí le plámás!

Fág freagra ar 'Tá mé buíoch de léitheoirí Gaeilge Cheatharlach mar bíonn géarghá ag scríbhneoirí le plámás!'

  • Sylvia Bledow

    Bíonn, gan amhras! Nó, abraimis, bíonn gá ag scríbhneoirí le haiseolas ar bith! Ní bhfuair mise ach beagáinín aiseolais maidir leis an dá leabhar de mo chuid a foilsíodh, ach thug a fuair mé misneach as cuimse dom. Anois agus mé ag léamh leabhair a thaitníonn go mór liom déanaim iarracht teagmháil a dhéanamh leis an scríbhneoir, is cuma cén teanga atá i gceist.