‘Tá mé ag súil go dtiocfaidh ciall chug daoine mór le rá’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2026 leis an scríbhneoir Éamonn Ó Loingsigh ar foilsíodh a chnuasach nua gearrscéalta do dhéagóirí Evan agus Emily agus Scéalta Eile anuraidh

‘Tá mé ag súil go dtiocfaidh ciall chug daoine mór le rá’

An bhfuil aon rún agat do 2026?

An rún atá agam ná níos mó ama a chaitheamh ag scríobh agus ag taisteal ar an gcóras iompar poiblí.

Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026? 

An rud is mó atáim ag súil leis sa mbliain 2026 ná go dtiocfaidh ciall chuig daoine mór le rá ar an stáitse domhanda agus go dtuigfidh siad go bhfuil síocháin níos tábhachtaí ná cogaíocht lá ar bith.  Freisin, ar leibhéal pearsanta ba bhreá liom go ndéanfadh mo chlub áitiúil, An Turlach Mór, go maith san iománaíocht agus sa chamógaíocht an bhliain seo chugainn.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2026?

An rud is mó nach bhfuil mé ag súil leis an chéad bhliain eile ná tuilleadh tuilte agus tinte móra mar gheall ar an athrú aeráide.

Céard é an t-imeacht nó ócáid is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2026?

An ócáid is mó atáim ag súil leis sa mbliain 2026 ná dul ar laethanta saoire go dtí áit dheas, thaitneamhach.

Cén t-údar dóchais is mó atá agat don bhliain 2026?

An t-údar dóchais is mór atá agam ná go ndéanfaidh an Roinn Oideachais iarracht mhór an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealaí a bheadh tarraingteach agus suimiúil do dhaltaí scoile agus go mbeadh fonn orthu í a fhoghlaim agus a labhairt.

Céard é an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach in 2026?

An rud is mó gur mhaith liom féin a bhaint amach ná a bheith aclaí agus folláin.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2026, céard é a d’athrófá?

An rud is mó gur mhaith liom a athrú faoi shaol na hÉireann in 2026 ná go mbeadh níos lú timpistí ar ár mbóithre.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag súil go dtiocfaidh ciall chug daoine mór le rá’'